Eolas
Tá an Scéim Sóisialta Tuaithe (SST) dírithe ar fheirmeoirí agus ar
iascairí ar ioncam íseal. Chun a bheith i dteideal an SST ní mór duit a
bheith ag fáil íocaíocht leasa shóisialaigh. Mar chúiteamh ar seo,
soláthróidh siad siúd atá páirteach sa scéim seirbhísí áirithe atá
chun tairbhe na bpobal tuaithe.
Go náisiúnta, coimeádann an Roinn Coimirce Sóisialaí freagracht iomlán
do pholasaí maidir leis an scéim, critéir incháilitheachta san áireamh.
Déanann an Roinn monatóireacht ar chur i bhfeidhm na scéime agus tacaíonn
sí le forais éagsúla a bhainistíonn an scéim go háitiúil. D'fhéadfadh
an Roinn aon scéim SST a iniúchadh agus cuairt a thabhairt ar thionscadail ar
bith. Ag leibhéal áitiúil, bainistíonn Údarás na Gaeltachta an scéim i
limistéir Ghaeltachta, agus bainistíonn na Cuideachtaí Forbartha Áitiúla
an scéim in áiteanna eile.
Cén cineál oibre a dhéanann siad siúd a bhíonn páirteach sa
scéim?
I measc na gcineálacha oibre a dhéanann rannpháirtithe na SST, tá:
- Na bealaí éagsúla siúlóide a chothabháil agus a fheabhsú (Is é
sin, slite slímharcáilte, siúlóidí comhaontaithe) agus bóithre
portaigh
- Obair chaomhnaithe fuinnimh do sheanóirí agus iad siúd atá in mbaol
bochtaineachta
- Tionscadail feabhsúcháin sráidbhailte agus tuaithe
- Cúram sóisialta agus cúram do sheanóirí, cúram pobail do ghrúpaí
réamhscoile agus iarscoile araon
- Obair chothabhála timpeallachta - cothabháil agus airíochas ar
áiseanna pobail agus spóirt
- Tionscadail maidir le hionaid cultúrtha agus oidhreachta gan beann ar
bhrabús
- Obair riaracháin nó cléireachais pobail
Cé mhéid uaireanta oibre atá i gceist agus cé chomh fada agus a
mhaireann an scéim?
Oibríonn rannpháirtithe ar feadh 19.5 uair in aghaidh na seachtaine. Tá
na huaireanta seo bunaithe ar sceideal atá soláimhsithe don
iascaire/feirmeoir. Tá sé amhlaidh le cinntiú nach gcuireann
rannpháirtíocht sa scéim isteach ar d'fheirmeoireacht/iascaireacht. Má
ghlactar tú ar an scéim, tairgfear conradh duit ar feadh tréimhse tosaigh.
Leanann an tréimhse tosaigh ón dáta a thosaíonn tú ar an scéim go dtí an
31 Márta ina dhiaidh sin. Ag deireadh an chonartha tosaigh seo, is féidir go
nglacfar tú ar an scéim ar feadh tréimhse breise má chomhlíonann tú
coinníollacha uile na scéime i gcónaí.
Is faoi rogha na bainistíochta áitiúila atá sé cibé an mbeidh nó nach
mbeidh d'iarratas rathúil. Cé nach bhfuil sé beartaithe go bhfanfadh aon
duine ar an scéim go buan, níl aon teorainn ama cinnte i leith
rannpháirtíochta.
Má tá tú incháilithe don scéim ach nach mian leat páirt a ghlacadh
inti, is féidir le do chéile/pháirtnéir sibhialta/chomhchónaitheoir
cleithiúnach an áit atá ar fáil a thógáil. Cibé ar bith, tarlaíonn seo
chomh fada agus nach bhfuil ceachtar den bheirt agaibh rannpháirteach in aon
scéim chosúil eile, mar shampla, an Scéim
Fostaíochta Pobail. Feidhmíonn an Scéim Sóisialta Tuaithe go
neamhspleách ar Scéim Fostaíochta Pobail (FP) FÁS.
Rialacha
Tá an Scéim Sóisialta Tuaithe dírithe ar fheirmeoirí agus iascairí ar
ioncam íseal nach bhfuil ábalta slí mhaireachtála fónta a dhéanamh, chun
ioncam breise a thuilleamh. Le bheith rannpháirteach sa scéim caithfidh tú a
bheith ag fáil i láthair na huaire:
Má tá tú i mbun feirmeoireachta nó iascaireachta go gníomhach, agus má
shásaíonn tú na critéir a leagtar amach thíos, d'fhéadfá bheith
cáilithe le haghaidh na scéime má tá ceann de na liúntais seo a leanas á
fháil agat ón Roinn Coimirce Sóisialaí:
Critéir maidir le bheith i mbun feirmeoireachta nó iascaireachta go
gníomhach
Critéir maidir le feirmeoirí
Caithfidh tú a chruthú go bhfuil tú i mbun feirmeoireachta go gníomhach.
