Eolas
Is eard atá sa Phinsean Baintrí, Baintrí Fir, nó Páirtnéara Shibialta
Marthanaigh (Ranníocach), ná íocaíocht seachtainiúil don fhear céile, don
bhean chéile nó do pháirtneir sibhialta de dhuine éagtha. Tugadh an Pinsean
Baintrí/Baintrí Fir (Ranníocach) ar an íocaíocht seo roimhe seo. Ní mór
duit nó do chéile/do pháirtnéir sibhialta éagtha dóthain ranníocaíochtaí
árachais shóisialaigh (ÁSPC) a bheith aige/aici.
Chun cáiliú ní mór duit a bheith i do bhaintreach, do bhaintreach fir
nó do pháirtnéir sibhialta a mhaireann, agus ní féidir leat a bheith in
aontíos le duine eile.
Má tá tú colscartha agus dá mbeifeá i dteideal Phinsean Baintrí,
Baintrí Fir, nó Páirtnéara Shibialta Marthanaigh(Ranníocach) dá bhfanfá
pósta, coimeádann tú do theidlíocht Pinsean Baintrí, Baintrí Fir, nó
Páirtnéara Shibialta Marthanaigh (Ranníocach) a fháil.
Má tá do chomhpháirtíocht sibhialta tar éis díscaoileadh agus dá
mbeifeá i dteideal Pinsean Baintrí, Baintrí Fir, nó Páirtnéara Shibialta
Marthanaigh (Ranníocach) a fháil dá bhfanfá sa pháirtíocht sibhialta,
coimeádann tú do theidlíocht Pinsean Baintrí, Baintrí Fir, nó
Páirtnéara Shibialta Marthanaigh (Ranníocach) a fháil.
Íoctar an pinsean seo is cuma cén t-ioncam eile atá agat.
Rialacha
Béidh tú cáilithe le haghaidh Pinsean Baintrí, Baintrí Fir nó
Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Ranníocach) má bhí do
chéile/pháirtnéir sibhialta básaithe ag fáil ceachtar den dá phinsean seo
Pinsean Stáit
(Idirthréimhse) nó Pinsin
Stáit (Ranníocach), agus íocaíocht don chéile/pháirtnéir sibhialta
cleithiúnach san áireamh (nó bheadh an íocaíocht sin i gceist ach amháin
go raibh an céile/páirtnéir sibhialta ag fáil Pinsean
Stáit (Neamh-ranníocach), Pinsean na
nDall nó Liúntas
Cúramóra).
Muna raibh do chás amhlaidh, ní mór duit ansin dóthain íocaíochtaí
ÁSPC a bheith agat.
Ranníocaíochtaí árachais sóisialta (ÁSPC)
Le bheith ina theideal Pinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara
Shibhialta Mharthanaigh (Ranníocach) ní mór duit nó do do
chéile/páirtnéir sibhialta básaithe méid áirid ranníocaíochtaí ÁSPC a
bheith agaibh. Is ar íocaíochtaí ÁSPC duine amháin a dhéantar an méid
áirid sin a chomhaireamh - ní féidir ranníocaíochtaí na beirte a chur le
chéile leis an líon ceart a dhéanamh suas. Ní mór na ranníocaíochtaí ar
fad a bheith déanta roimh bhás an chéile/páirtnéara sibhialta.
Comhraíonn nach mór chuile ranníocaíocht ÁSPC don phinsean seo,
ranníocaíochtaí a dhéanann seirbhísigh poiblí agus daoine atá
féin-fhostaithe fiú.
Ní mór duit nó do chéile/páirtnéir sibhialta
- Ar a laghad 156 ranníocaíocht íoctha (íoctha go dtí an dáta a
bhfuair do chéile/do pháirtnéir sibhialta bás nó roimh do 66ú lá
breithe, cibé acu is luaithe)
Agus
- 39 ranníocaíocht sa mhéan sa 3 bhliain nó sa 5 bhliain roimh bás an
chéile/páirtnéir sibhialta nó roimh dó/dí aois an phisin a bhaint
amach (66)
Nó
- Ar a laghad 24 ranníocaíocht bliantúil sa mheán a bheith agat ón
gcéad bhliain a d'íoc tú árachas go dtí bliain an bháis nó an
bhliain gur bhain tú aois an phinsin amach. Má bhaintear úsáid an an
meán seo beidh tú i dteideal bunphinsin le meán de 24, teastóidh meán
de 48 íocaíocht sa bhliain leis an bpinsean iomlán a fháil.
