Bás pinsinéara
Má fhaigheann tú bás le linn duit an Pinsean Easláine a fháil,
leanfar den íocaíocht go ceann 6 seachtaine le do chéile, do
pháirtnéir sibhialta nó do chomhchónaitheoir má chuimsigh
an íocaíocht liúntas dó/di, nó má bhí íocaíocht leasa
shóisialaigh dá c(h)uid féin á fáil ag do chéile, do pháirtnéir
sibhialta nó do chomhchónaitheoir.
Bás duine fhásta cháilithe
Má fhaigheann duine fásta cáilithe bás, leanfar den Mhéadú
um Dhuine Fásta Cáilithe a íoc leat go ceann 6 seachtaine
má chuimsíonn do Phinsean Easláine méadú dó/di.
Bás linbh cháilithe
Leanfar den Mhéadú um Leanbh Cáilithe a íoc leat go ceann
6 seachtaine tar éis bhás an linbh cháilithe.
Conas iarratas a dhéanamh ar íocaíocht 6
seachtaine tar éis bháis
Chun iarratas a dhéanamh ar íocaíocht 6 seachtaine tar éis
bháis, cuirtear fógra faoi dháta an bháis chuig Rannóg na
nÍocaíochtaí Pinsin Easláine (féach roinn 7).
Deontas Baintreachais nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh
Má tá leanbh cáilithe amháin ar a laghad agat atá ina chónaí
leat, is féidir leat Deontas Baintreachais nó Páirtnéara
Shibhialta Mharthanaigh a fháil nuair a fhaigheann do chéile
nó do pháirtnéir sibhialta bás. Is féidir leat a thuilleadh eolais
a fháil ó d’Oifig Leasa Shóisialaigh áitiúil nó ó:
Rannóg na mBaintreach, na mBaintreach Fir nó na
bPáirtnéirí Sibhialta Marthanacha
Seirbhísí Leasa Shóisialaigh
Bóthar an Choláiste
Sligeach
Íosg
hlao: 1890 500 000 (ó Phoblacht na hÉireann amháin)
+ 353 71 957100 ó Thuaisceart Éireann nó ón iasacht)