Le linn duit Sochar Díobhála a fháil, ní dhéanfaidh tú aon cheann de na nithe seo:
- mainneachtain, gan cúis mhaith, teacht chuig scrúdú míochaine a dhéanfaidh Measúnóir Míochaine na Roinne seo,
- gan déanamh de réir treoracha do dhochtúra,
- tú féin a iompar ar shlí ar dócha go gcuirfeadh sé moill ar théarnamh,
- mainneachtain teacht i láthair aon Oifigigh ón Roinn seo ná fiosruithe réasúnta maidir le d’éileamh a fhreagairt.
Féadfaidh tú na cineálacha oibre seo a leanas a dhéanamh, ach cead i scríbhinn a fháil ón Roinn sula dtosóidh tú:
- obair pháirtaimseartha (suas go 20 uair an chloig in aghaidh na seachtaine) atá mar chuid de chlár athshlánúcháin nó de chlár teiripe ceirde,
- cúrsa oiliúna ceadaithe d'fhonn dul i mbun slí bheatha éigin eile.
Féadfaidh tú na cineálacha oibre seo a leanas a dhéanamh, gan cead a fháil ón Roinn i scríbhinn sula dtosóidh tú:
- obair éadrom nach n-íoctar aon phá aisti, nó nach mbeadh pá ar bith iníoctha aisti de ghnáth,
- obair a dhéantar mar chuid de chóireáil le linn duit a bheith i d’othar in ospidéal nó in áit éigin eile dá shamhail, ar choinníoll nach dtuileann tú níos mó ná € 50 in aghaidh na seachtaine,
- obair a dhéanann tú faoi scéim carthanachta, ar choinníoll nach dtuileann tú níos mó ná € 50 in aghaidh na seachtaine.