Chun é seo a dhéanamh, caithfidh tú cóip ded' iarratas le haghaidh Scéim
na hAonÍocaíochta don bhliain reatha, a áiríonn uimhir tréada bailí,
maraon le cóip den admháil a ghabhann leis (cruthú postais oifigiúil). Má
tá tú i mbun feirmeoireachta go gníomhach, ach níor chuir tú iarratas
isteach le haghaidh Scéim na hAonÍocaíochta, ba cheart duit dul i
dteagmháil le do Chuideachta Forbartha Áitiúil chun comhairle a iarraidh.
Critéir maidir le leanbh nó siblín feirmeora
Sa chás gur leanbh/deartháir nó deirfiúr le húinéir tréaduimhreach
atá ionat agus go bhfuil ar do chumas deimhniú go bhfuil tú i do chónaí
agus/nó ag obair ar an bhfeirm AGUS ag fáil ceann de na híocaíochtaí
cáilithe leasa sóisialaigh, is féidir go bhfuil tú intofa chun páirt a
ghlacadh ar SST mar gheall ar thréaduimhir do thuismitheora, do dhearthár nó
do dheirféar.
Critéir maidir le céile/páirtnéir sibhialta/comhchónaitheoir
feirmeora
Má tá tú intofa, ach muna theastaíonn uait páirt a ghlacadh ar SST, is
féidir le do chéile/pháirtnéir sibhialta/chomhchónaitheoir cleithiúnach
an áit infhaighte a ghlacadh.
Cás eile: má ta ceann de na híocaíochtaí cáilithe leasa sóisialaigh
á fháil ag do chéile/pháirtnéir sibhialta/chomhchónaitheoir, agus má tá
sé/sí i mbun feirmeoireachta go gníomhach, is féidir le do
chéile/pháirtnéir sibhialta/chomhchónaitheoir do thréaduimhir a úsáid
chun cáiliú le haghaidh na scéime.
Cás eile: Is féidir le do chéile/pháirtnéir
sibhialta/chomhchónaitheoir páirt a ghlacadh ar SST má tá sé/sí faoi aois
66 agus má tá Pinsean Stáit (Neamh-ranníocach) á fháil agat lena bhfuil
Méadú do Dhuine Fásta Cáilithe á íoc i leith do chéile/pháirtnéir
sibhialta/chomhchónaitheoir.
Critéir maidir le hiascaire
Le gur féidir a mheas go bhfuil tú incháilithe mar iascaire d'áit i
Scéim Shóisialta na Tuaithe, caithfidh tú ceann ar bith de na catagóirí a
leanas a chomhlíonadh:
- Iascaire féinfhostaithe ar bhád iascaireachta atá iontráilte i
dTabhall na mBád Iascaireachta
- Iascaire féinfhostaithe ar eisíodh a bhád le Ceadúnas Iascaireachta
Pota. Thug an Roinn Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha é seo
isteach do bháid bheaga iascaireachta cosúil le curacha, a rinne
iascaireacht go traidisiúnta do ghliomaigh agus a bhíodh gan cheadúnas
go coitianta.
- Iascaire féinfhostaithe a eisíodh le Ceadúnas Iascaireachta
Tráchtála Bradáin ó Iascach Intíre Eireann
- Iascaire féinfhostaithe a eisíodh le Ceadúnas Iascaireachta
Tráchtála Eascainne ó Iascach Intíre Eireann
- Iascaire féinfhostaithe a eisíodh le ceadúnas dreidireachta ó Iascach
Intíre Eireann
- Sealbhóir de cheadúnas Dobharshaothraithe eisithe ag an Roinn
Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha
- Sealbhóir ar cheadúnais d'iascaireacht sliogéisc eisithe ag
Comharchumann cláraithe
Critéir maidir le céile/páirtnéir sibhialta/comhchónaitheoir
iascaire
Is féidir le do chéile/pháirtnéir sibhialta/chomhchónaitheoir páirt a
ghlacadh ar SST má tá sé/sí faoi aois 66 agus má tá Pinsean Stáit
(Neamh-ranníocach) á fháil agat lena bhfuil Méadú do Dhuine Fásta
Cáilithe á íoc i leith do chéile.
