Conas Bás a Chlárú in Éirinn


Print page

Eolas

Ceangal dlíthiúil in Éirinn is ea é gach bás a tharlaíonn sa Stát a thaifeadadh agus a chlárú. Is in Oifig an Ard-Chláraitheora, an stór sibhialta lárnach, a choimeádtar taifid maidir le breitheanna, marbh-bhreitheanna, básanna, póstaí, páirtnéireachtaí sibhialta agus uchtuithe in Éirinn. Is féidir iarratas a dhéanamh chuig aon Chláraitheoir Breitheanna, Póstaí agus Básanna nó chuig Oifig an Ard-Chláraitheora ar chóip de dheimhniú báis.

Leis an Acht um Chlárú Sibhialta 2004 athraíodh cuid de na rialacha maidir le bás a chlárú. Tháinig na hathruithe sin i bhfeidhm an 5 Nollaig 2005.

Rialacha

Is féidir bás laistigh den Stát a chlárú le Cláraitheoir ar bith, is cuma cár tharla an bás. Ní mór bás a chlárú a luaithe is féidir tar éis an bháis agus laistigh de thrí mhí ó dháta an bháis.

I gcás bás duine de dheasca breoiteachta, ní mór don lia-chleachtóir cláraithe a d'fhreastail ar an duine básaithe le linn na breoiteachta Cuid 1 den Fhoirm Fógartha Báis a líonadh isteach agus a shíniú, ag tabhairt, ar feadh a eolais agus a thuairime, údar an bháis.

Ní mór don lia-chleachtóir cláraithe an Fhoirm Fógartha Báis a thabhairt do ghaol nó do pháirtnéir sibhialta an té nach maireann, ar choinníoll go bhfuil a leithéid de ghaol nó do pháirtnéir sibhialta ann, agus go bhfuil an gaol nó an páirtnéir sibhialta ábalta gníomhú mar fhaisnéiseoir cáilithe.

Ní mór don ghaol nó don pháirtnéir sibhialta Cuid 2 den fhoirm a líonadh isteach agus a shíniú. Sonraí pearsanta an té nach maireann a thugtar i gCuid 2. Ar Chuid 2 a bheith líonta isteach, ní mór don ghaol nó don pháirtnéir sibhialta an fhoirm a thabhairt d'aon Chláraitheoir Básanna a luaithe is féidir tar éis an bháis agus laistigh de thrí mhí ó dháta an bháis. Chun an clárú a thabhairt chun críche, ní mór don ghaol nó don pháirtnéir sibhialta Clár na mBásanna a shíniú i láthair an Chláraitheora.

I gcás bás a chlárú, is éard is brí le 'gaol nó páirtnéir sibhialta atá ábalta gníomhú mar fhaisnéiseoir cáilithe' gaol nó páirtnéir sibhialta an té nach maireann (cibé gaol fola, pósta nó páirtnéir sibhialta) a bhfuil eolas aici nó aige ar na sonraí riachtanacha i dtaca leis an mbás agus nach bhfuil neamhábalta ar fhorais drochshláinte na riachtanais sin a chomhlíonadh.

I gcás nach féidir leis an lia-chleachtóir cláraithe aon ghaol nó páirtnéir sibhialta den té nach maireann a aimsiú, gaol nó páirtnéir sibhialta atá in ann gníomhú mar fhaisnéiseoir cáilithe, ba cheart an Fhoirm Fógartha Báis a thabhairt do Phríomhoifigeach (nó d'oifigeach arna údarú ag Príomhoifigeach) an ospidéil (más in ospidéal a tharla an bás) nó d'adhlacóir nó d'fhaisnéiseoir cáilithe eile i gcás nach in ospidéal a tharla an bás.

