Careers Directions


Print page

Cuireadh deireadh leis an tseirbhís Careers Directions an 4 Aibreán 2014.

Chinn an Roinn nár ghá a thuilleadh don Roinn an tseirbhís seo do chuardaitheoirí poist a mhaoiniú agus a fhorbairt toisc seirbhísí eile den chineál céanna a bheith ar fáil go héasca in Éirinn.

D'ullmhaigh an Roinn sraith ceisteanna coitianta a d'fhreagródh cuid de na ceisteanna a bheadh ag úsáideoirí Career Directions.

  1. Cad a tharlóidh nuair a rachaidh úsáideoir isteach in careerdirections.ie?

    Tar éis an 4 Aibreán 2014 duine ar bith a chliceálann ar an nasc chuig careerdirections.ie, atreorófar iad chuig suíomh Gréasáin www.welfare.ie.

  2. Cad a ghabhfaidh áit Career Directions?

    Ní ghabhfaidh rud ar bith áit Career Directions. Ní bheidh an tseirbhís sin in úsáid níos mó ach molfar seirbhísí eile den chineál céanna d'úsáideoirí.

  3. Cá háit a bhfaighidh mé eolas faoi ghairmeacha in Éirinn?

    Cuideachta bunaithe in Éirinn is ea Careers Portal, a thairgeann uirlis chomhtháite idirghníomhach de bhunachar sonraí gairmeacha ina bhfuil próifílí gairme. Áirítear ann leis, uirlis fardail spéise a cheadaíonn do dhaoine cúrsaí, poist agus gairmeacha a chuardach trína dtorthaí spéise. Gheofar tuilleadh eolais faoi Careers Portal anseo. Tá an-chosúlacht idir an tseirbhís seo agus an tseirbhís a bhíodh ar fáil ó Careers Directions.

  4. Cad a tharlóidh do na húsáideoirí ar fad a bhí cláraithe ar shuíomh Gréasáin Careers Directions?

    Tá ríomhphost seolta ag an Roinn chuig na cliaint chláraithe ar fad á gcur ar an eolas faoi na hathruithe agus nár mhór dóibh aon ábhar ar mian leo teacht a bheith acu air i gcónaí a shábháil.

  5. Agus má bhíonn ceist eile agam? An bhfuil teagmhálaí ann?

    Tá, má tá ceisteanna eile agat, seol iad chuig cdfeedback@welfare.ie

Last modified:08/04/2014
 

 Aimsigh Post

 
Déan cuardach ar post ar img
 

 Aimsitheoir Intreo/Oifigí Áitiúla

 
Déan cuardach d'oifig áitiúl
img
 

 Ábhair Ghaolmhara

 
 

 Foirmeacha Iarratais

 
 

 Íoslódáilí