Ranníocaíochtaí íoctha i mball stáit eile den Aontais Eorpaigh
Má bhí tú ar fostú inárachaithe roimhe i dtír atá clúdaithe faoi
Rialacháin an AE nó i dtír lena bhfuil Comhaontú Déthaobhach Leasa
Shóisialaigh ag Éire agus d’íoc tú ranníocaíocht amháin ráta iomlán
ÁSPC ar a laghad in Éirinn, is féidir leat do thaifead árachais sa tír sin
a chur le do chuid ranníocaíochtaí ÁSPC Éireannacha chun cabhrú leat
cáiliú le haghaidh Phinsean Baintrí, Baintrí Fir, nó Páirtnéara
Shibialta Marthanaigh (Ranníocach).
Tá tuilleadh eolais ar fáil inár ndoiciméad maidir le do
ranníocaíochtaí árachais shóisialaigh ó thar lear a chur le
chéile.
Ioncam eile
Ós rud é gur pinsean ranníocach atá i gceist anseo is féidir leat
ioncam eile a bheith agat ó fhoinse ar bith eile agus fós a bheith i dteideal
an phinsin seo. Ioncam incháinithe atá ann. Muna bhfuil d'ioncam agat ach é
ní dóigh go mbeidh aon dliteanas cánach ort.
Ní féidir Pinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta
Mharthanaigh (Ranníocach) a fháil ag an am céanna le Pinsin
Stáit (Ranníocach). Má tá tú i dteideal dhá íocaíocht a fháil, is
féidir leat an ceann is fearr a íocfaidh thú a roghnú. Féadfaidh tú
Pinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh
(Ranníocach) a fháil, áfach, mar aon le leath an ráta pearsanta de Sochar
Cuardaitheora Poist, Sochar
Breoiteachta, Sochar Díobhálacha
Ceirde, Sochar
Máithreachais, Sochar
Sláinte agus Sábháilteachta nó Sochar
Uchtála má tá tú incháilithe le haghaidh ceann de na híocaíochtaí
seo freisin.
Má tá Pinsean Easláinte á fháil agat agus má shásaíonn tú na
coinníollocha maidir le Pinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara
Shibhialta Mharthanaigh (Ranníocach) a fháil, féadfaidh tú leath an ráta
pearsanta de Shochar Breoiteachta a fháil ar feadh tamaill theoranta áirithe
in áit Pinsean Easláinte
agus féadfaidh tú Pinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta
Mharthanaigh (Ranníocach) a éileamh.
Fad
Is féidir an pinsean a fháil an fhad agus atá tú i do bhaintreach (fir
nó mná) nó páirtnéir sibhialta marthanach. Má athphósann tú, má
dhéanann tú páirtnéireacht shibhialta nua nó má bhíonn tú i do chónaí
le páirtí mar fhear agus bean, níl tú i dteideal an phinsin níos mó.
Is féidir méadú a fháil ar leanbh cáilithe mar chuid den phinsean -
íoctar méadú an fhad agus atá páiste faoi 18 agus suas go sroicheann
sé/sí 22 má tá sé/sí ag freastal ar oideachas lán-aimseartha.
Íocaíochtaí eile do dhaoine ar bhaintreach agus páirtnéirí sibhialta
marthanacha
Faoin Scéim Gortaithe Ceirde is féidir Pinsean Baintrí, Baintrí Fir nó
Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh a íoc má bhásaigh an céile de bharr
timpiste nó galair cheirde.
Daoine a bhfuil Pinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta
Mharthanaigh (Ranníocach) dhá fháil acu tá siad i dteideal seirbhísí
breise ar nós Liúntas
Leictreachas má shásaíonn siad na gnáthchoinníollacha. Daoine atá 60
nó ós a cionn, nuair a chailltear an céile/páirtnéir sibhialta atá ag
fáil na seirbhísí in aisce coinníonn siad na seirbhísí sin fiú muna
bhfuileadar ag sásamh an ghnáthriail aoise.