Is éard atá i d’íocaíocht FIT ná 60% den difríocht idir meánioncam seachtainiúil do theaghlaigh agus an teorainn ioncaim do líon do theaghlaigh, agus é slánaithe suas go dtí an euro is gaire.
Sampla 1
Má tá triúr clainne ort agus ioncam inmheasúnaithe seachtainiúil teaghlaigh €300 agat, is mar seo a ríomhtar d’íocaíocht FIT:
Teorainn Ioncaim |
€703.00 |
D’ioncam inmheasúnaithe seachtainiúil - |
€300.00 |
Difríocht |
€403.00 |
Is éard atá in íocaíocht sheachtainiúil an FIT ná 60% de €403, arb éard atá ann ná |
€241.80 |
(Arna bhunú ar theorainneacha ioncaim reatha Eanáir 2015) |
Sampla 2
Má tá beirt chlainne ort agus ioncam inmheasúnaithe coicísiúil €380 agat ón bpostroinnt, is mar seo a ríomhtar d’íocaíocht FIT:
Teorainn Ioncaim |
€602.00 |
D’ioncam inmheasúnaithe seachtainiúil (€380÷2) - |
€190.00 |
Difríocht |
€412.00 |
Is éard atá in íocaíocht sheachtainiúil an FIT ná 60% de €412, arb éard atá ann ná |
€247.20 |
(Arna bhunú ar theorainneacha ioncaim reatha Eanáir 2015) |
Slánaítear méideanna corra suas go dtí an €1 is gaire.
Tabhair faoi deara
Dá laghad an méid airgid a gcáilíonn tú dó, gheobhaidh tú íosmhéid €20 gach seachtain.