Chun cáiliú don Sochar Máithreachais mar fhostaí:
- ní mór duit a bheith i bhfostaíocht inárachaithe atá faoi
chumhdach an Achta um Chosaint Mháithreachais, 1994
díreach roimh an gcéad lá den tsaoire mháithreachais. Má
scoireann tú den fhostaíocht, ní foláir nó go dtosóidh do
shaoire mháithreachais ón lá dár gcionn,
agus
- ní mór duit coinníollacha ranníocaíochta ÁSPC áirithe a chomhlíonadh.
Chun cáiliú don Sochar Máithreachais mar dhuine féinfhostaithe:
- ní mór duit a bheith i bhféinfhostaíocht inárachaithe,
agus
- ní mór duit coinníollacha ranníocaíochta ÁSPC áirithe a chomhlíonadh.
Tabhair faoi deara
Ba chóir d’éilitheoirí nach den Limistéar
Eacnamaíoch Eorpach (LEE) iad cóipeanna dá gCárta
reatha ó Bhiúró Náisiúnta an Gharda Síochána um
Inimirce (GNIB) agus dá bPas a chur ar fáil, chomh
maith le cóipeanna de gach Cead Oibre a
sealbhaíodh sna 3 bliana deiridh, san áit ar cuí sin.