Conas is féidir liom mo Phas Saorthaistil a úsáid?


Print page

 

Is gá duit do Phas Saorthaistil a thaispeáint i gcónaí, le bheith ag taisteal saor in aisce.

Má bhíonn tú ag taisteal le Bus Átha Cliath, Bus Éireann nó ar sheirbhísí bus príobháideacha:

  • bíonn ort do Phas Saorthaistil a thaispeáint don tiománaí bus nuair a théann tú in airde ar an mbus. Ní gá go mbeadh ticéad bus agat chun na seirbhísí seo a úsáid.

Sula n-úsáideann tú príomhlíne Iarnród Éireann, DART nó seirbhísí seachtracha fobhailteacha:

  • bíonn ort do Phas Saorthaistil a thaispeáint ag deasc na dticéad sa stáisiún traenach agus ticéad iarnróid saor in aisce a fháil. Má tá tú chun filleadh ar an lá céanna, gheobhaidh tú ticéad Fillte Lae. Gheobhaidh tú ticéad turas aonair i ngach cás eile. Beidh ort ticéad singil eile a fháil, sula ndéanfaidh tú do thuras fillte.

Nuair a bhíonn seirbhísí farantóireachta príobháideacha in úsáid agat:

  • bíonn ort do Phas Saorthaistil a thaispeáint d'oibreoir an bháid farantóireachta. Faigheann tú ticéad don turas i gcásanna áirithe.

 

Tabhair faoi deara

Ní féidir aisíocaíocht a fháil as na turais a dhéanann tú gan do Phas Saorthaistil ná as moilleanna ar bith a tharlaíonn le linn duit do Phas Saorthaistil a úsáid.

Last modified:17/02/2015
 

 Foirmeacha Iarratais

 
 

 Íoslódáilí