Réamhrá
Is scéim í an Scéim um Sochar Cóireála a reáchtálann an Roinn
Coimirce Sóisialaí agus a chuireann seirbhísí fiaclóireachta, súl agus
cluas ar fáil do dhaoine incháilithe.
Tá an Scéim um Sochar Cóireála ar fáil d'oibrithe a bhfuil árachas acu
agus do dhaoine atá ar scor agus a bhfuil an líon ceart ranníocaíochtaí
ÁSPC acu.
Tá sealbhóirí
cártaí leighis go dleathach i dteideal seirbhísí
fiaclóireachta, oftalmacha
agus seirbhísí
cluas a fháil ó Fheidhmeannacht na
Seirbhíse Sláinte (FSS) ach, i ndáiríre, bíonn éagsúil san bhfáil a
bhíonn ar na seirbhísí sin ó limistéar go limistéar.
Faoin Scéim um Sochar Cóireála, is féidir leat a bheith incháilithe le
haghaidh:
- Sochar fiaclóireachta
- Sochar súl
- Áiseanna éisteachta
Sochar Cóireála san AE
Sa chás go roghnaíonn tú cóireáil a bheith agat i mballstát eile de
chuid an AE, íocfaidh an Roinn suim comhionann leis an ráta a íocadh le
haghaidh cóireálacha comhchosúla a rinneadh in Éirinn nó, an suim díreach
a íocadh ar an gcóireáil - cibé acu is ísle. Caithfidh
na ranníocaíochtaí ÁSPC incháilithe a bheith agat fós.
Sula dtaistileoidh tú téigh i dteagmháil leis an Rannóg Sochar
Cóireála chun foirm iarratas agus sonraí an méid a bheith íoctha ag an
Roinn a fháil.
Rialacha
Coinníollacha ranníocaíochta
Ní mór duit ranníocaíochtaí árachais shóisialta Aicme A, E, P, H nó
S a bheith íoctha agat.
Braitheann an méid árachais shóisialaigh atá ag teastáil uait ar
d'aois.
(1) Faoi 21 bliain d'aois
Má tá tú faoi 21 bliain d'aois, féadfaidh tú cáiliú má tá ar a
laghad 39 ranníocaíocht íoctha agat ag aon tráth.
(2) Idir 21-24 bliain d'aois
Féadfaidh tú cáiliú idir na haoiseanna sin má tá ar a laghad 39
ranníocaíocht íoctha agat agus
- Ar a laghad 39 íoctha nó curtha chun sochair agat sa bhliain ranníoca
atá i réim (i gcás éilimh a rinneadh i 2018, is í 2016 an bhliain
ranníoca atá i réim)agus 13 ranníocaíocht íoctha i mbliain ranníoca
le déanaí, nó
- 26 ranníocaíocht íoctha i ngach ceann den dara agus den tríú bliain
deiridh ranníocaíochta. Le haghaidh éilimh déanta i 2018, is í 2016 an
dara bliain ranníocaíochta deiridh agus is í 2015 an tríú bliain
ranníocaíochta deiridh.
(3) Idir 25-65 bliain d'aois
Ó 25 bliain d'aois ar aghaidh, ní mór duit ar a laghad 260
ranníocaíocht íoctha a bheith agat agus
- Ar a laghad 39 íoctha nó curtha chun sochair sa bhliain ranníoca atá
i réim agus 13 ranníocaíocht íoctha i mbliain ranníoca le déanaí,
nó
- 26 ranníocaíocht íoctha i ngach ceann den dara agus den tríú bliain
deiridh ranníocaíochta. Le haghaidh éilimh déanta i 2018, is í 2016 an
dara bliain ranníocaíochta deiridh agus is í 2015 an tríú bliain
ranníocaíochta deiridh.
(4) 66+ bliain d'aois
Tá rialacha speisialta ann do dhaoine atá 66 bliain d'aois agus os a
chionn. Go bunúsach, caithfidh 260 ranníocaíocht a bheith íoctha agat ag
aon tráth; ní mór duit 39 a bheith íoctha agat nó curtha chun sochair in
aon cheann den dá bhliain ranníoca sula mbíonn tú 66 bliain d'aois agus 13
ranníocaíocht íoctha i mbliain ranníocaíochta le déanaí (gairid i
ndiaidh duit 66 bliain d'aois a shroichint).
Tá roinnt eisceachtaí áfach leis sin.
Má shrois tú 66 bliain d'aois roimh 6 Iúil 1992, ní theastaíonn 13
ranníocaíocht íoctha le déanaí uait.
Má shrois tú 66 bliain d'aois roimh 1 Deireadh Fómhair 1987, teastóidh
156 ranníocaíocht íoctha uait in áit 260; má shrois tú 66 bliain d'aois
idir 1 Deireadh Fómhair 1987 agus 6 Iúil 1992, teastóidh 208 ranníocaíocht
íoctha uait.
