Conas breith do linbh a chlárú


Print page

Eolas

De réir dhlí na hÉireann, ní mór duit breith linbh a chlárú laistigh de thrí mhí ó dháta breithe an linbh. Beidh deimhniú breithe ag teastáil uait chun do leanbh a chlárú i scoil, chun pas a fháil di nó dó agus ar mhaithe le mórán rudaí eile. (I gcás Sochar Linbh, déanfaidh an Roinn Coimirce Sóisialaí teagmháil leat a luaithe a chláraíonn tú breith do linbh.)

Bíonn sa deimhniú breithe an t-eolas i dtaobh an linbh agus i dtaobh thuismitheoirí an linbh a thugtar ag an gclárú, mar sin ní mór an t-eolas sin a bheith cruinn. Is deacair sonraí a athrú tar éis iad a chlárú. Féach Ceartú Earráidí agus Leasuithe Eile.

Mura bhfuil tuismitheoirí an linbh pósta ar a chéile, ní deirtear ar an deimhniú cé hé athair an linbh, murar tugadh ainm an athar ag an gclárú. Is féidir tuilleadh a léamh faoin tslí le hatharthacht linbh a fháil amach sa doiciméad Toimhdiú Atharthachta.

D'athraigh an tAcht um Chlárú Sibhialta 2004 cuid de na rialacha maidir le breith a chlárú. Tháinig na hathruithe sin i bhfeidhm an 5 Nollaig 2005.


Rialacha

Féadtar breith a chlárú in aon oifig de chuid Chláraitheoir Breitheanna, Póstaí agus Básanna, is cuma cé háit ar rugadh an leanbh. Beidh foireann an ospidéil inar rugadh an leanbh nó d'ionad sláinte áitiúil in ann a rá leat cá háit le dul chun an bhreith a chlárú. www.hse.ie

Ba cheart breith a chlárú laistigh de thrí mhí ó dháta breithe an linbh.

De ghnáth líonfaidh foireann an ospidéil Foirm um Fhógra Breithe (Foirm BNF/01) isteach in éineacht leis an tuismitheoir/na tuismitheoirí i gcás breitheanna in ospidéil. I gcás breitheanna baile is é an dochtúir nó an bhean chabhrach a líonann an fhoirm isteach. Iarrtar san fhoirm seo an t-eolas a chaithfear a thaifeadadh sa Chlár Breitheanna agus ba cheart tuismitheoir amháin nó an bheirt a bheith i láthair le cinntiú go mbíonn an t-eolas ceart agus cruinn. Cuirtear an fhoirm seo ar aghaidh chuig Oifig an Chláraitheora leis an mbreith a chur in iúl don Chláraitheoir. Ní leor é sin, áfach, chun breith a chlárú.

Cláraítear breith ar bhonn eolas a sholáthraíonn faisnéiseoir cáilithe a chaithfidh freastal ar Oifig an Chláraitheora chun Clár na mBreitheanna a shíniú. Is iad an mháthair agus an t-athair na priomhfhaisnéiseoirí agus más féidir, ba cheart dóibh an bhreith a chlárú go pearsanta. Ní mór dóibh foirm aitheantais grianghraif, pas nó ceadúnas tiomána, mar shampla, a bhreith leo, mar aon lena nUimhreacha Pearsanta Seirbhíse Poiblí. I gcásanna áirithe, má bhí an mháthair pósta roimhe seo, mar shampla, d'fhéadfadh eolas breise a bheith ag teastáil agus moltar teagmháil a dhéanamh leis an tSeirbhís Chlárúcháin Shibhialta roimh ré chun é sin a sheiceáil.

Má bhíonn na tuismitheoirí i bpósadh aitheanta, is leor do thuismitheoir amháin an clár a shíniú, ach féadfaidh siad beirt an clár a shíniú más mian leo. Má pósadh na tuismitheoirí i dtír eile, ba cheart dóibh an deimhniú pósta bunaidh a thabhairt leo, mar aon le haistriúchán, más gá.

