Cad iad na méaduithe eile a fhéadfar a fhail?


Print page
 
 

 

Is féidir go mbeidh tú i dteideal méaduithe seachtainiúla breise in éineacht le do Bhunliúntas Míchumais mar a leanas:

Liúntas Oileáin

Is féidir go bhfaighidh tú Liúntas Oileáin má chónaíonn tú ar oileán amach ó chósta Phoblacht na hÉireann faoi réir coinníollacha áirithe.

Liúntas Breosla

Is féidir go bhfaighidh tú Liúntas Breosla faoi réir coinníollacha áirithe. Áirítear leis na coinníollacha seo go gcónaíonn tú leat féin nó le daoine cáilithe áirithe.

Méadú um Chónaí Aonair

Is féidir go mbeidh tú i dteideal an Mhéadaithe um Chónaí Aonair má chónaíonn tú leat féin an t-am ar fad nó an chuid is mó den am.

Chun a thuilleadh eolais ar na méaduithe seo a fháil, logáil isteach ar www.welfare.ie.

 

Last modified:25/05/2015
 

 Íoslódáilí