Réamhrá
Íocaíocht ar a ndéantar tástáil mhaoine is ea Forlíonadh Cíosa a
íoctar le daoine atá ina gcónaí i gcóiríocht phríobháideach ar cíos
nach féidir leo íoc as costas a gcóiríochta féin óna n-acmhainní
féin.
Roimhe seo, d’fhéadfá iarratas a dhéanamh ar Fhorlíonadh Cíosa má
bhí tú cáilithe do thacaíocht tithíochta sóisialta agus má bhí tú ar
liosta tithíochta an údaráis. Ba cheart do dhaoine atá sa chás seo cur
isteach anois ar an Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta (ÍCT), áfach. Ní
cháileoidh tú d’Fhorlíonadh Cíosa ach má chomhlíonann tú na critéir
incháilitheachta faoi mar a shonraítear in ‘Rialacha’ thíos.
Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta (ÍCT)
Foirm de thacaíocht tithíochta sóisialta is ea an Íocaíocht Cúnaimh
Tithíochta (ÍCT) do dhaoine a bhfuil riachtanas fadtéarmach tithíochta acu.
Tá sé ar fáil i ngach limistéar údaráis áitiúil ar fud an Stáit.
Tiocfaidh ÍCT in ionad an Fhorlíonta Cíosa fhadtéarmaigh ar
deireadh thiar.
Tá de chuspóir na scéime ÍCT ligean do dhaoine teacht ar thacaíochtaí
tithíochta sóisialta trí na húdaráis áitiúla agus lena chur ar chumas
daoine chun glacadh le fostaíocht lánaimseartha agus a dtacaíocht
tithíochta a choimeád. Léigh
níos mó inár gcáipéis faoi ÍCT agus ar hap.ie.
Tiarnaí Talún
Tá faoiseamh cánach ar fáil do thiarnaí talún a ligeann áitreabh ar
cíos le tionóntaí a bhfuil Forlíonadh Cíosa nó ÍCT á fháil acu. Is
féidir níos mó a léamh faoi seo inár gcáipéis faoi Faoisimh
agus creidmheasanna cánach i leith tithíochta.
Sonraítear sa reachtaíocht chomhionannais roinnt foras nach féidir le
tiarnaí talún idirdhealú a dhéanamh i gcoinne tionóntaí féideartha
fúthu. Áirítear leis seo an foras “cúnaimh tithíochta”. Is féidir
níos mó a léamh faoi seo in ‘Idirdhealú nuair a ligtear maoin
chónaithe’ thíos.
Rialacha
Critéir incháilitheachta d’Fhorlíonadh Cíosa i ndiaidh gur tugadh
isteach an Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta (ÍCT)
Faoi mar a shonraítear thíos, tá an ÍCT ar fáil ar fud na tíre anois.
Má cháilíonn tú do thacaíocht tithíochta sóisialta agus má theastaíonn
cabhair uait le do chíos, ba cheart duit iarratas a dhéanamh ar ÍCT. Níl
tú i dteideal Forlíonadh Cíosa a fháil ach más fíor-thionónta (bona
fide) thú agus má chomhlíonann tú ceann amháin de na coinníollacha seo a
leanas:
- Bhí Forlíonadh Cíosa á fháil agat sna 12 mhí roimh dháta
d’iarratais.
- Bhí cónaí ort i gcóiríocht phríobháideach ar cíos ar feadh 6
mhí, ar a laghad, (183 lá) le 12 mhí anuas, bhí tú in ann íoc as an
gcíos ag tús do thionóntachta agus níl tú in ann leanúint leis an
gcíos a íoc mar gheall gur tháinig athrú suntasach ar do chúinsí a
tharla i ndiaidh gur thosaigh tú le háit a ghlacadh ar cíos. Féadfaidh
tú an t-am a chaith tú ag cónaí i mbreis agus cóiríocht ar cíos
amháin a chur le chéile chun an tréimhse 6 mhí (183 lá) a
shásamh.
- Bhí cónaí ort i gcóiríocht do dhaoine gan dídean ar feadh 6 mhí
(183 lá), ar a laghad le 12 mhí anuas. Má measúnaíodh thú cheana
féin agus má cáilíodh thú do thacaíocht tithíochta sóisialta,
atreorófar thú chuig d’údarás áitiúil go rachfar i ngleic le do
riachtanais tithíochta (seachas measúnú a dhéanamh ort le haghaidh
Forlíonadh Cíosa).
Má theastaíonn cabhair uait le do chíos ach mura gcomhlíonann tú na
coinníollacha seo, caithfidh tú teagmháil a dhéanamh le d’údarás
áitiúil go ndéanfar measúnú ar do riachtanais tithíochta. Má tá tú i
dteideal tacaíocht tithíochta a fháil agus má theastaíonn sí uait,
b’fhéidir go mbeidh tú inn ann tithíocht a rochtain faoin scéim
ÍCT nó trí thithíocht
údaráis áitiúil.
