Ní íoctar Pinsean na nDall lasmuigh den Stát, de ghnáth. Má théann tú chun cónaí i dTuaisceart na hÉireann, áfach, agus má bhí Pinsean na nDall á fháil agat díreach sular bhog tú, is féidir go leanfar de do phinsean a íoc go ceann suas le 5 bliana nó go dtí go bhfaighidh tú a macasamhail d’íocaíocht ón údarás cuí san áit sin más túisce a tharlóidh sé sin.
Má tá tú ag fágáil an Stáit, is cóir duit é sin a chur in iúl don Roinn, agus ní don institiúid airgeadais ná d’oifig an phoist ina bhfaigheann tú d’íocaíocht. Nuair a fhillfidh tú chun cónaí anseo is cóir duit athiarratas a dhéanamh láithreach ar do phinsean.