Coinníoll Gnáthchónaithe - SW 108


Print page

Ceart chun Cónaí

Leagtar amach an Coinníoll um Cheart chun Cónaí in Alt 246(5) den Acht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú) 2005 (mar a leasaíodh).

Forálann sé seo nach measfaí duine nach bhfuil an ceart aige nó aici chun cónaí i bPoblacht na hÉireann mar dhuine ar a bhfuil gnáthchónaí i bPoblacht na hÉireann.

Cé aige a bhfuil an ceart chun cónaí?

Leagtar amach i bhFo-alt (6) liosta daoine a mheasfar ina ndaoine ag a mbeidh ceart chun cónaí.

Áirítear leo seo:

  1. Tá ceart chun cónaí in Éirinn ag náisiúnaigh na hÉireann.
  2. Thairis sin, tá ceart chun cónaí anseo faoin gComhaontú umComhlimistéar Taistil ag náisiúnaigh na Ríochta Aontaithe a thagann isteach ón gComhlimistéar Taistil.
  3. Tá ceart chun cónaí ag náisiúnaigh an LEE a fhostaítear nó atá féinfhostaithe in Éirinn.
  4. Neamhnáisiúnaigh an LEE ag a bhfuil cead cónaitheachta nó oibre chun cónaí agus obair go dlíthiúil sa Stát.

I gcoitinne, déanfar fianaise le cead cónaithe trí stampa cuí inimirce i bpas an duine, litir údarúcháin nó Deimhniú Clárúcháin arna eisiúint ag Biúró Náisiúnta an Gharda Síochána um Inimirce, is é sin cárta GNIB.

Féach an Treoirlíne ar an gCoinníoll Gnáthchónaithe ar www.welfare.ie chun a thuilleadh sonraí a fháil nó téigh go díreach chuig Caibidil 5 de na Treoirlínte ar an gCoinníoll Gnáthchónaithe:

http://www.welfare.ie/en/Pages/Habitual-Residence-Condition--Guidelines-for-Deciding-Offic.aspx

Príomhionad Sainleasa

Sonraíonn dlí na hÉireann agus na hEorpa na cúig thoisc seo a leanas lena mbreithniú nuair a chinntear cibé acu atá nó nach bhfuil gnáthchónaí ort:

  • Do phríomhionad sainleasa, i bhfianaise fíricí mar:
    — cibé acu atá nó nach bhfuil baile cónaithe á shealbhú nó á léasú agat anseo,
    — an áit a gcónaíonn do dhlúthmhuintir,
    — cibé acu atá nó nach bhfuil tú i do bhall de chumainn shóisialta nó de chumainn ghairmiúla anseo, agus,
    and
    — aon fhianaise eile nó aon ghníomhaíocht eile a chuireann conaí socraithe in Éirinn in iúl.
  • Fad agus leanúnachas do chónaithe in Éirinn.
  • Fad agus cuspóir aon asláithreachta ó Éirinn. Mar shampla, is ceadmhach duit am a chaitheamh ar shaoire ghairid, ag staidéar nó ag taisteal agus fós a bheith á mheas mar dhuine ar a bhfuil gnáthchónaí anseo.
  • Cineál agus patrún d’fhostaíochta, más ann di..
  • An rún atá agat ó thaobh a bheith i do chónaí amach anseo i bPoblacht na hÉireann mar a dhealraíonn sé ó na dálaí go léir.

Breithneoimid na cúig thoisc ar chomhchéim le chéile nuair a bheidh cinneadh á dhéanamh againn. Is ar fhíricí do cháis a bhraitheann an fhianaise a úsáidimid i dtaca le gach toisc.

Last modified:19/05/2015