Má tá Forlíonadh Cíosa fadtéarmach á fháil agat faoi láthair (ar
feadh 18 mí nó níos faide) féadtar iarraidh ort iarratas a dhéanamh ar
thacaíocht tithíochta sóisialta chuig d’údarás áitiúil. Ní mór duit
iarratas a dhéanamh laistigh de 6 seachtaine ón tráth a iarrtar ort amhlaidh
a dhéanamh (más gá, féadtar 6 seachtaine sa bhreis a cheadú). Ansin
féadtar thú a aistriú chuig an ÍCT nó chuig foirm eile de thacaíocht
tithíochta sóisialta.
Rialacha eile d’Fhorlíonadh Cíosa
Ní sholáthrófar Forlíonadh Cíosa ach má tá an chóiríocht oiriúnach
do do chuid riachtanas. Ní íoctar Forlíonadh Cíosa, go ginearálta, má tá
an cíos os cionn na teorann uasta cíosa a shocraítear do do chontae (féach
‘Rátaí’ thíos chun teacht ar fhaisnéis faoi na teorainneacha seo agus
faoi chúinsí inar féidir iad a tharscaoileadh).
Chomh maith leis sin, ní mór duit:
Ní cháileoidh tú d’Fhorlíonadh Cíosa:
- Má tá tú fostaithe nó féinfhostaithe go lánaimseartha (30 uair a
chloig sa tseachtain nó níos mó). Ach más é an measúnú a dhéantar
ort go bhfuil gá agat le tithíocht faoin Scéim um Chóiríocht ar Cíos
agus má tá tú gan fhostaíocht lánaimseartha le 12 mí anuas nó níos
mó, b’fhéidir go mbeidh tú i dteideal an Fhordheontais – féach
‘Fostaíocht agus Forlíonadh Cíosa’ thíos.
- Má tá tú ag fágáil tithíocht údaráis áitiúil gan cúis
réasúnta.
- Má d’fhág údarás áitiúil as an áireamh thú as tithíocht
shóisialta ar chúiseanna lena mbaineann dea-bhainistiú eastáit nó
iompar frithshóisialta.
- Má tá tú ag freastal ar oideachas go lánaimseartha. Ach má tá Liúntas um
Filleadh ar an Oideachas á fháil agat, nó má tá tú ag glacadh
páirte sa Chlár um
Filleadh ar Oideachas, b’fhéidir go mbeidh teideal agat ar
Fhorlíonadh Cíosa.
Áit á fháil ar cíos agat ó
thuismitheoir: Ní féidir leat Forlíonadh Cíosa a
fháil chun cabhrú leat cíos a íoc le do thuismitheoir má tá tú i do
chónaí i dteach an teaghlaigh. Má tá an dara maoin ag do thuismitheoir, ní
bhfaighidh tú Forlíonadh Cíosa go ginearálta don mhaoin seo mura féidir
leat a chruthú gur fíor-thionónta (bona fide) thú.
Cóiríocht a roinnt le do thiarna talún: B’fhéidir go
bhfuil tú i dteideal Forlíonadh Cíosa a fháil má tá
tú ag cónaí i dteach do thiarna talún. Ní mór gur fíor-shocrú
tiarna talún/tionónta atá ann. Tá ar do thiarna talún cuid den fhoirm a
chomhlánú agus a (h)uimhir PSP a sholáthar (féach ‘Conas iarratas a
dhéanamh’ thíos).
Forlíonadh Cíosa agus Fostaíocht
Ní bheidh tú incháilithe d’Fhorlíonadh Cíosa má tá
tú fostaithe go lánaimseartha (30 uair a chloig sa tseachtain nó níos mó).
(I gcás lánúineacha, má tá duine den lánúin fostaithe go lánaimseartha,
beidh an bheirt acu eisiata maidir le Forlíonadh Cíosa a éileamh).
Measúnaítear éilimh ó dhaoine féinfhostaithe i leith chúinsí aonair an
cháis agus d’fhéadfaí iarraidh ort a thaispeáint go bhfuil tú ag oibriú
faoi bhun 30 uair sa tseachtain. Má tá tú ag oibriú os cionn 30 uair sa
tseachtain i bhfostaíocht nó i bhféinfhostaíocht, nó má fhaigheann tú
Liúntas Fiontraíochta um Fhilleadh ar Obair, ní mór do d’údarás
áitiúil a mheas go bhfuil tú i dteideal bheith rannpháirteach sa Scéim
Cóiríochta ar Cíos (SCC) go leanfaidh tú le Forlíonadh Cíosa a
fháil.
