Íoctar ÁSPC ar an ioncam uile, lena n-áirítear:
- sochair chomhchineáil,
- ioncam ó thrádáil nó ó ghairm,
- ús, blianachtaí agus ioncam ó infheistíochtaí ar an
gcoigríoch, amhail maoin,
- cíos ó aon mhaoin in Éirinn,
- ioncam ar baineadh cáin as cheana, amhail
blianachtaí, ús bainc nó ús cumainn fhoirgníochta,
íocaíochtaí cothabhála,
- ioncam ó dhíbhinní scaireanna agus ó dhíbhinní as
Cistí Scoir Formheasta,
- ioncam incháinithe áirithe ó fhostaíocht (mar
shampla, stiúrthóirí cuideachta, teachtairí
gluaisrothair).
Is féidir go mbeidh ort ÁSPC a íoc ar ioncam tuillte agus ioncam neamhthuillte araon.