Gheobhaidh tú Pas Saorthaistil go huathoibríoch ag 66 bliain d'aois, má fhaigheann tú pinsean ón Roinn seo agus má tá tú i do chónaí go buan sa Stát.
Má tá tú faoi bhun 66 bliain d'aois agus i do chónaí go buan sa Stát, eiseofar Pas Saorthaistil duit go huathoibríoch nuair a bhronnfar Pinsean Easláine, Pinsean na nDall, Liúntas Míchumais nó Liúntas Cúramóra ort.
I ngach cás eile, is gá duit iarratas a chur isteach ar Phas Saorthaistil trí fhoirm chlárúcháin FT 1 a chomhlánú. Is féidir leat foirm chlárúcháin a fháil:
Seol an fhoirm chomhlánaithe in éineacht le doiciméid riachtanacha ar bith chuig:
An Rannóg Saorthaistil
Seirbhísí Leasa Shóisialaigh
Bóthar an Choláiste
Sligeach.
Íosghlao: 1890 500 000 (ó Phoblacht na hÉireann amháin)
+353 71 915 7100 (ó Thuaisceart Éireann nó ón iasacht)
Tabhair faoi d'aire
D'fhéadfadh difríochtaí a bheith sna rátaí a ghearrtar ar úsáid a bhaint as uimhreacha 1890 (Íosghlao) agus é faoi réir na soláthraithe seirbhíse éagsúla.