Deontas Méala - SW 47


Print page

Rannóga na mBileog

 

Más rud é nach bhfuil go leor ranníocaíochtaí Éireannacha déanta ag an duine a bhfuil an Deontas Méala á bhunú ar a t(h)aifead árachais ina (h)aonar le cáiliú le haghaidh an deontais, is féidir ranníocaíochtaí a chur leis a íocadh i dtír atá cuimsithe faoi Rialacháin an CE nó a bhfuil Comhaontú Déthaobhach Leasa Shóisialaigh aici le hÉirinn, fad is go bhfuil seachtain amháin árachais shóisialaigh inríofa ar a laghad íoctha ag an duine seo atá faoi árachas, tar éis dó/di filleadh ar Éirinn agus roimh an dáta báis.

Ba chóir duit sonraí a lua ar an bhfoirm iarratais faoi fhostaíocht nó tréimhsí cónaithe ar bith sna tíortha atá liostaithe thíos. Seolfaimid na páipéir bhainteacha ar do shon chuig na húdaráis sa tír nó sna tíortha atá i gceist.

Is iad na tíortha atá cuimsithe faoi Rialacháin an CE nó faoi Chomhaontú Déthaobhach ná:
  • An Astráil
  • An Ostair
  • An Bheilg
  • An Bhulgáir
  • Ceanada
  • Oileáin Mhuir nIocht
  • Poblacht na Seice
  • An Danmhairg
  • An East�in
  • An Fhionlainn
  • An Fhrainc
  • An Ghearmáin
  • An Ghréig
  • An Ungáir
  • An Íoslainn
  • Éire
  • Oileán Mhanann
  • An Iodáil
  • An tSeapáin
  • An Laitvia
  • Lichtinstéin
  • An Liotuáin
  • Lucsamburg
  • Málta
  • An Nua-Shéalainn
  • An Iorua
  • An Pholainn
  • An Phortaingéil
  • Poblacht na Cipire (Deisceart na Cipire)
  • Poblacht Chóiré
  • An Rómáin
  • An tSlóvaic
  • An tSlóivéin
  • An Spáinn
  • An tSualainn
  • An Eilvéis
  • An Ísiltír
  • An Ríocht Aontaithe
  • Stáit Aontaithe Mheiriceá
Last modified:29/05/2013
 

 Íoslódáilí