I gcás nach gcláraíonn tuismitheoirí an bhreith, nó murar féidir leo an bhreith a chlárú, féadfaidh aon duine díobh seo a leanas gníomhú mar fhaisnéiseoir cláraithe:

  • ball ainmnithe d'fhoireann an ospidéil (nó foireann na hinstitiúide, na heagraíochta nó aon fhiontair eile) inar rugadh an leanbh
  • duine ar bith a bhí i láthair ag an mbreith
  • duine ar bith a bhí i láthair san fhoirgneamh inar rugadh an leanbh
  • duine ar bith eile atá i bhfeighil an linbh
  • duine atá ceaptha mar chaomhnóir an linbh
  • duine a bhfuarthas ina thuismitheoir nó ina tuismitheoir ar an leanbh é nó í, de réir ordú na gcúirteanna

Athchlárú breitheanna

Féadtar breith a athchlárú in aon cheann den dá chás seo a leanas:

  • i gcás nach bhfuil na tuismitheoirí pósta ar a chéile ach gur mian leo sonraí an athar a bheith cláraithe i gcás NÁR cláraíodh iad an chéad uair; nó
  • I gcás ina bpósann na tuismitheoirí an linbh a chéile tar éis bhreith an linbh.

Ba cheart ceisteanna a chur díreach ar Chláraitheoir na mBreitheanna, na bPóstaí agus na mBásanna. Inseoidh an Cláraitheoir duit cé na doiciméid agus an t-eolas a bheidh ag teastáil. Féadtar sloinne an linbh a athrú le toil na beirte tuismitheoirí.

Seo a leanas an t-eolas a chláraítear i gClár na mBreitheanna:

  • Sloinne. Ó Dheireadh Fómhair 1997 cláraítear sloinne le gach leanbh nuair a chláraítear an bhreith. Ní mór sloinne an athar nó na máthar nó an dá cheann a chlárú in éineacht leis an leanbh. Más mian leat sloinne seachas sloinne an athar nó na máthar nó na beirte a chlárú le haghaidh do linbh, caithfear iarratas i scríbhinn a dhéanamh chuig an Ard-Chláraitheoir nó chuig Príomh-Chláraitheoir.
  • Am, dáta agus áit bhreithe an linbh
  • Gnéas an linbh
  • Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (UPSP) an linbh (leithdháiltear é nuair a chláraítear an bhreith)
  • Céadainm(neacha) agus sloinne an linbh
  • Céadainm(neacha) agus sloinne na máthar
  • Sloinne breithe na máthar
  • Gach sloinne eile a bhí ag an mháthair riamh (más ann dóibh)
  • Gnáthphost na máthar
  • Gnáthsheoladh na máthar ag uair na breithe
  • Dáta breithe na máthar
  • Stádas sibhialta na máthar ag uair na breithe
  • UPSP (Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí) na máthar
  • Sloinne breithe mháthair na máthar

Cuirtear isteach na sonraí céanna i gcás an athar.

Ba cheart smaoineamh go cúramach ar an sloinne a thabharfar don leanbh agus an sloinne is oiriúnaí a chlárú i gClár na mBreitheanna. I gcásanna ina gcláraítear sonraí na beirte tuismitheoirí, ní féidir sloinne páiste a athrú tar éis an chláraithe, ach amháin má phósann na tuismitheoirí i ndiaidh na breithe.

Má d'uchtaigh tú leanbh, cibé leanbh Éireannach nó leanbh ó thír eile, is é an tÚdarás Uchtála a dhéanfaidh an clárú a phróiseáil. Gheofar eolas breise ach Leanbh a Uchtú agus Uchtuithe Idirthíre a cheadú.

Tuismitheoirí Neamhphósta

Tá roghanna difriúla cláraithe ann, lena n-áirítear sonraí an athar, i gcás nach bhfuil an mháthair agus an t-athair pósta ar a chéile. (Gheofar na foirmeacha cuí ó Oifig an Chláraitheora.)

Seo a leanas na roghanna:

  • Féadfaidh an t-athair agus an mháthair an clárú a iarraidh i dteannta a chéile (foirm CRA9) Téann siad beirt chuig Oifig an Chláraitheora agus síníonn siad an clár i dteannta a chéile.
  • Féadfaidh an mháthair foirm dhearbhaithe a líonadh isteach agus an t-athair a ainmniú (Foirm CRA 1) agus í a bhreith léi, mar aon le dearbhú ó athair an linbh ag admháil gurb é athair an linbh (Foirm CRA 3). Síníonn an mháthair an clár.
  • Féadfaidh an t-athair foirm dhearbhaithe a shíniú ag admháil gurb é eisean athair an linbh (Foirm CRA 2) agus féadfaidh sé dul chuig Oifig an Chláraitheora é féin, agus dearbhú aige sínithe ag an mháthair á rá gurb é eisean an t-athair (Foirm CRA 4). Síníonn an t-athair an clár.
  • Féadfaidh an mháthair nó an t-athair iarratas a dhéanamh i scríbhinn (Foirm CRA 5 agus Foirm CRA 6 faoi seach) ar chóip dheimhnithe d'ordú cúirte a sholáthar, ordú a ainmníonn an té atá le clárú mar athair an linbh. Iarrfar ar an tuismitheoir a dhéanann an t-iarratas freastal ar Oifig an Chláraitheora chun Clár na mBreitheanna a shíniú.
  • Má phósann tú tar éis bhreith do linbh, agus mura bhfuil ainm an athar cláraithe cheana féin i gClár na mBreitheanna, féadfaidh tú an bhreith a athchlárú.