Déanfar athmheasúnú ort le haghaidh Forlíonadh Cíosa agus tabharfar
cuid de d’ioncam breise san áireamh lena n-áirítear cuid de d’ioncam ó
fhostaíocht. De thoradh an athmheasúnaithe, b’fhéidir go leanfaidh tú de
bheith incháilithe le haghaidh Forlíonadh Cíosa agus b’fhéidir nach
leanfaidh. Má cháilíonn tú d’Fhorlíonadh Cíosa, b’fhéidir go
bhfaighfeá ráta difriúil den Fhorlíonadh.
Ioncam a chuirtear san áireamh d’Fhorlíonadh Cíosa
- Glanioncam ó fhostaíocht (is ionann seo agus an t-ollioncam lúide
ÁSPC agus costais taistil réasúnta. Ní dhéantar measúnú ar ioncam cleithiúnaí
linbh ó fhostaíocht atá 17 mbliana d’aois agus atá in oideachas
lánaimseartha, mar bhealach d’Fhorlíonadh Cíosa.)
- Íocaíochtaí leasa shóisialaigh (d’eisceachtaí – féach ‘Ioncam
nach gcuirtear san áireamh’ thíos)
- Íocaíocht do Theaghlaigh i bhFostaíocht (ITF)
- Ioncam in airgead tirim (mar shampla, cothabháil)
- Ioncam agus luach na maoine ar fad go mb’fhéidir gur choinnigh an
t-éilitheoir uaidh/uaithi féin le bheith incháilithe do Liúntas Leasa
Forlíontach (LLF)*
- Caipiteal (mar shampla, maoin seachas do theach féin, coigilteas agus
infheistíochtaí).
*Is é LLF an scéim faoina n-íoctar Forlíonadh Cíosa.
Déantar an measúnú seo a leanas ar luach caipitiúil na maoine (seachas
do theach féin), coigilteas agus infheistíochtaí:
Luach caipitiúil na maoine
Caipiteal |
Déantar an mhaoin sheachtainiúil a
mheas amhail |
---|
An chéad €5,000 |
Nialas |
An chéad €10,000 |
€1 in aghaidh gach €1,000 |
An chéad €25,000 |
€2 in aghaidh gach €1,000 |
Aon chaipiteal os cionn €40,000 |
€4 in aghaidh gach €1,000 |
Ioncam nach gcuirtear san áireamh nuair a ríomhtar Forlíonadh Cíosa
Déanfar neamhaird d’ioncam ó na foinsí seo a leanas nó ní ghlactar
san áireamh iad nuair a ríomhtar an méid Forlíonadh Cíosa a cháilíonn
tú lena fháil:
- Méid atá ar comhionann leis an ráta Liúntas Leasa Fhorlíontaigh
(LLF) ag brath ar do chúinsí teaghlaigh féin
- Sochar
Linbh
- Liúntas
Luaineachta
- Íocaíochtaí cúram altrama ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte
(FSS)
- Íocaíochtaí as cóiríocht a thabhairt do leanaí faoin Acht um
Chúram Leanaí
- Ioncam ó mhic léinn Ghaeltachta
- Deontais nó liúntais ó scéimeanna a chothaíonn leas daoine dalla
- Airgead a fhaightear ó eagraíochtaí carthanúla, mar shampla, Naomh
Uinseann de Pól
- Cúiteamh a dhámh an Binse Cúitimh maidir le Heipitíteas C a tolgadh
ó tháirgí fola áirithe, dóibh siúd a bhfuil míchumas orthu de
dheasca Tailídimíde, agus dóibh siúd a fhaigheann cúiteamh faoi Bhord
Sásaimh na nInstitiúidí Cónaitheacha
- Deontais
Mhac Léinn
- Liúntas
Cúram Baile
- Deontas Tacaíochta
Cúraim
- Íocaíocht Caomhnóra (Ranníocach) agus Íocaíocht Caomhnóra
(Neamh-Ranníocach)
- Liúntas Breosla agus an Liúntas do Mhaireachtáil Aonair
- Pinsinéirí: Má tá tú 65 bliain d’aois nó níos
sine (nó sa chás go bhfuil aois an phinsin bainte amach ag duine den
lánúin) agus má tá comhioncam teaghlaigh agaibh atá níos mó ná an
ráta SWA iomchuí do do chúinsí teaghlaigh, ní chuirtear an difríocht
idir an ráta uasta de Phinsean
Stáit (Ranníocach) atá iomchuí i dtaobh do chúinsí agus an ráta
LLF atá iomchuí i dtaobh do chúinsí san áireamh.
- Íocaíochtaí cúramóra: Ní chuirtear Liúntas Cúramóra
leathráta san áireamh.
