Deontas Sochraide


Print page

Eolas

Tá Deontas Speisealta Sochraide ar fáil faoin scéim Sochair Gortuithe Ceirde.

Rialacha

Chun a bheith i dteideal an deontais seo, caithfidh an bás a bheith mar thoradh ar:

  • Timpist ag an obair,
  • Timpist agus an duine ag taisteal go díreach chuig nó ón obair
  • Galar ceirde.

Caithfidh ar a laghad seachtain amháin íocaíochtaí ÁSPC a bheith déanta.

Íoctar an deontas speiseálta sochraide seo faoin scéim Sochair Gortuithe Ceirde in áit an Deontais Báis do Bhaintreach/ Baintreach Fir nó an Gnáth Dheontas.

Rataí

Deontas Speisealta Sochraide: €850

Conas iarratas a dhéanamh

Chun d'iarratas a dhéanamh líon isteach Foirm OB 61 (pdf).

Chun iarratas a dhéanamh beidh gá agat le:

  • Bunchóip den Teastas Báis/Teastas Báis Sealadach
  • Cóip den fógra báis
  • Nóta de na costaisí sochraide.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

An Roinn Coimirce Sóisialaí

Oifig na Seirbhísí Leasa Shóisialaigh
Tithe an Rialtais
Bóthar Béal Átha na Lao
An Longfort
Éire

Teil:(043) 334 0000
Lóghlao:1890 927 770
Láithreán Gréasáin: http://www.welfare.ie

Last modified:12/01/2015
 

 Aimsitheoir Intreo/Oifigí Áitiúla

 
Déan cuardach d'oifig áitiúl
img