Rátaí

Ní ghearrtar aon táille as breith a chlárú, ná as breith a athchlárú chun sonraí tuismitheora a chur ar áireamh ann. Gearrtar €5 de tháille chun céadainm a chur isteach nó a athrú. Gearrtar táille as Deimhniú Breithe a sholáthar.

Eisítear deimhniú ar mhaithe le leas sóisialta ar chostas laghdaithe. Ní mór a chruthú gur ar mhaithe le leas sóisialta atá an deimhniú ag teastáil. Is leor litir ón Roinn Coimirce Sóisialta.

Seo a leanas na táillí le haghaidh deimhniú:

  • €20 le haghaidh deimhniú caighdeánach iomlán
  • €1 le haghaidh cóip ar mhaithe le leas sóisialach (ní mór litir ón Roinn Coimirce Shóisialaí a sholáthar)
  • €4 le haghaidh cóip neamhdheimhnithe d'iontráil sa Chlár
  • €10 chun deimhniú a fhíordheimhniú (ar fáil ó Oifig an Ard-Chláraitheora amháin)

Conas iarratas a dhéanamh

Cliceáil anseo​ chun eolas a fháil ar conas iarratas a dhéanamh ar dheimhnithe.

Ceartú Earráidí agus Leasuithe Eile

Doiciméad dlíthiúil is ea deimhniú breithe agus ní féidir é a leasú ach amháin má bhíonn chúis bhailí ann chun sin a dhéanamh, de bhrí go bhfuil sé de dhualgas ar an tSeirbhís Chlárúcháin Shibhialta iomláine na dtaifead a chosaint. I gcásanna ina raibh an t-eolas a tugadh AG UAIR NA BREITHE NÓ AG AN ATHCHLÁRÚ neamhchruinn nó lochtach, tá roinnt forálacha agus gnásanna a chaithfear a chomhlíonadh sular féidir an iontráil a leasú.

Earráidí Cléireachais

I gcásanna ina litrítear focal mícheart in iontráil, ina gcuirtear focail san ord mícheart (m.sh. sloinne agus céadainm a bheith san ord mícheart) nó ina ndéantar earráid chléireachais eile, is féidir é a cheartú faoi fhorálacha alt 63 den Acht um Chlárú Sibhialta, 2004.

Féadfaidh páirtí leasmhar ar bith (m.sh. tuismitheoir, gaol, páirtnéir sibhialta nó an té lena mbaineann an iontráil (más duine fásta é/í)) iarratas a dhéanamh i scríbhinn chuig Príomh-Chláraitheoir ar bith (in aon oifig clárúcháin) chun earráid chléireachais a cheartú. Tá foirm iarratais ar fáil chuige sin i ngach oifig clárúcháin áitiúil, agus ní mór í a líonadh isteach agus a chur ar ais chuig an bPríomh-Chláraitheoir, mar aon le roinnt fianaise dhoiciméadach ar an litriú ceart, srl. (murar léir an earráid, ar ndóigh). Má bhíonn an Príomh-Chláraitheoir sásta go ndearnadh earráid chléireachais, déantar an earráid a cheartú.

Nóta: Is féidir na hearráidí seo a cheartú in oifig clárúcháin áitiúil agus ní gá teagmháil a dhéanamh le hOifig an Ard-Chláraitheora ina dtaobh.

Earráidí Fíriciúla

Féadfar earráidí fíriciúla ar nós sonraí earráideacha de sheoltaí, de shlite beatha, de dhátaí agus mar sin de, a cheartú, leis, faoi alt 63 den Acht.

