Sochar Cóireála - SW24


Print page

Sochar Cóireála agus Rialacháin CE

Mura gcáilíonn tú do Shochar Cóireála de bhun do thaifid árachais shóisialaigh Éireannaigh, ach má d’oibrigh tú agus má rinne tú ranníocaíochtaí sóisialacha laistigh den Limistéar Eacnamaíoch Eorpach (LEE) tá cead agat feidhm a bhaint as do thaifead árachais shóisialaigh sa tír sin chun cabhrú leat cáiliú, ar chuntar go bhfuil ranníocaíocht ÁSPC amháin ar a laghad íoctha agat in Aicme A, E, H P ó d’fhill tú ar Éirinn.


Is iad na tíortha a chuimsítear ná:
  • An Ostair
  • An Bheilg
  • An Bhulgáir
  • Poblacht na Seice
  • An Danmhairg
  • An Eastóin
  • An Fhionnlainn
  • An Fhrainc
  • An Ghearmáin
  • An Ghréig
  • An Ungáir
  • An Íoslainn
  • Éire
  • An Iodáil
  • An Laitvia
  • An Liotuáin
  • Lichtinstéin
  • Lucsamburg
  • Málta
  • An Iorua
  • An Pholainn
  • An Phortaingéil
  • Poblacht na Cipire (An Chipir Theas)
  • An Rómáin
  • Poblacht na Slóvaice
  • An tSlóivéin
  • An Spáinn
  • An tSualainn
  • An Eilvéis
  • An Ísiltír
  • An Ríocht Aontaithe (Comhaontú dtaca le hOileáin Mhuir nIocht agus le hOileán Mhanann).

Ballstáit an AE

Is iad seo a leanas Ballstáit an AE, seachas Poblacht na hÉireann, inar féidir leat cóireáil agus íocaíocht a fháil faoi Scéim an tSochair Chóireála:
  • An Ostair
  • An Bheilg
  • An Bhulgáir
  • Poblacht na Seice
  • An Danmhairg
  • An Eastoin
  • An Fhionnlainn
  • An Fhrainc
  • An Ghearmáin
  • An Ghréig
  • An Ungáir
  • An Iodáil
  • An Laitvia
  • An Liotuáin
  • Lucsamburg
  • Málta
  • An Pholainn
  • An Phortaingéil
  • Poblacht na Cipire (An Chipir Theas)
  • An Rómáin
  • Poblacht na Slóvaice
  • An tSlóivéin
  • An Spáinn
  • An tSualainn
  • An Ísiltír
  • An Ríocht Aontaithe

 

Tabhair faoi deara:
Is cóir duit teagmháil a dhéanamh le Rannóg an tSochair Chóireála sula dtaistealóidh tú, chun foirm iarratais agus sonraí de na méideanna a íocfaidh an Roinn a fháil.

Last modified:17/01/2016
 

 Foirmeacha Iarratais

 
 

 Íoslódáilí