Níl aon tréimhse íosta i gceist chun an Sochar Cúramóra a éileamh. Ach má éilíonn tú an Sochar Cúramóra ar feadh tréimhse is lú ná 6 seachtaine do dhuine dá dtugann tú aire, níl cead agat é a éileamh don duine céanna arís go dtí go mbeidh 6 seachtaine thart.
Bás an duine dá dtugtar aire
Má fhaigheann an duine dá dtugann tú aire bás laistigh den tréimhse 2 bhliain, leanfaidh tú den Sochar Cúramóra a fháil go ceann 6 seachtaine tar éis bhás an duine sin.
Is féidir leat Deontas Méala a fháil freisin. Is féidir leat a thuilleadh eolais air seo a fháil ó d’Oifig Leasa Shóisialaigh áitiúil nó trí ghlaoch ar:
Guthán: (043) 3340000
Íosghlao: 1890 927 770
Má tá tú ag glaoch ó lasmuigh de Phoblacht na hÉireann, glaoigh ar +353 43 3340000, le do thoil.