Eolas
Tá Pinsean Stáit (Eatramhach) iníoctha le daoine atá 65 bliana d’aois
agus ar scor agus a bhfuil a ndóthain ranníocaíochtaí
árachais sóisialta acu. Ní dhéantar tástáil mhaoine air. De ghnáth
ní mór duit a bheith i d’fhostaí agus stampa árachas sóisialta á íoc
agat ar an ráta iomlán, ach tá dornán daoine féinfhostaithe incháilithe
freisin.
Aistreofar tú ag aois 66 bliana d'aois go dtí an Pinsean Stáit
(Ranníocach). Ní féidir leat a bheith fostaithe nó féinfhostaithe agus
Pinsean Stáit (Idirthréimhseach) á fháil agat. Nuair a aistreofar tú go Pinsean Stáit
(Ranníocach) ag aois 66 bliana d'aois féadfaidh tú ioncam a thuilleamh
ó fhoinse ar bith.
Ba chóir duit cur isteach ar Pinsean Stáit (Idirthréimhseach) 3 mhí sula
mbíonn tú 65 bliana d’aois.
D’athraigh an t Acht
um Athchóiriú an Dlí Leasa Shóisialaigh agus um Pinsin 2006 (pdf) ainm
an Phinsean Scoir go Pinsean Stáit (Idirthréimhseach). Tháinig an t-ainm nua
i bhfeidhm i Meán Fómhair, 2006.
Athruithe ar an bPinsean Stáit (Eatramhach)
Faoin Acht Leasa Shóisialaigh agus Pinsean 2011 ní íocfar an Pinsean
Stáit (Eatramhach) a thuilleadh ó 1 Eanáir 2014. Ciallaíonn sé go mbeidh
aois an Phinsin Stáit caighdeánach 66 bliain do gach duine. Má tá cáilithe
le haghaidh an Phinsin Stáit (Eatramhach) roimh 1 Eanáir 2014, leanfaidh tú
i dteideal é ar feadh tréimhse d'éilimh (bliain amháin).
Athruithe ar na bandaí ráta ón 1 Meán Fómhair 2012
Ón 1 Meán Fómhair 2012, beidh gaol níos dlúithe idir an ráta
íocaíochta agus líon na ranníocaíochtaí árachais shóisialta íoctha
(lena n-áirítear creidiúintí, nuair is cuí). Leanfar den chóras
meánaithe ach tabharfar isteach bandaí breise ráta a thabharfaidh léiriú
níos cruinne ar stair árachais shóisialta an éilitheora.
Nóta: Ní athrófar rátaí íocaíochta na ndaoine atá ag fáil na
bpinsean sin cheana féin.
Pinsean Stáit (Aistriú): Rátaí
| Meán Bliantúil |
Ráta Pearsanta (seachtainiúil) |
Méadú i Leith Duine Aosaithe Cháilithe faoi 66* (uasráta
seachtainiúil) |
Méadú i Leith Duine Aosaithe Cháilithe atá 66 * (uasráta
seachtainiúil) |
| 48 or over |
€230.30 |
€153.50 |
€206.30 |
| 40-47 |
€225.80 |
€146.00 |
€196.00 |
| 30-39 |
€207.00 |
€139.00 |
€186.00 |
| 24-29 |
€196.00 |
€130.00 |
€175.00 |
*Íocaíocht faoi réir thástáil maoine is ea an Méadú i leith Duine
Aosaithe Cháilithe.
Ní mór duit:
- A bheith 65 bliana d'aois
- A bheith faoi bhun 66 bliana d'aois
- A bheith scortha
- Do dhóthain ranníocaíochtaí árachais shóisialaigh a bheith íoctha
agat.
Scortha
Ciallaíonn scortha nach féidir leat a bheith i bhfostaíocht atá
faoi árachas nó a bheith féin-fhostaithe faoi
árachas. Má tá tú ag saothrú airgid níl cead agat dul thar €38 sa
tseachtain nó €5,000 sa bhliain má tá tú féin-fhostaithe. Má tá ioncam
agat ó airgead i dtaisce nó ó infheistíochtaí b'fhéidir go mbeadh ort
ÁSPC don fhéin fhostaithe a íoc ach ní ghearrfaidh sé amach tú ón
Pinsean Stáit (Idirthréimhse) muna bhfuil tú féin-fhostaithe i ndáiríre.