Faoi mar a dhéantar le hearráidí cléireachais, féadfaidh páirtí leasmhar iarratas i scríbhinn a dhéanamh ar fhoirm riaracháin chun na críche sin, foirm a bhíonn le fáil i ngach oifig clárúcháin áitúil, agus ní mór an fhoirm seo a líonadh isteach agus a chur ar ais chuig an bPríomh-Chláraitheoir, mar aon le fianaise dhoiciméadach ar na sonraí cearta.

Lena chois sin, caithfear dearbhú reachtúil a fháil ó fhaisnéiseoir cailithe (féach liosta na bhfaisnéiseoirí cáilithe i roinn 3) sular féidir an earráid fhíriciúil a cheartú. Murar féidir faisnéiseoir cáilithe, a bhfuil fios na sonraí riachtanacha aige nó aici agus atá in ann gníomhú, a aimsiú d'fhéadfadh an Príomh-Chláraitheoir glacadh le dearbhuithe reachtúla leithleacha ó bheirt inchreidte a bhfuil fios na bhfíricí acu (samplaí de dhaoine inchreidte is ea siblíní, gaolta, comharsana, etc.)

Má bhíonn an Príomh-Chláraitheoir sásta go ndearnadh earráid fíriciúil sa chlár agus ar choinníoll go bhfuil an dearbhú riachtanach/na dearbhuithe riachtanacha déanta ag faisnéiseoir cáilithe nó ag beirt inchreidte, féadtar an iontráil a cheartú.

Murar féidir faisnéiseoir cáilithe ná beirt inchreidte a aimsiú, d'fhéadfadh an Príomh-Chláraitheoir an cás a tharchur chuig an Ard-Chláraitheoir, a d'fhéadfadh déileáil leis an iarratas mar cheist de bhun alt 65 den Acht.

Maidir le hearráidí i dtaca le Tuismitheoireacht, ní mór Dearbhú Tuismitheoireachta, a rinneadh faoi alt 35 den Acht um Stádas Leanaí, 1987 a bheith ag Príomh-Chláraitheoir chun ceartú earráid fhíriciúil i gclár na mbreitheanna a údarú. Bíonn na dearbhuithe sin ina gceangal dlí ar an Stát agus is fianaise dhoiciméadach ar thuismitheoireacht iad. Cásanna maidir le gach cineál fianaise eile (ar nós orduithe cúirte agus torthaí ar thástáil DNA atharthachta) breithneoidh an tArd-Chláraitheoir iad faoi fhorálacha alt 65 den Acht (féach 7.4 thíos).

Is iad na Cúirteanna Dlí Teaghlaigh Chuarda a eisíonn Dearbhuithe Tuismitheoireachta. An leanbh a chaithfidh an t-iarratas a dhéanamh (nó, más mionaoiseach é, tuismitheoir nó caomhnóir a ghníomhaíonn mar neaschara an linbh).

A luaithe a bhíonn dearbhú déanta agus eisithe, ba cheart é a thabhairt chuig an bPríomh-Chláraitheoir, a dhéanfaidh socruithe chun é a chur chun feidhme.

Iarratas faoi Alt 65 den Acht um Chlárú Sibhialta 2004

Foráiltear in Alt 65 go bhféadfaidh an tArd-Chláraitheoir aon iontráil a scrúdú le cinneadh cibé an bhfuil na sonraí inti ceart agus iomlán agus, murarb amhlaidh, chun socruithe a dhéanamh chun an iontráil a cheartú agus/nó a chomhlánú, mar is cuí.

I gcoitinne, ní féidir ach iarratais nach féidir déileáil leo faoi aon fhoráil eile (ar nós alt 63 thuas) a tharchur chuig an Ard-Chláraitheoir, ag lorg fiosrú faoi alt 65. Seo a leanas na príomhchineálacha fiosraithe a ndéileáiltear leo i láthair na huaire faoi alt 65:

  • Cásanna i dtaca le hatharthacht linbh, má bhíonn fianaise ann (ar nós torthaí thástáil DNA atharthachta) nach é an fear atá cláraithe sa chlár athair fola an linbh agus/nó gur fear eile is athair don leanbh
  • Cásanna inar bhain tuismitheoir nó tuismitheoirí an linbh úsáid as aitheantas bréige an uair a cláraíodh nó a athchláraíodh breith an linbh
  • Cásanna a ndéileálfaí leo faoi alt 25 (athrú, clárú nó breis a chur le céadainm an linbh san iontráil) ach go bhfuil na tuismitheoirí básaithe nó nach bhfuil ar a gcumas gníomhú ar chúis éigin eile
  • Cásanna ina raibh na tuismitheoirí pósta ag uair na breithe ach nach raibh an pósadh cláraithe nó gur cláraíodh an stádas sibhialta go mícheart ag an am.
  • Cásanna maidir le hearráidí fíriciúla a ndéileálfaí leo faoi alt 63 ach nach féidir faisnéiseoir cáilithe ná beirt inchreidte a aimsiú.

