Fianáin


Print page

Léiríonn an Roinn meas ar phríobháideachas úsáideoirí uile ár láithreáin ghréasáin. Tugtar cuntas sa mhéid seo a leanas ar ár mbeartas a bhaineann fianáin a úsáid. Féadfaimid an beartas seo a nuashonrú ó thráth go chéile chun aon athruithe a léiriú a thagann ar an teicneolaíocht agus/nó reachtaíocht nó ar mbeartais um úsáid sonraí ina bhféadfaí an bealach a léiriú a úsáidimid fianáin agus conas is féidir leatsa, mar úsáideoir, iad a bhainistiú.

Fianáin

Is píosaí beaga faisnéise iad fianáin, a stóráiltear i gcomhaid shimplí téacs, a chuireann láithreán gréasáin ar do ríomhaire. Féadfaidh an láithreán gréasáin roinnt fianán a léamh nuair a thugann tú cuairt ar an láithreán arís.  D’fhéadfadh an fhaisnéis a stóráiltear i bhfianán baint le do ghnáthaimh bhrabhsála ar an leathanach gréasáin, nó le huimhir uathúil aitheantais ionas gur féidir leis an láithreán gréasáin “cuimhne” a bheith ort ar fhilleadh arís ort.  Scriostar fianáin eile nuair a dhúnann tú do bhrabhsálaí agus ní bhaineann siad ach le hoibriú an láithreáin ghréasáin.  Go ginearálta, ní chuimsíonn fianáin faisnéis phearsanta ónar féidir thú a shainaithint, murar thug tú an fhaisnéis sin don láithreán gréasáin.

Féadtar fianáin a shocrú i roinnt áiteanna ar an láithreán gréasáin seo:

  • Nuair a thugann tú cuairt ar an láithreán gréasáin seo i dtosach, feicfidh tú teachtaireacht a chuireann ar an eolas thú faoin ráiteas fianán agus príobháideachais. Má cliceálann tú an cnaipe ‘Folaigh an teachtaireacht seo', socrófar Fianán a chuireann an gníomh seo i gcuntas.

Ligeann tromlach na mbrabhsálaithe duit Fianáin a mhúchadh nó chun do chuid socruithe a oiriúnú le haghaidh fianán. Chun teacht ar eolas chun seo a dhéanamh, féach an roghchlár ‘Cabhair’ ar do bhrabhsálaí. Tabhair faoi deara, le do thoil, má mhúchann tú fianáin nó mó athraíonn tú do shocruithe, b’fhéidir nach n-oibreoidh roinnt gnéithe den láithreán seo i gceart.

Faisnéis a bhailímid

Bailímid an seoladh IP nuair a logáltar isteach ar www.welfare.ie ar chúiseanna slándála. Coimeádtar an fhaisnéis faoi sheoladh IP ar feadh 6 mhí sula ndéantar í a chartlannú. Coimeádtar cúltacaí de na cartlanna go deo agus úsáidtear iad chun teagmhas slándála agus faisnéis stairiúil a dheimhniú. Coimeádtar an seoladh IP ar an mbealach sin nach féidir é a úsáid chun úsáideoir aonair a shainaithint.

Bailímid faisnéis a sheoltar ar aghaidh i bhfoirmeacha, mar shampla, má sheolann tú do shonraí pearsanta ar aghaidh nuair a iarrann tú ar nó nuair a sheolann tú foirm ar líne ar aghaidh.

Má bhíonn imní ort faoin mbealach a phróiseáiltear sonraí pearsanta tríd an láithreán gréasáin seo, déan teagmháil linn, le do thoil, tríd an bhfoirm “Cuir Ceist” a chomhlánú sa limistéar Seirbhísí Ar Líne agus Foirmeacha de Welfare.ie.

Naisc

B’fhéidir go bhfuil naisc ar an láithreán gréasáin seo le láithreáin eile nach mbaineann leis an Roinn. Níl an Roinn freagrach as na láithreáin seo ná as ráitis phríobháideachais láithreán eile.

Gluais téarmaí teicniúla a úsáidtear

Seoladh IP

Sainaithníonn do sheoladh IP do ríomhaire (nó ríomhaire do sholáthraí seirbhíse) i gcód prótacal idirlín (mar shampla, 123.456.78.90). Tá seoladh ar leith IP ag gach ríomhaire atá ceangailte leis an ngréasán, cé nach ionann an seoladh i gcónaí gach uair a dhéantar ceangal.

Last modified:24/05/2018