Déantar Sochar Díobhála, idir an ráta pearsanta agus an méadú do dhuine fásta cáilithe (seachas aon mhéadú do leanaí cáilithe) a mheas mar ioncam chun críocha cánach agus bíonn sé inchánach ó chéad lá na híocaíochta.
Íoctar Sochar Díobhála go díreach leat gan aon cháin ioncaim a asbhaint. Is mar seo a leanas a ghearrtar cáin ar d’íocaíocht:
Má tá tú fostaithe, cuirfidh d'fhostóir do Shochar Díobhála san áireamh chun críocha ÍMAT.
Má tá tú dífhostaithe nó má dhífhostaítear thú cuirfidh na Coimisinéirí Ioncaim san áireamh an méid Sochair Díobhála a íoctar leat, nuair is ábhartha, nuair a dhéanfaidh siad coigeartú ar do chreidmheasanna cánach nó athbhreithniú ar chúrsaí cánach do chéile, do pháirtí sibhialta nó do chomhchónaitheora.
Is féidir tuilleadh eolais faoin gcáin a ghearrtar ar Shochar Díobhála a fháil ó d'oifig chánach áitiúil nó ag www.revenue.ie.