Féadfaidh tú glacadh le hobair agus fós cuid de d’Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora nó an Íocaíocht sin ar fad a choimeád. Cuirtear do thuilleamh ón bhfostaíocht san áireamh, áfach, nuair a mheasúnaítear d’acmhainn. Féach an sampla ar roinn 7 chun a thuilleadh eolais a fháil.
Is féidir go gcáileoidh tú do scéimeanna fostaíochta nó oideachais fad is a chomhlíonfaidh tú coinníollacha áirithe.
Díbhinn Teaghlaigh um Fhilleadh ar Obair;
Is féidir go gcáileoidh tú don Díbhinn Teaghlaigh um Fhilleadh ar Obair in ionad d’Íocaíochta Teaghlaigh Aontuismitheora má bhíonn tú i mbun fostaíochta nó má théann tú i mbun fostaíochta.
Maidir leis an gcéad bhliain (52 sheachtain), is é ráta na díbhinne is iníoctha ná €29.80 i dtaca le gach leanbh atá cáilithe cheana, faoi réir ceathrar leanaí intofa ar a mhéad a bheith ann.
Is ionann é seo agus €29.80 in aghaidh an linbh cháilithe, faoi réir uasíocaíochta €119.20 sa tseachtain (4 x €29.80). Laghdóidh sé seo go 50%, nó leath an mhéid sin, sa dara bliain.
Liúntas Fiontraíochta um Fhilleadh ar Obair;
Má tá tú ag fáil na hÍocaíochta Teaghlaigh Aontuismitheora le 12 mhí anuas ar a laghad agus más mian leat a bheith féinfhostaithe, is féidir go gcáileoidh tú don Liúntas Fiontraíochta um Fhilleadh ar Obair.
Is ar scála laghdaitheach agus thar thréimhse dhá bhliain atá an liúntas iníoctha, is é sin 100% d’íocaíocht leasa shóisialaigh an duine sa chéad bhliain agus 75% sa dara bliain.
Ní bhaintear cáin ná ÁSPC as an Liúntas Fiontraíochta um Fhilleadh ar Obair. Féadfar cáin agus ÁSPC a ghearradh, áfach, ar d’ioncam ón bhfostaíocht nó ón bhféinfhostaíocht.
Féadfaidh tú aon sochar tánaisteach atá agat cheana a choimeád freisin, mar shampla, Liúntas Éadaí agus Coisbhirt um Fhilleadh ar Scoil, Forlíonadh Cíosa nó Forlíonadh Úis Mhorgáiste.