Sna ranna seo a leanas gheofar sonraí gnásanna ar leith chun déileáil leis na cineálacha fiosruithe atá liostaithe thuas. I gcoitinne, ní mór gach iarratas ar fhiosrú faoi alt 65 a chur i scríbhinn chuig an Ard-Chláraitheoir.

Má chinneann an tArd-Chláraitheoir gur cuí fiosrú a dhéanamh faoi alt 65, scríobhfar chuig gach páirtí leasmhar agus/nó duine ar bith a gcreideann an tArd-Chláraitheoir go bhféadfadh sé/sí eolas ábhartha a sholáthar dó agus iarrfar orthu an t-eolas ábhartha a chur chuige, mar aon lena dtuairimí agus aon fhianaise dhoiciméadach thacaíochta. Beidh 28 lá ag na daoine sin chun an t-eolas a chur ar fáil agus aighneacht a dhéanamh.

Is gnách aighneachtaí a iarrtar faoi alt 65 a dhéanamh i bhfoirm dearbhú reachtúil nó mionnscríbhinn.

Nuair a bhíonn aighneachtaí déanta ag na páirtithe ar fad, cuirfidh an tArd-Chláraitheoir deireadh leis an bhfiosrú, agus má bhíonn sé sásta go n-éilíonn an fhianaise agus na haighneachtaí é, údaróidh sé leasuithe cuí ar an iontráil. I gcásanna áirithe, tabharfar 28 lá breise do pháirtithe leasmhara chun aighneachtaí eile a dhéanamh sula gcuirfear an leasú i gcrích.

N/B Duine ar bith nach gcomhoibríonn le fiosrú faoi alt 65, nó a dhiúltaíonn comhoibriú leis, beidh sé ciontach i gcion agus ar é a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná £2,000 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh aon téarma nach faide ná sé mhí, nó an fhíneáil agus an phríosúnacht le chéile, a chur air.

Cásanna Atharthachta

I gcásanna inar cosúil nach é an fear atá ainmnithe mar athair an linbh san iontráil athair fola an linbh nó gur fear eile is athair dó nó di, ní mór iarratas i scríbhinn a dhéanamh chuig an Ard-Chláraitheoir. Ba cheart ainm, dáta breithe agus áit bhreithe an linbh a bheith san iarratas seo (ionas gur féidir an iontráil a aimsiú) agus ba cheart na sonraí is gá a athrú a lua (.i. sonraí athair an linbh a bhaint, ainm an athar fhola a chur ina áit (más cuí) agus aon leasú is gá a dhéanamh ar shloinne an linbh.) D'fhéadfaí aon fhianaise dhoiciméadach (ar nós torthaí thástáil atharthachta DNA nó cinneadh cúirte i dtaca le hatharthacht) ag tacú leis an iarratas a chur faoi iamh leis.

Tar éis don Ard-Chláraitheoir an t-iarratas a fháil, cinnfidh sé cibé ar cheart fiosrú a dhéanamh faoi alt 65. Má chinneann sé fiosrú a dhéanamh, rachfar i dteagmháil leis an iarratasóir i scríbhinn agus iarrfar air/uirthi an méid seo a leanas a sholáthar:

