Rialacha
Tógtar san áireamh beagnach gach cinéal ioncaim san scrúdú maoine ach
áirítear é ar bhealaí éagsúla agus déantar neamháird de shuimeanna
áirithe de. Tá rialacha ar leith ag baint le ioncaim ó fheirmeoireacht agus
foirmeacha eile féin fhostaíocht, ioncaim ó scéimeanna áirithe, ioncam ó
fhostaíocht agus ioncam ó shealúchas agus caipiteal.
Ioncam feirme agus ioncam eile ó fhéinfhostaíocht
Déantar ioncam feirme agus ioncam eile seachfheirme trí fhéinfhostaíocht
a mheas ag 70% (laghdaithe ó 100% ó Mhí an Mhárta 2017), le neamhairde
ioncaim breise bliantúla €254 do gach ceann den chéad bheirt pháistí agus
€381 don tríú páiste agus páistí eile (cuirtear na neamhairde i bhfeidhm
ar dtús agus déantar an fuílleach a mheas ag 70%). Déantar d’ioncam ó
fheirmeoireacht a mheasúnú mar ollioncam a bhfuil tú, do chéile, do
pháirtí nó do chomhchónaitheoir ag súil a thuilleamh lúide na costais a
thabhaíonn tú d’fhonn an t-ioncam sin a thuilleamh. Úsáidtear d’ioncam
ón 12 mí roimhe sin chun tuillimh fhéideartha sa todhchaí a mheasúnú. Ach
ní mheastar áfach go mbeidh tuilleamh na bliana atá le teacht mar a chéile
le tuilleamh na bliana seo caite mar bíonn éagsúlachtaí suntasacha ag baint
le hioncam feirmeoirí ó bhliain go bliain.
Nuair a dhéanann tú iarratas ar Cúnamh Feirme, tiocfaidh oifigeach leasa
shóisialaigh chugat agus iarrfaidh sé/sí roinnt cáipéisí ort, mar shampla
cuntaisí a réitíodh i gcomhair cúrsaí cánach, sochar uachtarlann,
cártaí clárú beithigh, sonraí íocaíochtaí an cloigeann, cúnamh
ceantair srl. Déanfaidh an toifigeach measúnú ansin ar na costaisí a
bhíonn ar rith an fheirm, agus na costais riachtanacha, mar shampla cíos,
anáidí, costas ionchur mar cothú agus leasú talún agus dímheas innill
feirme. Tógtar costas oibre san áireamh, seachas obair an fheirmeora agus
céile/páirtnéir sibhialta/comhchónaitheoir an fheirmeora. Tá an feirmeoir
i dteideal cóip den mheasúnú ioncam feirme a fháil.
Má tá ioncam eile agat nó ag do chéile, do chomhchónaitheoir nó do
pháirtí sibhialta ó fhéinfhostaíocht, déantar é sin a mheas chomh maith,
ag tógáil san áireamh na costais arna tabhú sa ghnó. Cuirtear t-ioncam ó
fheirmeoireacht agus ó fhoirmeacha eile féinfhostaíochta le chéile agus
baintear as na costais a bhíonn i gceist.
D’fhéadfá a bheith faoi dhliteanas rannaíochtaí
Aicme S a íoc ar d’ioncam ó fhéinfhostaíocht.
REPS, AEOS agus SACS
Áirítear cuid de na híocaíochtaí a fhaightear faoin Scéim Cosanta
Timpeallachta Tuaithe (REPS) nó an sceim Ceantar Speisealta Caomhnúchán
(SAC) ach ní iad ar fad.
- Déantar neamháird den chéad €2,540 sa mbliain de na híocaíochtaí
- Déantar neamháird de 50% leath den fhuíollach freisin
- Déantar asbhaint ar chostais a bhíonn ort chun go gcloífidh tú le
céimeanna REPS/SAC
agus
- Áirítear an fuíollach mar mhaoin
Pléitear le h-iocaíochtaí faoin Scéim Ghlas ar Bheagán Carbóin do
Chomhshaol na Talmhaíochta (GLAS) ar an mbealach céanna agus déantar na
neamháird chéanna orthu.
Ioncam as léasú talún
Má tá cuid dod' thailte léasaithe agat, déantar an t-ioncam ón léas a
mheas ina iomláine. Ní áirítear é maidir le measúnú ioncaim ó
fheirmeoireacht mar atá thuas léirithe.
