Is iad feidhmeanna na Rannóga um Chuimsiú Sóisialta:
- Cur chun feidhme straitéisí an rialtais um chuimsiú sóisialta a chomhordú trí na meicníochtaí monatóireachta agus tuairiscithe atá curtha ar fáil sa Phlean Gníomhaíochta Náisiúnta um Chuimsiú Sóisialta agus go dtí 2016
- Cur chun cinn a dhéanamh ar ionchorprú na gcuspóirí maidir le cuimsiú sóisialta agus frithbhochtaineacht i bhforbairt um beartas poiblí agus cur chun feidhme an mheasúnaithe maidir le tionchar na bochtaineachta a chur chun cinn
- Anailís a dhéanamh ar thionchar agus éifeachtúlacht an bheartais phoiblí ar bhochtaineacht agus ar eisiamh sóisialta
- Forbairt ar straitéisí sonraí agus ar thaighde a chur chun cinn d’fhonn cabhrú le beartais agus cleachtadh maidir le frithbhochtaineacht agus cuimsiú sóisialta agus monatóireacht níos fearr ar na forthorthaí a éascú.
- Monatóireacht agus tuairisciú a dhéanamh ar threochtaí um fhrithbhochtaineacht ag an leibhéal náisiúnta agus Eorpach agus a bheith rannpháirteach san obair de chuid an AE, Chomhairle na hEorpa agus an ECFE maidir le cuimsiú sóisialta de réir mar is cuí
- Na meicníochtaí cuí a fhorbairt chun rannpháirtíocht a chur chun cinn i measc na ndaoine a bhfuil taithí acu ar an mbochtaineacht agus ar an gcuimsiú sóisialta agus iad siúd a oibríonn leo i bhforbairt beartais agus a chur chun feidhme
- Comhoibriú ar cheisteanna a bhaineann le cuimsiú sóisialta idir Éirinn agus dlínse eile, Tuaisceart Éireann, ach go háirithe.