Má tá tú ag fáil Pinsean Stáit beidh na ceanglais faoi
ranníocaíochtaí ÁSPC éagsúil de réir aoise mar seo a leanas:
| Má bhí tú: |
Caithfidh tú ar a
laghad: |
| 66 bliain d'aois roimh 1 Deireadh 1987 |
156 seachtaine ÁSPC a bheith íoctha agat ó
thosaigh tú ag obair an chéad lá riamh nó curtha chun sochair in
aon cheann den 2 bhliain cánach iomlán deiridh sula shroich tú 66
bliain d'aois. |
| A bheith 66 bliain d'aois idir 1 Deireadh
Fómhair 1987 agus 6 Iúil 1992 |
208 seachtain ÁSPC a bheith íoctha agat ó
thosaigh tú ag obair an chéad lá riamh agus 39 seachtaine íoctha
nó curtha chun sochair in aon cheann den 2 bhliain cánach iomlán
deiridh sula shroich tú 66 bliain d'aois. |
| A bheith 66 bliain d'aois ar an 6 Iúil 1992
nó dá éis |
260 seachtaine ÁSPC a bheith íoctha agat ó
thosaigh tú ag obair an chéad lá riamh agus 39 seachtain íoctha nó
curtha chun sochair in aon cheann den 2 bhliain cánach iomlán deiridh
sula shroich tú 66 bliain d'aois. |
Má chomhlánaíonn tú na coinníollacha seo nuair a shroicheann tú aois
scoir, beidh tú fós cáilithe an chuid eile de do shaol.
An riail a bhaineann leis an mbliain ranníocaíochta is déanaí dóibh
sin faoi 66 bliain d'aois
Tríd is tríd, caithfidh 13 ranníocaíocht íoctha a bheith agat i mbliain
ranníocaíochta le déanaí. Is féidir leis sin a bheith ar an mbliain
chéanna a bhfuil na 39 íoctha agat nó ranníocaíochtaí creidmheasa agus is
féidir leis na 13 íoctha a bheith mar chuid den 39 sin. Is féidir leis
freisin a bheith ar aon cheann den dá bhliain ranníoca roimhe sin nó bliain
ina dhiaidh sin.
Má tá tú ag fáil aon cheann de na híocaíochtaí seo a leanas, ní
bheidh ort na 13 ranníocaíochtaí le déanaí a bheith íoctha agat:
Ní gá duit 13 ranníocaíocht íoctha le déanaí a bheith agat má tá
tú ar Scéim
Fostaíochta Pobail, ar Scéim Filleadh ar an Obair, ar Scéim Dheiseanna
Oiliúint Ghairme nó ar Chlár Forbartha Fostaíochta Pobail.
Má tá tú 55 bliain nó níos mó agus mura bhfuil tú ag fáil
íocaíocht ar bith ach go bhfuil tú ag síniú duillín dífhostaíochta, ní
theastóidh na 13 ranníocaíochtaí íoctha le déanaí uait ach an oiread.
Incháilithe ag 60
Má tá tú incháilithe le haghaidh sochair ag 60 bliain d'aois, coinneoidh
tú an teidlíocht sin an chuid eile de do shaol. Má tá tú idir 61 agus 65
bliain d'aois agus mura gcomhlíonann tú na coinníollacha cáilíochta ag
aois 60, caithfidh tú na coinníollacha cáilíochta don aoisghrúpa 25-65 a
chomhlíonadh. Mar sin féin, má chuaigh tú ar scor mar gheall ar
dhrochshláinte nó má mheastar go bhfuil tú dífhostaithe, féadfaidh tú
iarratas a dhéanamh ar Shochar Breoiteachta nó ar Shochar Cuardaitheora
Poist, agus beidh sé sin faoi réir ag na coinníollacha reachtúla a
chomhlíonadh. B'fhéidir go mbronnfaí ranníocaíochtaí creidmheasa ort
freisin mar ghealll go bhfuil tú i dteideal na sochar sin, agus féadfar iad
sin a ghlacadh san áireamh chun an clúdach do shochair cóireála ar feadh
tréimhsí breise amach anseo a leathnú
Céile/páirtnéir sibhialta/comhchónaitheoir
Féadfaidh céilí/páirtnéirí sibhialta/comhchónaitheora, ar ndóigh,
cáiliú ina gceart féin má bhíonn dóthain ranníocaíochtaí árachais
shóisialta acu.