- Má tá Liúntas
Cúramóra á fháil agat, ní chuirtear méid an liúntais os cionn an
ráta LLF iomchuí do do chás (an ráta do dhuine fásta cáilithe do
lánúin nó an ráta LLF pearsanta) san áireamh. Mar sin, más duine de
lánúin thú agus má tá Liúntas Cúramóra á fháil
agat, ní chuirtear an méid Liúntas Cúramóra atá á íoc lúide an
ráta duine fhásta cháilithe den LLF san áireamh. Más
tuismitheoir singil nó aonair thú, is é an méid ar a
dtugtar neamhaird ná an ráta Liúntas Cúramóra atá á íoc lúide an
ráta pearsanta de LLF.
- Ní chuirtear méid ar bith de Shochar Cúramóra os cionn an
bhunráta LLF do do chúinsí (an ráta duine fhásta cháilithe nó an
ráta pearsanta LLF) san áireamh.
- An neamhaird ar thuillimh athshlánúcháin: Ní
chuirtear méid áirithe de d’ioncam ó obair athshlánúcháin san
áireamh. Má tá Liúntas Míchumais nó Pinsean na nDall á fháil agat,
ní chuirtear €120 ó oiliúint nó fostaíocht athshlánúcháin san
áireamh sa mheasúnú a dhéantar maidir le Forlíonadh Cíosa. Déanfaidh
aon tuillimh os cionn €120 ó oiliúint nó fostaíocht athshlánúcháin
difear d’Fhorlíonadh Cíosa a fhaigheann tú. Má tá os cionn €120 á
thuilleamh agat, is féidir measúnú a dhéanamh ort tríd an
Neamhaird ar Thuillimh Athshlánúcháin nó an Neamhaird ar Ioncam
Teaghlaigh a úsáid (ní féidir an dá cheann a úsáid), cibé
ceann is mó a théann chun do leasa.
- Neamhaird ar ioncam breise: Ní chuirtear méid áirithe
de d’ioncam teaghlaigh ó fhoinsí áirithe san áireamh. Ní chuirtear
€75 d’aon ioncam teaghlaigh breise* a sháraíonn an ráta
cuí LLF do do chúinsí san áireamh. Chomh maith leis sin, ní chuirtear
25% den ioncam teaghlaigh breise atá agat os cionn €75 san
áireamh. Níl aon uasteorainn ar an méid ar féidir neamhaird a thabhairt
air.
*Ioncam teaghlaigh bhreise is ea ioncam ó fhostaíocht
pháirtaimseartha nó féinfhostaíocht pháirtaimseartha, Íocaíocht do
Theaghlaigh i bhFostaíocht (ITF), Fostaíocht Pobail (FP), scéim Tús,
JobBridge, an Scéim Shóisialta Tuaithe, an Scéim Dreasachta Poist
Pháirtaimseartha, Skillnets, an Scéim Socrúchán Oibre, Gateway,
Liúntas um Fhilleadh ar Obair, Liúntas Fiontraíochta um Fhilleadh ar
Obair nó cúrsa Breisoideachais agus Oiliúna (BOO) (FÁS roimhe seo).
Déantar cothabháil a mheasúnú, chomh maith, mar ioncam teaghlaigh
breise (féach thíos).
Má bhí Forlíonadh Cíosa á fháil agat roimh an 5 Meitheamh 2007,
féadtar leanúint agus measúnú á dhéanamh ar d’ioncam agus leas á
bhaint as an tsean-neamhaird ioncaim, mura gcinntíonn an neamhaird reatha
ioncaim go ndéanfaí measúnú ní b’fhabhraí. Mura n-éilíonn tú
Forlíonadh Cíosa ar feadh breis agus 13 seachtaine, áfach, déanfar
measúnú ort agus leas á bhaint as an neamhaird ioncaim reatha. (Féach
‘Breis faisnéise’ thíos chun teacht ar bhreis faisnéise faoi conas a
measúnaíodh ioncam d’Fhorlíonadh Cíosa roimh an 5 Meitheamh 2007.)
Cothabháil agus Forlíonadh Cíosa
Déantar cothabháil a mheasúnú mar ioncam teaghlaigh breise
(féach thuas) agus déantar íocaíochtaí cothabhála a mhéid le €95.23 in
aghaidh na seachtaine a mheasúnú go hiomlán. Baineann an neamhaird ioncam
teaghlaigh (féach thuas) le híocaíochtaí cothabhála os cionn an mhéid
seo. Is í an chúis atá leis seo go meastar gurb ionann agus ranníocaíocht
i dtreo do chostais tithíochta é an chéad €95.23 sa tseachtain
d’íocaíochtaí cothabhála.