Má tá do thailte go léir léasaithe agat, níl tú incháilithe do
chúnamh feirme
Ioncam ó léasadh cuóta bainne nó talamh.
Má tá do chuóta bainne ligthe ar léas agat, áirítear iomlán an ioncam
ón léasadh. Ní áirítear é i measúnú ioncaim feirme mar a deirtear
thuas. Is é an rud céanna a bhaineann le ioncaim ó léasadh an talamh. Má
tá iomlán do thalamh ar léas agat, ní bheidh tú i dteideal Cúnamh Feirme
a fháil.
Ioncam ó fhostaíocht
Déantar d’ioncam ó phost a mheasúnú. Déantar do thuilleamh
seachtainiúil inmheasúnaithe (ollioncam lúide ÁSPC, táillí ceardchumainn
agus táillí aoisliúntais) a mheasúnú de ghnáth ar bhonn na 13 seachtaine
roimh d’éileamh. Ní thógtar d’ioncam iomlán san áireamh. Baintear
€20 in aghaidh an lae (suas go huasmhéid €60) as do thuilleamh
seachtainiúil inmheasúnaithe agus ansin déantar 60% den iarmhéid a
mheasúnú mar acmhainn sheachtainiúil.
Déantar aon ioncam ó phinsean ceirde a mheasúnú ina iomláine. Má
bhíonn obair shéasúrach agat ní dhéantar tú a mheasúnú ach amháin ar
do thuilleamh i rith na tréimhse sin ina raibh tú ag obair.
Déantar ioncam ó fhostaíocht do chéile, do pháirtí sibhialta nó do
chomhchónaitheora ar an mbealach céanna (baintear €20 in aghaidh an lae le
huasmhéid €60 as agus déantar 60% den iarmhéid a mheasúnú mar acmhainn
sheachtainiúil).
D’fhéadfaí daoine a bhí ag fáil Chúnamh Feirme roimh an 26 Meán
Fómhair 2007 agus fós ag fáil íocaíochta an 26 Meán Fómhair 2007 a
mheasúnú ar bhealach éagsúil.
Caipiteal
Cuimsíonn ioncam ó chaipiteal maoin, coigiltis agus infheistíochtaí. Má
tá maoin agat nach bhfuil a húsáid agat go pearsanta nó má tá
infheistíochtaí nó aon chineál caipitil eile agat, déantar an luach a
mheasúnú, ag baint úsáide as foirmle speisialta. D’fhéadfadh sé go
mbeadh nó nach mbeadh ioncam á fháil agat ón maoin nó ón infheistíocht.
Déantar an caipital a mheas mar a leanas:
- Ní thógtar an chéad €20,000 san áireamh
- Sé luach an chaipiteal idir €20,000 agus €30,000 ná €1 sa
tseachtain do gach €1000
- Sé luach an chaipiteal idir €30,000 euro agus €40,000 ná €2 do
gach €1000
- Luach an chaipiteal nios mó €40,000 ná €4 do gach €1000
Ní bhaineann an measúnú nua sin ach le haonaid €1,000. Mar sin ba
cheart gach méid a shlánú go dtí an €1,000 is gaire. Mar shampla má tá
€38,4000 sa bhanc, déantar neamhaird den chéad €20,000, déantar
€10,000 a mheasúnú ag €1 in aghaidh €1,000, is é sin le rá €10 agus
déantar an €8,000 eile a mheasúnú ag €2 in aghaidh €1,000, sin €16
in aghaidh na seachtaine. Mar sin is é d’ioncam ó chaipiteal ná €26 in
aghaidh na seachtaine nó €1,352 in aghaidh na bliana.
Sealúchas nach mbaineann tú úsáid as
Muna mbaineann tú úsáid as do fheirm agus dá bharr seo nach bhfuil aon
ioncam agat as, déantar measúnú ar a luach mar sin féin. Tógtar san
áireamh an feirm mar chaipiteal agus déantar measúnú air mar a léirítear
thuas.
Do theach
Ní thógtar do theach san áireamh muna bhfaigheann tú ioncam uaidh.
Acmhainní Iomlána
Déantar do chuid acmhainní ó gach foinse a shuimiú le chéile chun
acmhainní seachtainiúla iomlána a fháil. Íocfar an difríocht idir
d’acmhainní seachtainiúla iomlána agus an uasráta Chúnamh Feirme a
d’fhéadfá a fháil mura mbeadh aon acmhainní agat (lena n-áirítear
méaduithe maidir le daoine fásta agus leanaí cleithiúnacha).