Mura bhfuil dóthain ranníocaíochtaí árachais shóisialta ag do
chéile/pháirtnéir sibhialta/chomhchónaitheoir, féadfaidh sé/sí cáiliú
le haghaidh Sochair Cóireála mar do thaifead árachais shóisialaigh. Chun é
seo a dhéanamh, caithfidh tú bheith incháilithe le haghaidh Sochair
Cóireála agus caithfidh do chéile/pháirtnéir sibhialta/chomhchónaitheoir
bheith ag brath ort.
Caithfidh do chéile/pháirtnéir sibhialta/chomhchónaitheoir,:
- Ollioncam de €100 nó níos lú a bheith aige/aici in aghaidh na
seachtaine
- Ioncam níos mó ná €100 a bheith aige/aici in aghaidh na seachtaine
agus bheith ina cleithiúnach ort sula ndeachaigh sé/sí ag obair i
bhfostaíocht inárachais nó ar ais ann (ag Aicme A, E, H, P nó S)
- Gan bheith ag fáil íocaíocht leasa shóisialaigh (seachas Pinsean
Míchumais, Liúntas Leasa Forlíontach, Sochar Cúramóra nó Sochar
Leanaí)
- Bheith ag fáil Liúntas Cúramóra nó Pinsean Stáit (Neamhranníocach)
ina cheart féin agus bheith ina cleithiúnach ort díreach sula bhfuair
sé/sí liúntas nó pinsean.
Má fhaigheann duine le hárachas bás agus má bhí an céile nó an
páirtnéir sibhialta cleithiúnach i dteideal sochar ag an am a bhfuair
sé/sí bás, coinníonn an céile teidlíocht chomh fada agus gur baintreach
fir/baintreach nó páirtnéir sibhialta marthanach i gcónaí é/í.
Sochar Fiaclóireachta
Faoin scéim seo, íocann an Roinn costas iomlán an scrúdú bhéil uair
amháin sa bhliain féilire. Tá an scrúdú soláthartha ag fiaclóirí
príobháideacha atá ar phainéal de chuid na Roinn Coimirce Sóisialaí. Tá liosta de na
fiaclóirí atá ar an bpainéal ar fáil ar welfare.ie. Tá formhór
fiaclóirí ar an bpainéal - mar sin níor chóir go mbeadh aon fhadhb agat
duine a aimsiú. Beidh na foirmeacha iarratais ag an bhfiaclóir. Teastaíonn
sonraí ar nós Uimhir
Phearsanta na Seirbhíse Poiblí (UPSP) ar na foirmeacha sin. Más céile
nó páirtnéir sibhialta cleithiúnach tú, ba chóir duit UPSP an duine a
bhfuil árachas aige/aici a thabhairt.
Sochar Súl
Faoin Scéim Sochair Cóireála tá tú i dteideal tástáil radhairc saor
in aisce. Áfach, níl tástálacha radhairc i gcás VDU, ceadúnais
tiomána, srl., clúdaithe faoin scéim. Soláthraíonn radharceolaithe/oftailmeolaithe
a bhfuil conradh acu leis an Roinn Coimirce Sóisialaí an sochar.
Má theastaíonn lionsaí tadhaill uait mar gheall ar do shláinte,
íocfaidh an Roinn suas go dtí leath an chostais, faoi réir ag uasmhéid
€500, ar an gcoinníoll go mbeidh sé molta ag an dochtúir. Baineann sé le
méid beag coinníollacha súile a chur chun feidhme nach féidir gloiní a
chaitheamh. Ní chlúdaítear lionsaí aon-uaire faoin Scéim um Sochar
Cóireála. Níl lionsaí tadhaill ar fhoras optúil nó cosmaideach ar fáil
faoin scéim.
Áiseanna éisteachta
D'fhéadfadh soláthróirí
a bhfuil conradh acu leis an Roinn Coimirce Sóisialaí áiseanna
éisteachta a chur ar fáil freisin. Íocann an Roinn leath de chostas áis
éisteachta faoi réir ag uasmhéid €500 gach 4 bhliain. Íocann sé freisin
leath den chostas chun na háiseanna a dheisiú.
Faoiseamh cánach
Féadfaidh tú faoiseamh
cánach a fháil ar roinnt cóireálacha fiaclóireachta neamhgnáth.
Scéim um Sochar Cóireála agus Rialacháin de chuid an AE
Má bhí tú fostaithe le hárachas roimhe seo i dtír atá clúdaithe ag
Rialacháin de chuid an AE agus mura gcáilíonn tú ar do thaifead ÁSPC in
Éirinn, féadfar do thaifead árachais shóisialta sa tír eile de chuid an AE
a úsáid chun cuidiú leat cáiliú le haghaidh Sochar Cóireála. Caithfidh
ar a laghad ranníocaíocht ÁSPC amháin inríofa a bheith íoctha agat
(Aicmí A, E, H, P nó S) ó tháinig tú ar ais go hÉirinn.