Sampla: Déantar d’íocaíocht iomlán cothabhála a
mhéid le €95.23 in aghaidh na seachtaine a mheasúnú go hiomlán más í
cothabháil an t-aon ioncam teaghlaigh breise atá agat. Baineann an neamhaird
ioncam teaghlaigh €75 le suimeanna os a chionn seo agus, dá bhrí sin, ní
chuirtear aon chothabháil idir €95.23 agus €170.23 san áireamh. Lena
chois sin, ní chuirtear 25% den chothabháil ar fad os cionn €170.23 san
áireamh.
Do ranníocaíocht cíosa (Ranníocaíocht Teaghlaigh)
A luaithe a ríomhtar an méid Forlíonadh Cíosa a gcáilíonn tú dó,
asbhainfear €30 de, ar a laghad. Is amhlaidh a dhéantar seo mar gheall gur
gá duit €30 sa tseachtain a íoc, ar a laghad, i dtreo do chíosa.
B’fhéidir go n-íocann tú níos mó ná €30 mar gheall go bhfuil dualgas
ort freisin ranníoc le haon acmhainní inmheasúnaithe breise atá agat os
cionn an bhunráta chuí de Liúntas Leasa Forlíontach a chur i dtreo do
chíosa. Caithfidh lánúin a bhfuil Forlíonadh Cíosa á éileamh acu €40
sa tseachtain, ar a laghad, a íoc i dtreo a gcíosa.
Caithfidh aon daoine neamhchleithiúnacha muinteartha a bhraitheann go
hiomlán ar íocaíocht leasa shóisialaigh phearsanta €30 a íoc, chomh
maith leis sin. Má rinneadh sochar
agus pribhléid a mheasúnú i gcoinne d’íocaíochta leasa
shóisialaigh, áfach, ní gá duit €30 a ranníoc. Más lánúin atá sna
daoine neamhchleithiúnacha muinteartha, is ionann a bheidh a ranníocaíocht
agus €40. Ní dhéanfaidh lánúin atá os cionn 65 bliain d’aois a bhfuil
ioncam acu atá cothrom le nó níos lú ná an Pinsean Stáit (Ranníocach)
dá gcás ach €40 sa tseachtain a íoc i leith a gcuid cíosa. Ranníocfaidh
lánúin a bhfuil Pinsin Stáit (Ranníocach) á fháil ag an mbeirt acu, ach
nach bhfuil ioncam ar bith eile á fháil acu, €40 i leith a gcuid cíosa,
chomh maith.
Ranníocaíochtaí aoisbhainteacha
Ó Eanáir 2017 ar aghaidh, íocann daoine atá idir 18 agus 24 bliain
d’aois a bhfuil sochair aoisbhainteacha a bhfáil acu Ranníocaíocht
Teaghlaigh níos ísle. Laghdaítear an ranníocaíocht anuas ó €30 go dtí
€10 sa tseachtain d’fhaighteoirí Forlíonadh Cíosa a bhfuil Liúntas
Cuardaitheora Poist (LCP) nó Liúntas Leasa Forlíontach €107.70 sa
tseachtain á fháil acu agus anuas ó €30 go €20 dóibh siúd a bhfuil LCP
€152.80 á fháil acu.
I dtaobh daoine a bhfuil LFAO á fháil acu, tá liúntas oiliúna
Breisoideachais agus Oiliúna (BOO), nó i gcás daoine atá rannpháirteach in
Ógtheagmháil, sa chás go mbíonn an ráta aoisbhainteach €198 i gceist,
laghdaítear an Ranníocaíocht Teaghlaigh anuas ó €30 go €20 sa
tseachtain.
Forlíonadh Cíosa a Ríomh
Tá sé in ann a bheith deacair d’Fhorlíonadh Cíosa a ríomh. Cinnfidh
ionadaí na Roinne Coimirce Sóisialaí (ar ar tugadh an tOifigeach Leasa
Pobail roimhe seo) cé acu an bhfuil nó nach bhfuil tú incháilithe
d’Fhorlíonadh Cíosa agus ríomhfaidh sé/sí an méid a íocfar leat. Tá breis faisnéise ar fáil ar
conas Forlíonadh Cíosa a ríomh anseo.
Idirdhealú nuair a dhéantar maoin chónaithe a ligean
Baineann an reachtaíocht chomhionannais le ligean agus le cóiríocht. Ní
féidir le tiarnaí talún idirdhealú a dhéanamh in aghaidh tionóntaí
féideartha ar fhorais inscne, stádais shibhialta, stádas teaghlaigh,
ghnéaschlaonta, reiligiúin, aoise, mhíchumais, chineáil nó bhallraíochta
den phobal Lucht Siúil.