  • Dearbhú reachtúil (beidh foirm faoi iamh) ó mháthair an linbh, á rá nach é an fear atá ainmnithe san iontráil athair fola an linbh agus (más cuí) ag tabhairt ainm an athar fhola agus ag toiliú le sonraí an fhear atá cláraithe mar athair a scrios agus (más cuí) ag toiliú le sonraí an athar fhola a bheith curtha ar áireamh agus ag lua na fianaise ar a bhfuil a dearbhú bunaithe (m.sh. torthaí thástáil DNA).
  • Dearbhú reachtúil (beidh foirm faoi iamh) ón bhfear atá ainmnithe mar athair san iontráil, á rá nach é an t-athair fola é agus (más cuí) ag tabhairt ainm an athar fhola agus ag toiliú lena shonraí féin a bheith scriosta agus (más cuí) ag toiliú le sonraí an athar fhola a bheith curtha ar áireamh agus ag lua na fianaise ar a bhfuil a dhearbhú bunaithe (m.sh. torthaí thástáil DNA).
  • (Más cuí amháin) Dearbhú reachtúil (beidh foirm faoi iamh) ón athair fola, á rá nach é an fear atá ainmnithe mar athair san iontráil athair fola an linbh agus ag deimhniú gurb é féin an t-athair fola agus ag toiliú le sonraí an fhear atá cláraithe mar athair a scrios agus ag toiliú lena shonraí féin a bheith curtha ar áireamh agus ag lua na fianaise ar a bhfuil a dhearbhú bunaithe (m.sh. torthaí thástáil DNA).
  • Fianaise ar atharthacht – na torthaí ar thástáil atharthachta DNA más ar Chaighdeán Fianaiseach Cúirte atá siad. Ciallaíonn sin go gcaithfidh slabhra rialaithe na samplaí DNA a cuireadh ar fáil a bheith coimeádta i gcónaí ag tríú páirtí neamhspleách, a d'fhéadfadh a dheimhniú gurb amhlaidh. Ní ghlactar le torthaí tástála bunaithe ar threalamh "tástáil bhaile", de bhrí nach mbeidh fianaise neamhspleách ann gur tógadh na samplaí ó na daoine ainmnithe agus/nó gur cosnaíodh iomláine na samplaí a tógadh i gcónaí.

Ba cheart samplaí do thástálacha atharthachta DNA a bheith tógtha ó na hainmnithe ag duine cáilithe atá ceangailte le clinic/saotharlann, nó ag lia-chleachtóir, a chuireann na samplaí ar aghaidh go pearsanta lena dtástáil agus a fhaigheann na torthaí. I ngach cás ní mór don duine cáilithe nó don lia-chleachtóir a dheimhniú gur coimeádadh an slabhra rialaithe i gcónaí.

Féachfar ar Ordú Cúirte, ina ndearnadh cinneadh mar gheall ar thuismitheoireacht nó neamhthuismitheoireacht, mar fhianaise.

  • Cuirfear foirmeacha riaracháin faoi iamh ina n-iarrfar sonraí an tuismitheora nó na dtuismitheoirí, ar mhaithe leis an gclár a thabhairt chun dáta.
  • Más cuí, cuirfear foirm iarratais faoi iamh ina n-iarrfar toiliú an tuismitheora nó na dtuismitheoirí d'aon athrú ar shloinne an linbh a bhí ina chuid den iarratas bunaidh.
  • Aon dearcadh, tuairim nó fianaise ábhartha eile a dteastódh na páirtithe a sholáthar lena breithniú ag an Ard-Chláraitheoir.

Nuair a bhíonn aighneachtaí faighte ó na páirtithe ar fad, cuirfidh an tArd-Chláraitheoir deireadh leis an bhfiosrú, agus má bhíonn sé sásta go n-éilíonn an fhianaise agus na haighneachtaí é, cuirfidh sé a chinneadh in iúl do na páirtithe ar fad. Tabharfar tréimhse nach faide ná 28 lá do na páirtithe ar fad chun a dtuairim ar an gcinneadh a chur in iúl agus chun aon fhianaise bhreise nó fhorlíontach a chur ar aghaidh lena breithniú. Má ghlacann na páirtithe ar fad leis an gcinneadh sula mbeidh an 28 lá gafa thart, déanfar an leasú. Más amhlaidh, tar éis 28 lá, nach bhfuarthas scéala ó pháirtí amháin nó níos mó, cuirfear in iúl dóibh i scríbhinn go ndéanfar an leasú, gan comhfhreagras breise, nuair a bhíonn 28 lá eile gafa thart.

Cuirfear scéala chuig gach páirtí tar éis an leasú a bheith déanta.

Nóta #1: Cuireadh na gnásanna thuas i bhfeidhm de bhun comhairle dlí a fuair an tArd-Chláraitheoir. Comhairlíodh gur ábhar tábhachtach ó thaobh an bhunreachta agus ábhar bunúsach é tuismitheoireacht linbh agus go gcaithfear an cúram is mó is féidir agus fianaise ar an gcaighdeán is airde a sholáthar sular féidir sonraí atharthachta in iontráil a leasú.

