Más mian leat dul le féinfhostaíocht faoin scéim seo, líon an fhoirm iarratais BTW 2 agus seol í chuig:
- do Chuideachta Chomhpháirtíochta áitiúil (má chónaíonn tú i gceantar Comhpháirtíochta) le tarchur chuig Oifigeach Fiontraíochta na Comhpháirtíochta,
- nó
Scrúdóidh an oifig do thogra agus is féidir go bpléifear
gnéithe áirithe den tionscadal leat. Ná tosaigh an
fhéinfhostaíocht go dtí go mbeidh cead i scríbhinn faighte
agat ó do Chuideachta Chomhpháirtíochta nó ón Roinn seo.
Ní mór duit clárú mar dhuine féinfhostaithe leis na
Coimisinéirí Ioncaim. Is féidir leat é seo a dhéanamh trí dhul i
dteagmháil le d’Oifig Chánach áitiúil.
Má chríochnaíonn do chuid féinfhostaíochta nó má ghlacann
tú le fostaíocht, ní mór duit é sin a insint dúinn láithreach.