Aip Jobseeker


Print page

An tslí is fusa le post a fháil ar láithreán Gréasáin Jobs Ireland ná trí aip Jobseeker. Áit mhargaidh ar líne is ea Jobs Ireland mar a bhfaighidh cuardaitheoirí poist eolas  ar jabanna, ar dheiseanna intéirneachta JobBridge, ar dheiseanna WPP agus ar fholúntais Fostaíocht Pobail d’fhoireann in Éirinn agus ar fud na hEorpa, agus mar a bhfaigheann fostóirí próifílí a d'oirfeadh d'fholúntais atá acu, folúntais agus foireann Fostaíocht Pobail in Éirinn agus ar fud na hEorpa Cuireann Jobs Ireland bunachar sonraí de chúrsaí oiliúna ar fáil chun freastal do gach riachtanas.

Chun úsáid a bhaint as an aip ní gá ach é a íoslódáil agus do jabtheideal nó eochairfhocal mar aon le hainm do bhaile nó do chathrach a iontráil ann. Fógraítear breis is 300 post gach lá ar Jobs Ireland, mar sin moltar duit an chéad chéim eile i do ghairm a ghlacadh agus cuardach a dhéanamh ar aip Jobseeker.

Gnéithe Cuardaigh

  • Cuardach simplí le hEochairfhocail, Cineál Poist, Suíomh agus Earnáil Fostaíochta
  • Nascleanúint shoiléir
  • Is féidir rogha na bpost páirtaimseartha amháin a chuardach
  • Roghnaigh suíomh de réir contae chun féachaint ar liosta na bpost, nó féach ar a thuilleadh post ach an cnaipe 'Féach Jabanna Eile' a bhrú
  • Is féidir post a sheoladh le ríomhphost nó é a chomhroinnt ar Facebook agus Twitter
  • Beidh rogha agat glaoch ar fhostóirí díreach ó do iPhone, sin nó ríomhphost a chur chucu.
  • Féach an gcáilíonn tú do Chláir Socrúchán Oibre, d'Intéirneacht agus do Chláir Fostaíocht Pobail.

Tacaíocht

Má tá fadhb agat leis an bhfeidhmchlár nó má theipeann ar an aip agus tú á lódáil, nó mura n-oibríonn an aip ar do shás láimhe, cuir ríomhphost chugainn ag dspapp@welfare.ie agus déanfaimid iarracht an fhadhb a réiteach duit.

Gheofar an Feidhmchlár le híoslódáil ó:

Siopa Aipeanna Apple

Margadh Android

Last modified:25/01/2013