Comhairlíodh don Ard-Chláraitheoir, leis, gur cheart toiliú gach páirtí sa leasú beartaithe a fháil. I gcás nach dtugtar an toiliú, d'fhéadfadh sé nárbh fhéidir an leasú a údarú. I gcásanna mar sin, comhairleofar don iarratasóir go mb'fhéidir go lorgófar Dearbhú Tuismitheoireachta (féach alt 7.2 thuas) d'fhonn an leasú iarrtha a chur i gcrích, de bhrí go bhfuil dearbhuithe den chineál sin ina gceangal ar an Stát, beag beann ar easpa toilithe ó aon cheann de na páirtithe.

Nóta #2: Le cois an iontráil a leasú chun sonraí an athar a bhaint (agus, más cuí, sonraí an athar fhola a chur ar áireamh ann), féadfar sloinne an linbh a leasú, más é an sloinne sin sloinne (nó cuid de) an fhear ar baineadh a shonraí den iontráil. Is í an mháthair a chinnfidh sloinne an linbh, nó an mháthair agus an t-athair (de chomhthoil) mar is cuí. I gcás ina bhfuil aitheantas bunaithe ag leanbh sa sloinne atá aige/aici, breithneoidh an tArd-Chláraitheoir iarratais chun an sloinne reatha a choimeád. I gcás ina bhfuil an leanbh fásta go leor chun tuairim a bheith aige/aicí maidir lena s(h)loinne (14 bliana nó os a chionn) iarrfar na tuairimí sin i scríbhinn agus breithneofar iad.

Aitheantais Bhréige

Ar chúiseanna éagsúla, d'fhéadfadh sé gur chláraigh tuismitheoir nó tuismitheoirí breith linbh le haitheantas bréige agus d'fhéadfadh sé gur tugadh ainm bréige don leanbh.

I gcásanna mar sin, ní mór iarratas a dhéanamh i scríbhinn chuig an Ard-Chláraitheoir, ag lua na sonraí is gá a leasú.

De bhrí go bhféadfadh na sonraí a bheith éagsúil ó chás go cás, d'fhéadfadh na gnásanna chun déileáil leis na hiarratais seo a bheith éagsúil, leis, faoi mar is amhlaidh i gcás an eolas a bheidh ag teastáil ón Ard-Chláraitheoir. Bíonn na sonraí a leanas de dhíth de ghnáth:

  • Dearbhú reachtúil nó mionnscríbhinn ó thuismitheoir nó ó na tuismitheoirí, ina sonraítear na tosca inar ceapadh an t-ainm breise agus inar úsáideadh é.
  • Deimhnithe Breithe agus Pósta bunaidh (aistrithe agus fíordheimhnithe, más gá)
  • Pasanna bunaidh agus/nó aitheantas grianghraif eile – san aitheantas bréige agus san fhíoraitheantas araon (aistrithe agus fíordheimhnithe, más gá)
  • Fianaise dhoiciméadach go mbaineann na hainmneacha a úsáideadh leis an aon duine amháin – bheadh litreacha ó thríú páirtithe neamhspleácha ar nós Gardaí, Oifigigh Imirce, baill den chléir, srl., an-úsáideach.
  • Fianaise dhoiciméadach gur choimeád an tuismitheoir nó na tuismitheoirí a bhfíoraitheantas fad a bhí an t-ainm bréige/na hainmneacha bréige á n-úsáid
  • Aon fhianaise nó tuairim eile a thacódh leis an iarratas agus ar mian leis an iarratasóir í a chur ar aghaidh lena breithniú
  • Cuirfear foirmeacha riaracháin faoi iamh ina n-iarrfar sonraí an tuismitheora nó na dtuismitheoirí, ar mhaithe leis an gclár a thabhairt chun dáta.
  • Más cuí, cuirfear foirm iarratais faoi iamh ina n-iarrfar toiliú an tuismitheora nó na dtuismitheoirí d'aon athrú ar shloinne an linbh a bhí ina chuid den iarratas bunaidh.
  • I gcásanna áírithe, d'fhéadfadh sé a bheith inmhianaithe go soláthródh an tuismitheoir nó na tuismitheoirí fianaise (ar nós torthaí thástáil DNA) a chruthódh gurb iadsan tuismitheoir nó tuismitheoirí fola an linbh.

