

Gheobhaidh tú d’íocaíocht leasa shóisialaigh go ceann 2 bhliain
(agus cibé méaduithe do dhuine fásta cáilithe agus do leanaí
cáilithe san áireamh) mar a leanas:
- 100% de d’íocaíocht sheachtainiúil leasa shóisialaigh sa chéad bhliain agus
- 75% sa dara bliain.
Sampla:
Má bhí íocaíocht Chuardaitheora Poist 193.00 sa
tseachtain á fáil agat, gheobhaidh tú an íocaíocht
sheachtainiúil seo a leanas le linn duit a bheith ar
Liúntas Fiontraíochta um Fhilleadh ar Obair:
Year 1: €193.00
Year 2: €144.75
Féadfaidh tú cáiliú freisin do ‘shochair thánaisteacha’ áirithe, a liostaítear thíos.
Cuimsíonn sochair thánaisteacha ón Roinn Coimirce Sóisialaí:
- Liúntas Breosla
- Liúntas Éadaí agus Coisbhirt um Fhilleadh ar Scoil
- Forlíonadh Cíosa agus Úis Mhorgáiste (féach an nóta thios)
- Forlíonadh Aiste Bia
Cuimsíonn sochair thánaisteacha ó Fheidhmeanneacht na Seirbhíse Sláinte:
Cuimsíonn sochair thánaisteacha ó d’údarás áitiúil:
Chun a thuilleadh eolais a fháil, logáil isteach ar www.welfare.ie
Sochair Bhreise:
Féadfaidh rannpháirtithe sa scéim cibé sochair thánaisteachta
a bhí á bhfáil acu roimhe seo, amhail Liúntas Breosla agus
Cárta Leighis, a choimeád ar chuntar go gcomhlíonann siad
tástáil acmhainne.
Liúntas Éadaí agus Coisbhirt um Fhilleadh ar Scoil, Forlíonadh
Aiste Bia, Forlíonadh Cíosa nó Forlíonadh Úis Mhorgáiste faoin
Scéim um Liúntas Leasa Forlíontach.
Féadfaidh tú do shochair thánaisteachta, amhail Forlíonadh
Cíosa nó Forlíonadh Úis Mhorgáiste, a choimeád i ndálaí
áirithe.
Má fhaigheann tú Forlíonadh Cíosa nó Forlíonadh Úis
Mhorgáiste, is cóir duit teagmháil a dhéanamh leis an
Oifigeach a phléann le d’éileamh chun gur féidir do
theidlíochtaí a shoiléiriú.
Tabhair faoi deara
Níl ort cáin ná ÁSPC a íoc ar an Liúntas Fiontraíochta
um Fhilleadh ar Obair, ach is féidir go mbeidh ort cáin
agus ÁSPC a íoc ar an ioncam ón bhféinfhostaíocht.
Chun a thuilleadh eolais a fháil, logáil isteach ar 'www.welfare.ie'.
Ranníocaíochtaí Saorálacha
Mura ngearrtar ÁSPC ar d’ioncam ón bhféinfhostaíocht,
féadfaidh sé dul chun tairbhe duit Ranníocaíochtaí
Saorálacha a íoc chun do theidlíocht ar shochair leasa
shóisialaigh áirithe sa todhchaí a chosaint.
Chun a thuilleadh eolais a fháil, logáil isteach ar 'www.welfare.ie'.