Ní féidir idirdhealú a dhéanamh ort nuair a bhíonn áit á fháil ar
cíos agat nuair atá Forlíonadh Cíosa, ÍCT nó aon íocaíocht leasa
shóisialaigh eile á fáil agat. (Tugtar an foras “cúnaimh tithíochta”
air seo.) Ciallaíonn seo nach féidir le tiarnaí talún a lua níos mó nach
nglactar le Forlíonadh Cíosa (nó ÍCT) nuair a dhéantar cóiríocht a
fhógairt agus ní féidir leo cíos a dhiúltú duit mar gheall go bhfuil
íocaíocht leasa shóisialaigh á fáil agat. Má bhraitheann tú go ndearna
tiarna talún nó a ngníomhaire idirdhealú ort, féadfaidh
tú teacht ar bhreis faisnéise faoi ghearán a dhéanamh faoi na hAchtanna um
Stádas Comhionann.
Rataí
Íoctar Forlíonadh Cíosa go seachtainiúil nó go míosúil le seic,
Ríomhaistriú Airgid nó dréacht poist, i riaráistí de ghnáth.
Go ginearálta, cinnteoidh an méid Forlíonadh Cíosa a ríomhtar nach
dtitfidh d’ioncam, tar éis duit cíos a íoc, faoi bhun íosleibhéil. Is é
an leibhéal seo ráta an Liúntais Leasa Fhorlíontaigh le haghaidh do
chúinsí lúide an ráta cuí den Ranníocaíocht Teaghlaigh (féach thuas).
B’fhéidir go n-íocfá níos mó ag brath ar do mhaoin, áfach, – féach
‘Rialacha’ thuas.
Níor cheart go mbeadh an cíos a íoctar le do thiarna talún (is é sin,
do ranníocaíocht móide d’Fhorlíonadh Cíosa) os cionn an uasleibhéil
chíosa a socraíodh do do chontae nó do cheantar (d’fhéadfaí an fhoráil
seo a tharscaoileadh faoi chúinsí áirithe). Socraíonn an Roinn Coimirce
Sóisialaí (an RCS) an t-uasleibhéal cíosa do do chontae. Is féidir leis an
Oifigeach Leasa Pobail leibhéil níos ísle laistigh de na
leibhéil seo a shocrú, áfach. Tá uasleibhéal cíosa ann do gach ceantar
(féach thíos). Má tá do chíos níos airde ná an t-uasmhéid áitiúil,
b’fhéidir go ndiúltófar Forlíonadh Cíosa duit ar fad.
Cásanna ina sáraíonn an cíos an teorainn ábhartha
I roinnt cásanna, féadfar Forlíonadh Cíosa a íoc faoi lánrogha
fhoireann an RCS, sa chás go sáraíonn an cíos an teorainn ábhartha:
- Má tá riachtanais speisialta tithíochta agat nó ag duine muinteartha
(mar shampla, duine faoi mhíchumas i gcóiríocht a rinneadh a oiriúnú
go speisialta).
- Má bheidh tú in ann an cíos a íoc tú féin laistigh de thréimhse
ghearr, mar shampla, má bheidh tú ag glacadh le fostaíocht. Sa chás
seo, féadtar Forlíonadh Cíosa ar ráta níos airde a íoc ar feadh
tréimhse ghearr 6-8 seachtaine.
- Má tá ioncam breise agat chun an t-iarmhéid a íoc tú féin.
(Bunaítear Forlíonadh Cíosa go fóill ar an teorainn uasta chíosa.)
- Más ann do chúinsí eisceachtúla eile. (Bíonn socruithe speisialta i
gceist má tá tú i mbaol
bheith gan dídean.) Tabhair faoi deara, chomh maith, tá cumhacht
lánroghnach ag an tSeirbhís Leasa Pobail chun íocaíocht Forlíonta
Cíosa a bhronnadh nó a mhéadú, mar shampla, nuair a bhíonn siad ag
déileáil le duine atá i mbaol bheith thíos le heaspa dídine. Baineann
seo le daoine a bhfuil Forlíonadh Cíosa á fháil acu agus iarratasóirí
nua. Féadfaidh tionóntaí a chónaíonn i mBaile Átha Cliath, Cill Dara,
an Mhí, Cill Mhantáin, Cathair Chorcaí agus Purláin Chathair Chorcaí,
Gaillimh, Maigh Eo agus Ros Comáin rochtain a fháil ar an tSeirbhís
um Chosaint Tionóntachta ar shaorghlao 1800 454 454.
Forlíonadh Cíosa agus comhaontuithe léasa
Má sháraíonn an cíos a íocann tú an teorainn chuí agus mura bhfuil do
léas le hathnuachan, bheifí ag súil leis go ndéanfá do chíos a phlé
athuair le do thiarna talún, ag an tráth a dhéantar athbhreithniú ar
d’éileamh ar d’Fhorlíonadh Cíosa. Mura bhfuil do thiarna talún sásta
téarmaí an léasa reatha a phlé agus mura laghdaíonn sé/sí an cíos anuas
chuig na teorainneacha nua, pléifidh ionadaí an DSP do chuid roghanna leat.