Cásanna céadainm

Iarratais is ea iad seo ar bhreis nó ar leasú ar chéadainm an té dá dtagraíonn an iontráil. Tá forálacha faoi alt 25 den Acht a cheadaíonn do thuismitheoirí linbh a chéadainm nó a céadainm a leasú, a athrú nó céadainm nua a chur leis agus féadtar é sin a dhéanamh in oifig clárúcháin áitiúil. I gcás ina bhfuil na tuismitheoirí básaithe, nó nach féidir leo gníomhú ar chúis éigin eile, ní mór déileáil leis an iarratas faoi alt 65.

Ní mór iarratas i scríbhinn a chur chuig an Ard-Chláraitheoir. Teastóidh na nithe seo a leanas chun iarratas mar sin a phróiseáil:

  • Foirmacha riaracháin (a bheidh faoi iamh) ina n-iarrfar sonraí an tuismitheora nó na dtuismitheoirí, ar mhaithe leis an gclár a thabhairt chun dáta
  • Cruthúnas ar úsáid an ainm in óige an iarratasóra, ar nós deimhniú breithe, nó taifid bhunscoile.
  • Cruthúnas go bhfuil an t-ainm in úsáid i láthair na huaire.

Nóta: Ní ceadmhach don Ard-Chláraitheoir ach céadainm a leasú, a athrú nó céadainm nua a chur leis chun léiriú a thabhairt ar na céadainmneacha a roghnaigh na tuismitheoirí in óige an linbh agus a úsáideadh ó shin i leith. Ní ceadmhach forálacha alt 65 a úsáid chun iontráil a thabhairt chun dáta chun léiriú a thabhairt ar chéadainm a roghnaíodh nó a leasaíodh ó tháinig an t-iarratasóir chun bheith ina dhuine nó ina duine fásta. I gcásanna mar sin, moltar do dhaoine gníomhas aonpháirtí a mhionnú mar fhianaise ar an athrú (féach roinn 12 thíos chun sonraí teagmhála a fháil)

Stádas Sibhialta

I gcás breith a cláraíodh ach nárbh fhéidir stádas sibhialta na dtuismitheoirí a fháil amach ag an am (toisc nárbh fhéidir le tuismitheoir amháin nó an bheirt cóip den deimhniú pósta shibhialta a sholáthar, nó nach rabhthas soiléir faoi aithint dhlíthiúil a bheith ag an bpósadh) fágann an cláraitheoir stádas sibhialta na lánúine bán san iontráil. I gcásanna áirithe, de bhrí nárbh fhéidir leis an athair a bheith i láthair ag an mbreith, nó dearbhú reachtúil a dhéanamh gurb eisean an t-athair, ní bheifí tar éis a shonraí a chlárú le sonraí na breithe.

Ar iarratas i scríbhinn a bheith faighte ó thuismitheoir amháin nó ón mbeirt tuismitheoir, iarrfaidh an tArd-Chláraitheoir:

  • Foirmeacha riaracháin (a bheidh faoi iamh) ina n-iarrfar sonraí an tuismitheora nó na dtuismitheoirí, ar mhaithe leis an gclár a thabhairt chun dáta.
  • Cóip bhunaidh (nach fótachóip é) de dheimhniú pósta shibhialta (aistrithe agus fíordheimhnithe, más cuí)
  • I gcásanna ina bhfuil éiginnteacht ann mar gheall ar aitheantas do phósadh, litir ó na húdaráis shibhialta sa tír ina ndearnadh an pósadh nó dearbhú cúirte, a rinneadh faoi alt 29 den Acht um Dhlí Teaghlaigh, 1995, ina n-aithnítear an pósadh
  • Má bhíonn iarratas chun sloinne an athar a thabhairt don leanbh ar áireamh san iarratas, d'fhéadfadh foirm toiliú frithpháirteach a bheith ag teastáil.

Nuair nach mbíonn Faisnéiseoir Cáilithe ar fáil

Féadtar cásanna a ndéileálfaí leo faoi alt 63 den Acht, ach amháin nach féidir faisnéiseoir cáilithe ná beirt inchreidte a bhfuil eolas acu ar na sonraí riachtanacha a aimsiú, a tharchur chuig an Ard-Chláraitheoir.

Déileálfar le gach cás mar sin ar a thuillteanas agus scríofar chuig an iarratasóir ag sonrú aon riachtanas nó eolas breise a theastaíonn ón Ard-Chláraitheoir.

Ar ais go barr

Last modified:15/01/2018