Tagann deireadh leis na coinníollacha seo nuair a shroicheann tú aois 66
agus aistríonn tú chuig Phinsean Stáit (Ranníocach).
Ranníocaíochtaí árachais shóisialaigh
Ní mór duit:
- Ranníocaíochtaí árachais shóisalaigh a bheith íoctha agat roimh
aois áirithe
- Méíd áirithe ranníocaíochtaí a bheith íoctha agat
- Méid áirithe rialta, in aghaidh na bliana, a bheith á íoc agat ón
uair gur thosaigh tú ar dtús
Árachas íoctha roimh aois áirithe
Caithfidh tú tús a chur le do ranníocaíochtaí árachais shóisialaigh
roimh aois a 55.
An méid ranníocaíochtaí nach mór duit a bheith íoctha
agat
- Má shroicheann tú aois an phinsin ar an 6ú Aibreán 2012 nó ina
dhiaidh beidh 520 ranníocaíochtaí íoctha uait. Sa chás seo, ní
féidir ach 260 den 520 ranníocaíochtaí a bheith mar ranníocaíochtaí
deonacha. Má bhí tú, áfach, ag íoc ranníocaíochtaí deonacha roimh
nó ar an 6ú Aibreán 1997 agus má tá 520 ranníocaíocht san iomlán
agat agus gan ach 156 díobh siúd deonach beidh tú fós inghlactha sa
scéim.
- Má shroicheann tú aois an phinsin ar an 6ú Aibreán 2002 nó ina
dhiaidh beidh 260 ranníocaíochtaí íoctha uait.
- Má shroicheann tú aois an phinsin roimh an 6ú Aibreán 2002 ní mór
duit 156 ranníocaíocht cáilithe a bheith íoctha agat (sé sin, trí
bliana san iomlán ach nach gá dóibh a bheith leanúnach). Dá bhrí sin
caithfidh tú na híocaíochtaí a bheith déanta ag an ráta stampa
iomlán roimh 1979 nó aicme A, E, F, G, H, N ó shin i leith).
I gcásanna áirithe, glactar le ranníocaíochtaí a déanadh isteach sa
scéim árachais náisiúnta roimh 1953, mar a bhí ann ag an am, chun do chuid
ranníocaíochtaí a thabhairt go dtí 156 ranníocaíochtaí. Tógtar chuile 2
ranníocaíocht mar 3 chinn. Ach má thógtar san áireamh iad, áfach, ní
mór don mheán uimhir a bheith faighte ó 1953 i leith.
Meánuimhir ranníocaíochtaí sa bhliain
Tá ort an meánuimhir a shroichint. Seo é an ghné is casta den iarratas
chun pinsean a fháil, agus is é is mó a thugann fadhbanna agus cúrsaí
aimhrialtacht do dhaoine.
Deireann an riail nach mór duit, ar an meán, 24 ranníocaíocht cuí a
bheith íoctha agat nó creidiúnaithe duit, in aghaidh na bliana ón am gur
thosaigh tú ag íoc árachais nó ón mbliain 1953 ag bráth ar cé acu is
deireanaí. Tugann an meánuimhir de 24 ranníocaíocht an Pinsean búnasach
duit agus ní mór duit 48 ranníocaíocht chun an pinsean iomlán a fháil.
Ní thagann an meán riail mhalartach seo i bhfeidhm ach dóibh siúd a
shroicheann aois an phinsin ar an 6ú Aibreán 1992 nó ina dhiaidh sin.
Deireann an riail seo go mbíonn agat 48 ranníocaíocht (íoctha agat nó
creidiúnaithe duit) mar mheánuimhir do gach bliain dá bhfuil tú ag íoc an
árachais ó an bliain ranníoca 1979/80 suas go dtí an bhliain ranníoca
dheiridh iomlán go dtí do 65ú breithlá. Thabharfadh an mheánuimhir seo
pinsean iomlán duit. Má úsáidtear an meánuimhir eile seo níl an deis agat
pinsean íslithe a fháil.
