Mura bhfuil tú sásta le cinneadh an Oifigigh SF nó
mura bhfuil freagra faighte agat laistigh de 4
seachtaine ón am a fuarthas d’iarraidh, (nó tréimhse
shínte atá comhaontaithe agat linn) féadfaidh tú
athbhreithniú ar leibhéal níos airde sa Roinn a
iarraidh. Gearrfar táille €30 (€10 do shealbhóir cárta
leighis) má dhéanann tú iarratas ar athbhreithniú
cinnidh maidir le hiarraidh ar thaifid
neamhphearsanta.
Má tá tú fós míshásta le cinneadh an Oifigigh
Athbhreithniúcháin nó mura bhfuil freagra faighte
agat laistigh de 3 seachtaine ón am a fuarthas an
iarraidh ar athbhreithniú, tá an ceart agat chun an gnó
a achomharc chuig an gCoimisinéir Faisnéise, agus is
cinneadh críochnaitheach dochloíte atá i gcinneadh
an Choimisinéara.
Gearrfar táille €50 (€15 do shealbhóir cárta leighis)
má dhéanann tú iarratas chuig an gCoimisinéir
Faisnéise ar chinneadh a athbhreithniú maidir le
hiarraidh ar thaifid neamhphearsanta.
Is ar phonc dlí amháin a fhéadfar cinneadh an
Choimisinéara a achomharc chuig an Ard-Chúirt.
Is ar phonc dlí amháin a fhéadfar cinneadh an
Choimisinéara a achomharc chuig an Ard-Chúirt.