Faisnéiseoirí Cáilithe

  • Gaol nó páirtnéir sibhialta an té nach maireann a bhfuil eolas aici nó aige ar na sonraí atá ag teastáil. (Tá dualgas ar an bhfaisnéiseoir cáilithe bás a chlárú laistigh de 3 mhí.)
  • Duine a bhí i láthair ag uair an bháis
  • Duine ar bith eile a bhfuil sonraí an bháis ar eolas acu
  • Má tharla an bás i bhfoirgneamh nó i gcuid d'fhoirgneamh a úsáidtear mar áit chónaithe, duine ar bith a bhí san fhoirgneamh nó sa chuid sin den fhoirgneamh ag uair an bháis
  • Má tharla an bás in ospidéal nó in institiúid eile nó i bhfoirgneamh nó i gcuid d'fhoirgneamh ina bhfuil eagraíocht nó fiontar eile lonnaithe, príomhoifigeach na hinstitiúide, na heagraíochta nó an fhiontair (cibé ainm atá uirthi/air) nó duine atá údaraithe ag an bpríomhoifigeach chun a fheidhmeanna nó a feidhmeanna a chomhlíonadh
  • Duine a d'aimsigh corp an té i dtrácht
  • Duine a ghlac cúram an choirp sin air/uirthi féin
  • Duine a rinne socruithe chun an corp sin a chur de láimh, nó
  • Duine ar bith eile a bhfuil sonraí an bháis ar eolas acu.

    (Tá dualgas ar fhaisnéiseoirí cáilithe nach gaol den té nach maireann iad
    • laistigh de 3 mhí ó dháta an bháis, an Fhoirm Fógartha Báis a thabhairt do ghaol nó do pháirtnéir sibhialta an té nach maireann agus atá in ann an bás a chlárú.
    • An bás a chlárú a luaithe is féidir mura bhfuil gaol nó páirtnéir sibhialta ag an té nach maireann nó murar an gaol nó an páirtnéir sin a aimsiú
    • An bás a chlárú a luaithe is féidir má tá breis is 3 mhí gafa thart ó dháta an bháis agus má fuair siad an fhoirm um Chlárú Báis)

Cuirtear básanna a tharla de dheasca rud éigin seachas breoiteacht, nó i gcás nach raibh an té ag freastal ar dhochtúir roimh bhás, ar aghaidh chuig an gCróinéir a chinneann an gá scrúdú iarbháis a dhéanamh. Déanfaidh an Cróinéir socruithe chun an bás a chlárú.
I gcás bás nár cláraíodh laistigh de bhliain ó dháta an bháis, ní mór don Phríomh-Chláraitheoir a chead a thabhairt i scríbhinn sular féidir le cláraitheoir an bás sin a chlárú. Is féidir iarratas a dhéanamh chuig Oifig um Chlárú Sibhialta ar bith.

Rátaí

Ní ghearrtar táille as bás a tharlaíonn in Éirinn a chlárú. Gearrtar táille as cóip de dheimhniú báis.

 

Eisítear deimhniú ar mhaithe le leas sóisialta ar chostas laghdaithe. Ní mór a chruthú gur ar mhaithe le leas sóisialta atá an deimhniú ag teastáil. Is leor litir ón Roinn Coimirce Sóisialta.

Seo a leanas na táillí a ghearrtar as deimhniú:

  • €20 ar dheimhniú caighdeánach iomlán
  • €1 ar chóip ar mhaithe le leas sóisialach (ní mór litir ón Roinn Coimirce Sóisialaí a sholáthar)
  • €4 ar chóip neamhdheimhnithe d'iontráil sa Chlár
  • €10 chun deimhniú a fhíordheimhniú (ar fáil ó Oifig an Ard-Chláraitheora amháin)

Cá háit le hiarratas a sheoladh

Déan teagmháil le haon oifig áitiúil de chuid cláraitheora sibhialta (sonraí teagmhála anseo) nó leis an bPríomh-Oifig Chlárúcháin chun cóip de dheimhniú báis a fháil. Má tá tú ag clárú an bháis, féadfaidh tú cóipeanna den deimhniú báis a fháil ag an am céanna.  Ní gá duit fanacht leis an deimhniú báis sula ndéanann tú éileamh ar shochair leasa shóisialaigh toisc go bhféadfar glacadh le cóip den fhógra Báis ón nuachtán má tá moill ar an deimhniú a fháil. 

Cliceáil anseo​ chun eolas a fháil ar conas iarratas a dhéanamh ar dheimhnithe 


Last modified:15/01/2018