Comhlíonann an Roinn Coimirce Sóisialaí na rialacháin maidir le Athúsáid Faisnéise na hEarnála Poiblí agus spreagaimid daoine chun an fhaisnéis a chuirimid ar fáil a athúsáid. Tá na rialacháin ar fáil ag http://www.psi.gov.ie
Is féidir faisnéis agus doiciméid a fhaightear ón suíomh gréasáin seo a atáirgeadh nó a athúsáid faoi réir an cheadúnais is déanaí um Fhaisnéis na hEarnála Poiblí atá ar fáil ag http://www.psi.gov.ie
Tá an fhaisnéis atá le feiceáil ar ár suíomh gréasáin faoi chóipcheart na Roinne Coimirce Sóisialaí. Féadfaidh tú an fhaisnéis ar ár láithreán gréasáin a úsáid saor in aisce. Ciallaíonn athúsáid cóipeáil, cóipeanna a eisiúint don phobal, foilsiú, craoladh agus aistriú go teangacha eile. Clúdaíonn sé taighde agus staidéar neamhthráchtála. Bíonn athúsáid faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas. Ní mór duit:
- An fhoinse agus ár gcóipcheart a aithint i gcásanna ina soláthraíonn tú an fhaisnéis do dhaoine eile;
- Faisnéis a atáirgeadh go cruinn;
- Gan an fhaisnéis a úsáid ar bhealach míthreorach;
- Gan an fhaisnéis a úsáid sa chaoi gurb é a príomhchuspóir táirge nó seirbhís áirithe a chur chun cinn nó fógraíocht a dhéanamh faoi;
- Gan an fhaisnéis a úsáid le haghaidh nó ar mhaithe le cuspóirí mídhleathacha, mímhorálta, calaoiseacha nó mímhacánta.
Níl an Roinn Coimirce Sóisialaí faoi dhliteanas as aon chaillteanas ná dliteanas a bhaineann le hathúsáid faisnéise agus ní dhearbhaíonn sí go bhfuil an fhaisnéis cothrom le dáta ná saor ó earráidí. Ní thugann an Roinn Coimirce Sóisialaí údarú d'aon úsáideoir cearta eisiacha a bheith aige nó aici maidir le hathúsáid a cuid faisnéise.
Chun sonraí iomlána a fháil faoin fhaisnéis atá á gcoinneáil ar an suíomh gréasáin seo féach ar ár mapa láithreáin.
Féach ar Treoir maidir le Feidhmeanna & Taifid na Roinne chun liosta a fháil den fhaisnéis atá á coinneáil ag an Roinn. Tá leagan Gaeilge den fhoilseachán seo ar fáil (formáid pdf amháin)
Chun tuilleadh eolais a fháil ar athúsáid na faisnéise a choinníonn an Roinn Coimirce Sóisialaí, déan teagmháil le
Paul Morrin
Teileafón 00 353 1 7043014
ríomhphost Paul.Morrin@welfare.ie