D’fhéadfadh cóiríocht eile a lorg bheith i gceist leis seo. Má bhíonn an
cíos ar aon dul le rátaí an mhargaidh reatha, féadtar na teorainneacha a
shárú i roinnt cásanna.
Teorainneacha cíosa
Tá na
teorainneacha cíosa d’Fhorlíonadh Cíosa ar láithreán gréasáin na
Roinne. Tabhair faoi deara gur féidir leis an Oifigeach Leasa Pobail
rátaí níos ísle a shocrú laistigh de na teorainneacha seo.
Leagtar síos in I.R. 221/07 gurb
iad na huasmhéideanna d’Fhorlíonadh Cíosa atá iníoctha le tionóntaí i
bhforbairtí deonacha tithíochta (a chistítear tríd an Scéim Cúnaimh
Caipitil) €55 do dhuine singil agus €60 do lánúin. Tá an Ranníocaíocht
Teaghlaigh íosta mar a leagtar amach thuas i bhfeidhm, freisin.
Má tá Forlíonadh Cíosa á fháil agat faoi láthair, ní thagann aon
mhéadú uathoibríoch ar ráta nua má théann na rátaí i méid (mar gheall
gur shínigh tú d’ainm le comhaontú tionóntachta le do thiara talún faoi
láthair). Bíonn na teorainneacha reatha ar an ráta i bhfeidhm nuair a
éagann do léas reatha nó nuair a dhéantar athbhreithniú ar d’éileamh.
Féadfaidh tú a iarraidh go ndéantar athbhreithniú ar d’éileamh ar
Fhorlíonadh Cíosa trí theagmháil a dhéanamh leis an oifig a dhéileálann
le d’éileamh.
Féadfaidh tionóntaí a chónaíonn i mBaile Átha Cliath, Cill Dara, an
Mhí, Cill Mhantáin, Cathair Chorcaí agus Purláin Chathair Chorcaí,
Gaillimh, Maigh Eo agus Ros Comáin rochtain a fháil ar an tSeirbhís um
Chosaint Tionóntachta ar shaorghlao 1800 454 454.
Athruithe ar do chúinsí
Má thagann athrú ar do chúinsí, b’fhéidir nach gcáileoidh tú
d’Fhorlíonadh Cíosa a thuilleadh nó b’fhéidir go n-athróidh méid
d’íocaíochta. Léigh níos mó faoi Fhorlíonadh Cíosa agus faoi
athruithe ar do chúinsí. Chomh maith leis sin, féadfaidh tú Ceisteanna Coitianta a
léamh faoi Fhorlíonadh Cíosa a d’eisigh an Roinn Coimirce
Sóisialaí.
Conas iarratas a dhéanamh
Chun iarratas a dhéanamh, comhlánaigh foirm iarratais ar
Fhorlíonadh Cíosa (pdf). Féadfaidh ionadaí na Roinne Coimirce
Sóisialaí (ar ar tugadh Oifigeach Leasa Pobail roimhe seo) nó an tSeirbhís
um Fhaisnéis do Shaoránaigh áitiúil cabhrú leat an fhoirm seo a
chomhlánú.
Beidh ar do thiarna talún nó a ngníomhaire cuid den fhoirm a chomhlánú.
Beidh ar do thiarna talún a n-uimhir thagartha cánach (a n-uimhir PSP de
ghnáth) a sholáthar don Roinn Coimirce Sóisialaí (an RCS). Mura mian le do
thiarna talún an fhoirm a chomhlánú, tá fáil ar fhoirm ar leith (SWA 3C)
(pdf). Mura bhfuil uimhir thagartha cánach ag do thiarna talún, ba cheart
dóibh é seo a lua i scríbhinn chuig an RCS agus a mhíniú cad ina thaobh
gurb amhlaidh atá an scéal. Tharlódh nach n-íocfar d’Fhorlíonadh Cíosa
murar thug do thiarna talún a n-uimhir chánach don RCS nó murar mhínigh
siad cad ina thaobh nach bhfuil ceann acu.
D’fhéadfadh gur ghá do d’údarás áitiúil cuid eile den fhoirm a
chomhlánú, lena dheimhniú go bhfuil tú ar a liosta tithíochta agus go
bhfuil agat riachtanas tithíochta (mura bhfuil tú díolmhaithe ón riail
seo).
Caithfidh tú na cáipéisí seo a leanas a thabhairt leat, chomh maith:
- Cáipéisí aitheantais duit féin agus do do chleithiúnaithe, ar nós
teastais bhreithe iomlána, pasanna, ceadúnas tiomána, cead oibre, cárta
inimirce (an GNIB) srl.
- Cáipéisí le d’ioncam agus do staid airgeadais a thaispeáint, ar
nós duillíní, P45, P35, P60, ráitis bhainc srl.
