Rátaí laghdaithe
Féadfaidh tú Sochar Uchtaíoch ar leathráta a fháil má fhaigheann tú aon cheann de na híocaíochtaí seo a leanas:
- Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora
- Pinsean Ranníocach Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh
- Pinsean Neamh-Ranníocach Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh
- Sochar do Bhanchéile Thréigthe
- Liúntas do Bhanchéile Príosúnaigh
- Liúntas do Bhanchéile Thréigthe
- nó
- Sochar Báis trí Phinsean Baintrí, Baintrí Fir, Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh nó do Thuismitheoir(í) Cleithiúnach(a) (faoin Scéim um Dhíobhálacha Ceirde).
Liúntas Cúramóra ar Leathráta
Má chuireann tú cúram lánaimseartha ar fáil do dhuine eile, is féidir go gcáileoidh tú freisin do Liúntas Cúramóra ar Leathráta chomh maith leis an Sochar Uchtaíoch ar an ráta caighdeánach. Chun a thuilleadh eolais a fháil, logáil isteach ar
'www.welfare.ie'.