Conas Pinsean de chuid an AE a éileamh ó thír eile sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch
Má tá tú:
- i do chónaí in Éirinn
- má tá obair déanta agat in Éirinn
- mura bhfuil 65 bliain d'aois bainte amach agat go fóill, ach má tá an aois cháilitheachta do Phinsean de chuid an AE bainte amach agat i dtír eile sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch inar oibrigh tú agus ar mhaith leat pinsean de chuid an AE a éileamh uirthi anois.
Daoine ina gcónaí in Éirinn
Má tá tú i do chónaí i bPoblacht na hÉireann, ba cheart duit do phinsean de chuid an AE ó thír eile sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch a éileamh tríd an Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh, Seirbhísí Leasa Shóisialaigh, Sligeach.
TÁBHACHTACH - Ní féidir ach foirm EUP 65 a úsáid chuige seo, rud is féidir a íoslódáil ón suíomh gréasáin seo.
Nó is féidir an fhoirm seo a fháil trí FORM EUP65, chomh maith le d'ainm agus do sheoladh, a théacsáil go dtí 51909. (gnáthrátaí téacsála i bhfeidhm)
Má fhaightear iarratas gan foirm chomhlánaithe EUP 65, seolfar ar ais í chuig an seoltóir.
(EISCEACHT: má tá tú ar tí 65 bliain d'aois a bhaint amach sa trí mhí amach romhainn, ba cheart duit foirm SPT/SPC1 a úsáid ina háit).
Daoine ina gcónaí taobh amuigh D'Éirinn
Má tá tú i do chónaí taobh amuigh de Phoblacht na hÉireann, i dTír sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, ba cheart duit iarratas a chur isteach ar Phinsean de chuid an AE, chuig an institiúid pinsean i do thír chónaithe, de réir nósanna imeachta na hinstitiúide sin.
Mura bhfuil tú i do chónaí i dtír sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, is gá duit iarratas a chur isteach ar Phinsean de chuid an AE, chuig an institiúid pinsean sa tír sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch ina raibh tú i bhfostaíocht inárachais an uair dheireanach.