Rataí
Do 2012 tá an uasíocaíocht sheachtainiúil don Scéim Sóisialta Tuaithe
mar a leanas:
| Catagóir
Rannpháirtithe |
Íocaíocht Sheachtainiúil
Iomlán |
| Rannpháirtí gan Duine Fásta
Cleithiúnach |
€208 |
| Rannpháirtí le Duine Fásta
Cleithiúnach |
€332.80 uasráta* |
| Gach Leanbh Cleithiúnach (Ráta iomlán)
|
€29.80 |
| Gach Leanbh Cleithiúnach (Leathráta) |
€14.90 |
*Déanann an Roinn Coimirce Sóisialaí measúnú ar mhéadú do dhuine
incháilithe. Má tá ioncam ag an duine incháilithe, mar shampla ó
fhostaíocht, d’fhéadfadh go laghdófaí ráta don rannpháirtí le duine
incháilithe.
Má thuilleann tú ioncam anuas ar d’fheirmeoireacht nó d’iascaireacht
ní féidir leat níos mó a thuilleamh ná an tairseach ioncaim a bhaineann le
do phríomh-íocaíocht leasa shóisialaigh. Má thugann do thuillimh thar an
teorainn ioncaim cailleann tú d’áit ar an SST.
Má tá ráta laghdaithe do dhuine fásta cleithiúnach san áireamh i
d'íocaíocht leasa shóisialaigh reatha, ansin íocfar a chomhluach sin ar an
SST. Níl tú i dteideal íocaíocht SST do dhuine fásta cleithiúnach má
thuilleann sé/sí níos mó ná €310 in aghaidh na seachtaine.
Má tá tú ag fáil Liúntais Míchumais, Íocaíocht Teaghlach
Aontuismitheora, Pinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta
Mharthanaigh agus Pinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta
Mharthanaigh (Neamh-Ranníocach) leanann tú ar aghaidh ag fáil
d’íocaíochta ón Roinn Coimirce Sóisialaí, chomh maith le híocaíocht
bhreise ón SST chun d'íocaíocht iomlán a thabhairt suas ar aon dul leis na
rátaí thuasluaite do do chúinsí teaghlaigh.
Pinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh
(Ranníocach)
I 2012 is í an uasmhéid ráta íocaíochta maidir le Pinsean Baintrí,
Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Ranníocach) ná
€193.50. Is é an breisiú íocaíochta ón SST ná €14.50.
Má tá tú níos óige ná 66 bliana d’aois agus ag fáil Mhéadú i
Leith Aosaithe Cháilithe (IQA) mar chuid de phinsean stáit do
chéile/pháirtí sibhialta/chomhchónaitheoir (Neamh-Ranníocach) gheobhaidh
tú íocaíocht bhreise. Sa chás seo, gheobhaidh tú breisiú íocaíochta. Is
é an breisiú íocaíochta a gheobhaidh tú ná an difríocht idir do ráta
MDFC agus an íocaíocht SST. Mar shampla, má tá tú ag fáil uasráta MDFC
ag €144.70 gheobhaidh tú íocaíocht SST de €63.30 i 2012.
Ranníocaíochtaí árachais shóisialta
Má tá d'íocaíocht SST €38 nó níos mó in aghaidh na seachtaine
íoctar ÁSPC [PRSI] ag ráta Aicme A1. Má tá do bhreisiú íocaíochta SST
faoi €38 in aghaidh na seachtaine d'fhéadfadh go n-íocfaí ÁSPC ag Aicme
J. Níl tú faoi dhliteanas an Mhuirir
Sóisialta Uilíoch (USC) nua ar d’íocaíocht RSS.
Cursaí cánach
Beidh cáin dlite ar d'ioncam cé gur dóigh nach n-íocfaidh tú ach
beagán cánach nó cáin ar bith. Fiaigh ammach a thuilleadh mar gheall ar
chursaí cánach.
Íocaíochtaí eile leasa sóisialaigh nó ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse
Sláinte
Ceadaíonn an SST d'fheirmeoirí agus d'iascairí ar ioncam íseal nach
bhfuil ábalta slí mhaireachtála fónta a thuilleamh óna ngabháltas feirme
nó ó iascaireacht, ioncam breise a thuilleamh. Má tá tú ag fáil
íocaíochtaí eile leasa shóisialaigh ba chóir duit seiceáil le d'oifig
áitiúil leasa shóisialaighan rachaidh sé seo i bhfeidhm ar an
íocaíocht sin. Féadfaidh tú do chárta liachta a choinneáil.