Dá bhrí sin, nuair a shroicheann tú aois an phinsin, sé sin, 66 ar an
6ú Aibreán 1992 nó ina dhiaidh sin déanfar scrúdú ar do mheánuimhir i
dhá bhealach - an gnáth bhealach agus an bealach eile seo. Beidh formhór na
ndaoine, atá ag obair nó a bhí ag obair, ábalta na coinníollacha a
bhaineann leis an dara bhealach a chomhlíonadh, Piocadh Aibreán na bliana
1979 toisc gurb shin í an bhliain ar cuireadh tús le hÁrachas Sóisialach
Pá-Choibhneasa (ÁSPC) don chéad uair. Déanfar scrúdú ar an meánuimhir
eile ar dtús toisc go bhfuil sé níos éasca a mheas. Muna bhfuil meánuimhir
de 48 agat ó 1979 i leith déanfar tú a mheas ar an ngnáth bhealach agus
gheobhaidh tú pinsean íslithe (Tá sé do-dhéanta meánuimhir de 48 a bheith
agat ar an ngnáth bhealach muna féidir leat an meánuimhir a shroichint ar an
dara bealach).
Íocaíochtaí atá déanta thar lear
Má tá íocaíochtaí árachais shóisialaigh déanta agat i dtír eile den
Aontas
Eorpach (AE) nó i dtír lena bhfuil aontú
déthaobhach ag Éirinn, is féidir leat iad seo a usáid chun do Phinsean
Stáit (Eatramhach) a fháil. Tá tuilleadh eolais sa doiciméad faoi ranníocaíochtaí
árachais shóisialta ón choigríoch a chomhcheangal.
Pinsin pro-rata
Pinsean pro rata an árachais mheasctha
Tagann árachas measctha aníos nuair a chaitheann duine cuid dá s(h)aol
oibre sa tseirbhís phoiblí ag íoc árachais mhodhnaithe agus cuid eile dá
s(h)aol san earnáil phríobháideach ag íoc Aicme A (nó, féinfhostaithe ó
mhí Aibreáin 1988, agus ag íoc Aicme S). Mura bhfuil dóthain stampaí
árachais shóisialta ag an ráta iomlán agat le bheith incháilithe, ach gur
íocadh stampaí árachais shóisialta modhnaithe áirithe mar
státseirbhíseach nó fostaí sa tseirbhís phoiblí, féadfaidh tú a bheith
incháilithe do phinsean pro rata an árachais shóisialta.
Caithfear na nithe seo a leanas a bheith agat chun pinsean pro rata le
hárachas measctha a fháil:
- Árachas sóisialta íoctha roimh 55 bliana d’aois
- Líon ceart na stampaí íoctha nuair a shroicheann tú aois scoir
(féach 'Líon na stampaí íoctha' thuas)
- Meascán de stampaí iomlána agus modhnaithe, a thugann meán bliantúil
de 24 nuair a shuimítear le chéile iad ón am a chuirtear tús leis an
árachas i dtús báire nó 1953, cibé is déanaí, go dtí deireadh na
bliana stampa roimh do 65ú breithlá.
- Theip ort cáiliú don phinsean faoi rialacháin an AE nó faoi
shocruithe cómhalartacha le tíortha eile nó cháiligh tú do phinsean ag
ráta níos ísle ná mar a thabharfadh an pinsean pro rata duit.
Árachas eadrannach agus pinsin pro-rata
Bhí teorainn ioncaim ann maidir le stampaí árachais shóisialta a íoc
roimh 1974, agus ciallaíonn sé seo go bhféadfadh tréimhsí a bheith ann
nuair a bhí tú istigh agus lasmuigh den réimse árachais. Ní féidir leat
Pinsean Stáit (Idirthréimhseach) pro rata a fháil má bhíonn árachas
sóisialta eadrannach agat, ach mar sin féin, féadfaidh tú Pinsean Stáit
(Ranníocach) a fháil.
D'fhoilsigh an Roinn Coimirce Sóisialaí Working
it out - A Guide to the State Pension (Transition); cabhróidh sé seo leat
a oibriú amach an bhfuil tú i dteideal Pinsean Stáit (Eatramhach).
Ó Aibreán 2012 is féidir éilimh déanacha ar phinsin ranníocacha bheith
siardhátaithe suas go 6 mhí ar a mhéid. Baineann sé seo le Pinsean Stáit
(Ranníocach agus Eatramhach) agus Pinsean Baintrí, Baintrí Fir nó
Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Ranníocach). Léigh tuilleadh inár
ndoiciméad faoi
.