Eolas
Is íocaíocht de réir tástála acmhainne í Pinsean Baintrí, Baintrí
Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Neamh-Ranníocach) iníoctha le
baintreach, le baintreach fir nó le páirtnéir sibhialta marthanach nach
bhfuil incháilithe d’Íochaíocht Bhaintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara
Shibhialta Mharthanaigh (Rannaíoch). Tugadh an Pinsean Baintrí/Baintrí Fir
(Neamh-Ranníocach) ar an íocaíocht seo roimhe seo.
Is íocaíocht í Pinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta
Mharthanaigh (Neamh-Ranníocach) do bhaintreacha, do bhaintreacha fir nó do
pháirtnéirí sibhialta marthanacha nach bhfuil leanaí cleithiúnacha acu. Ba
cheart do dhaoine a bhfuil páistí cleithiúnacha acu cur isteach ar an
Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora.
Nuair beidh tú 66 bliana d'aois aistrífear é go Pinsean
Stáit (Neamh-Rannaíocach). Tá an pinsean seo inchánach ach má tá tú
gan aon ioncam eile, ní miste cáin a ghearradh air.
Rialacha
Chun cáiliú ní mór duit a bheith i do bhaintreach, do bhaintreach fir
nó do pháirtnéir sibhialta a mhaireann, agus ní féidir leat a bheith in
aontíos le duine eile. Coinníonn tú do theidlíocht an pinsean seo a fháil
má tá tú colscartha nó má tá do pháirtíocht sibhialta tar éis
díscaoileadh, agus dá mbeadh tú i dteideal an phinsean a fháil dá bhfanfá
pósta nó sa pháirtíocht shibhialta.
Beidh tú i dteideal:
- Má éiríonn leat sa scrúdú maoine agus
- Má sásaíonn tú na coinníollacha a bhaineann le gnáthchónaí.
An tástáil acmhainne
Is ionann do chuid acmhainní agus ioncam nó réadmhaoin ar bith atá agat
(seachas do theach féin) nó sócmhainn ar bith a d'fhéadfadh airgead a
thabhairt isteach nó ioncam a sholáthar duit.
Meastar acmhainní de réir rialacha sonracha faoi na cinnteidil a leanas:
- Ioncam airgead tirim agus ioncam ó fhostaíocht
- Luach caipitil agus maoine nach bhfuil úsáid phearsanta á baint as
- Luach maoine a bhfuil úsáid phearsanta á baint as (m.sh., ,coigiltis,
infheistiochtai airgead tiruin seachas, do theach cónaithe)
Ioncam airgead tirim agus ioncan ó fhostaíocht
Déantar measúnú sa scrúdú maoine ar gach ioncam i bhfoirm airgid atá
agat. I measc na míreanna d’ioncam airgid a dhéantar a mheasúnú tá aon
ioncam ó phinsean slándála sóisialaí ó thír eile.
Tá míreanna áirithe den ioncam airgid nach gcuirtear san áireamh,
áfach. Ní chuirtear san áireamh, mar shampla, airgead suas go €100 in
aghaidh na seachtaine a thuilltear de thoradh fostaíochta (ach ní de thoradh
féinfhostaíochta). Is mar mhaoin a áirítear gach ioncaim os a chionn sin.
Ní chuirtear íocaíochtaí a fhaightear faoin Scéim Scoir Feirmeoireachta
san áireamh.
Ioncam Cúntóra Bhaile: Ó Eanáir 2012 cuirtear aon
ioncam a fhaigheann tú ó obair mar chúntóir baile le FSS san áireamh don
tástáil acmhainne.
Tá tuilleadh faoi conas measúnú a dhéanamh ar do chuid acmhainní ó
airgead tirim.
Caipiteal agus maoin nach bhfuil úsáidte go pearsanta
Déantar measúnacht ar choigilteas, infheistíochtaí, airgead ar láimh
agus réadmhaoin ar bith ar leat í (ach nach é do bhaile féin é) mar
chaipiteal. Cuirtear do chuid caipitil ar fad ó fhoinsí éagsúla le cheile
agus baintear úsáid as foirmle speisialta ansin le do chuid acmhainní
seachtainiúla ó chaipiteal a aimsiú.
Áirítear leis an réadmhaoin agus na hinfheistíochtaí a bhféadfaí a
mheas faoi réir na ceannscríbhinne seo coigilteas i gcuntas bainc (nó áit
ar bith eile), teach atá ligthe amach ar cíos agat agus scaireanna. Is
féidir go mbeidh tú ag fáil ioncaim ón réadmhaoin nó ón infheistíocht
nó nach mbeidh. Ní dhéantar measúnacht ar ioncam ó réadmhaoin atá
measúnaithe cheana féin ar a luach caipitil sa tástáil mhaoine - féach
ioncam airgid thuas.
Tá tuilleadh eolais ar fáil inár ndoiciméad maidir leis an
dóigh a ndéantar réadmhaoin a mheas mar acmhainn.
Maoin a mbaintear úsáid phearsanta as
Ní mheastar do theach cónaithe mura bhfuil ioncam á thuilleamh agat as.
Mar shampla, tá seomra tí ligthe ar cíos agat, measfar an t-ioncam as sin.
Ach, más i d'aonar a bheifeá ag cónaí murach an seomra sin a bheith ligthe,
ní mheasfar an t-ioncam ar chor ar bith.
Acmhainní iomlána
Suimítear d'acmhainní faoi na cinnteidil éagsúla chun méid aon phinsin
ar féidir leat a fháil a mheas.
Ní bhíonn aon tionchar ar ráta an phinsin ag an gcéad €7.60 de mhaoin
in aghaidh na seachtaine faoi mar a dhéanann an Roinn Coimirce Sóisialaí
measúnú uirthi. Ina dhiaidh sin déantar laghdú €2.50 in aghaidh na
seachtaine ar an bpinsean in aghaidh gach €2.50 maoine.