Íocaíocht Theaghlaigh Aontuismitheora - SW 82


Print page

Íocaíocht is ea an Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora a íoctar le fir agus mná atá ag tógáil linbh gan tacaíocht ó pháirtnéir.


Féadfaidh tú iarratas a dhéanamh ar an Íocaíocht seo:

  • má tá tú neamhphósta, i mbaintreachas nó i do pháirtnéir sibhialta marthanach, i do chéile príosúnaigh nó i do pháirtnéir sibhialta príosúnaigh, idirscartha nó colscartha,

  • má rinneadh do phósadh a neamhniú nó do pháirtnéireacht shibhialta nó d'aontas sibhialta a dhíscaoileadh agus más amhlaidh nach gcónaíonn tú le do chéile nó do pháirtnéir sibhialta a thuilleadh,

  • mura gcónaíonn tú le do pháirtnéir comhchónaitheora a thuilleadh.
Last modified:15/09/2015