- Cáipéisí lena chruthú cá bhfuil cónaí ort, ar nós billí
leictreachais, gáis nó gutháin, srl.
- Cáipéisí a bhaineann le do thionóntacht, ar nós do leabhair chíosa,
do chomhaontaithe léasa nó tionóntachta.
Is iondúil go dtabharfaidh ionadaí na Roinne Coimirce Sóisialaí (ar ar
tugadh Oifigeach Leasa Pobail roimhe seo) cuairt ort chun do chúinsí a
chinntiú.
Cinneadh a achomharc
Mura bhfuil tú sásta le cinneadh a dhéantar maidir le Forlíonadh Cíosa,
ba cheart duit a fháil amach i dtosach báire cén fáth a ndearnadh an
cinneadh trí cheist a chur ar ionadaí na Roinne Coimirce Sóisialaí (ar ar
tugadh Oifigeach Leasa Pobail roimhe seo). Ba chóir duit aon cháipéisíocht
bhreise a sholáthar chun tacú le do chás.
Mura ndéantar athrú ar an gcinneadh, iarr ar fhoirm achomhairc. Cuir a
oiread mionsonraí agus is féidir leat san áireamh i d’achomharc agus
coinnigh fótachóipeanna de gach rud.
Mura n-éiríonn le d’achomharc, tá tú i dteideal an t-achomharc a chur
ar aghaidh chuig an
Oifig Achomharc Leasa Shóisialaigh. Is féidir leat éisteacht phearsanta
a iarraidh agus is féidir leat ionadaí a thabhairt leat le cuidiú leat do
chás a argóint.
Cá háit a ndéanfaidh mé
iarratas
Chun iarratas a dhéanamh ar Fhorlíonadh Cíosa, ba cheart duit teagmháil
a dhéanamh le hionadaí na Roinne Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce
Sóisialaí (ar ar tugadh Oifigeach Leasa Pobail roimhe seo) ag d'Ionad
Intreo nó d'Oifig Bhrainse Leasa Shóisialaigh. I roinnt ceantar, áfach,
próiseálann Aonaid láraithe Chíosa iarratais nua ar Fhorlíonadh Cíosa.
Lena sheiceáil an ndéileálann Aonad láraithe Cíosa le do cheantar
áitiúil, is féidir leat súil a chaitheamh ar liosta na nAonad
láraithe Cíosa.
Má chónaíonn tú i gceann de na ceantair seo, féadfaidh tú pacáiste
cíosa a fháil ó d’ionad áitiúil. Sa phacáiste seo, tá eolas
mionsonraithe (lena n-áirítear liosta cáipéisíochta a theastóidh uait)
agus na foirmeacha iarratais ábhartha go léir. Ba cheart duit an t-eolas sa
phacáiste a léamh go cúramach. Má tá tú sásta go bhfuil na cáipéisí
riachtanacha go léir agat, is féidir leat d’iarratas a chur ar aghaidh
chuig an Aonad Cíosa ábhartha. D’fhéadfadh moill a bheith ar phróiseáil
d’iarratais mura seolann tú an t-eolas ar fad a iarrtar sa phacáiste.
Déanfaidh an tAonad teagmháil leat má theastaíonn tuilleadh eolais uathu.
Mura bhfuil aon eolas eile uathu, inseoidh siad duit cén uair a bheidh
d’iarratas próiseáilte.
Tuilleadh eolais
Ní chuirtear méid áirithe de d’ioncam san áireamh agus Forlíonadh
Cíosa á mheas. Tugtar neamhaird ioncaim ar an ioncam nach gcuirtear
san áireamh. Tháinig an neamhaird reatha ioncaim bhfeidhm an 5 Meitheamh
2007.
Rinneadh athbhreithniú agus measúnú ar na héilimh go léir ar
Fhorlíonadh Cíosa a bhí ann an 5 Meitheamh 2007, ag baint úsáide as an
neamhaird reatha ioncaim agus as an tsean-neamhaird ioncaim araon. Dá
n-íocfaí ní ba mhó Forlíonadh Cíosa leat agus úsáid á baint as an
tsean-neamhaird (féach thíos), leanadh le measúnú a dhéanamh ort agus
úsáid á baint as an tsean-neamhaird ioncaim go dtí:
- Nach mbíonn tú incháilithe don Fhorlíonadh Cíosa a thuilleadh,
nó
- Tá briseadh i d’éileamh a mhaireann níos mó ná 13 seachtaine,
nó
- Tá athrú tagtha ar do chúinsí. Mar shampla, athrú ar do sheoladh,
athrú ar ioncam teaghlaigh, méadú nó laghdú ar an gcíos nó athrú ar
d’íocaíocht leasa shóisialaigh.