Eolas
Is scéim í an Scéim um Chúramaí Baile a dhéanann éascaíocht do
dhéantóir baile cáiliú don Phinsean
Stáit (Ranníocach). Is é an sainmhiniú atá ar dhéantóir baile ná
duine (fireann nó baineann) a thugann suas a c(h)uid oibre chun aire a
thabhairt do leanbh faoi aois 12 bliain nó leanbh/duine fásta éagumasach
aois 12 bliain nó ós a chionn tar éis an 6 Aibreán 1994.
Athruithe do Scéim na dTeaghlachóirí
Faoi láthair nuair a bhaineann tú aois an phinsin amach déantar neamhaird
ar aon bhliain a chaith tú sa bhaile agus do mheánranníocaíochtaí in
aghaidh na bliana á oibriú amach do Phinsean Stáit (Ranníocaíocht).Tá
córas bunaithe ar chreidmheasa faoi bhreithniú ach níl aon dáta
feidhmiúcháin fós. Bronnfaidh an córas nua creidmheasanna d’am caite ag
tabhairt faoi chúramaí baile in áit neamhairde.
Rialacha
Chun a bheith incháilithe don Scéim um Chúramaí Baile, caithfidh:
- Tú a bheith i do chónaí sa Stát go buan (seachas i gcásanna a
bhaineann le forálacha rialacháin AE nó oibrithe sannta)
- Tú a bheith faoi 66 bliain d'aois
- Go raibh tú i bhfostaíocht/féin-fhostaithe inárachais (i.e.,
caithfidh tú a bheith faoi árachas ar nó tar éis aois 16 agus roimh
aois 56 bliain)
- Tú gan a bheith gafa le fostaíocht lánaimseartha, tá cead agat áfach
oibriú agus níos lú ná 38 euro sa tseachtain a shaothrú
- Tú a bheith ag tabhairt cúraim do leanbh (faoi 12 bliana d'aois) nó
duine éagumasach ar bhonn lánaimseartha.
Roimh an 14 Márta 2005, ní mór go raibh cónaí ort freisin leis an duine
atá faoi do chúram. Ón 14 Márta 2005, mura bhfuil cónaí ort leis an duine
sin:
- Caithfidh córas díreach cumarsáide a bheith idir do theach agus an
duine atá faoi do chúram, mar shampla trí theileafón nó córas
aláraim agus
- Ní féidir leis an duine atá faoi do chúram cúram agus aird
lánaimseartha a bheith acu cheana féin ó dhuine ar bith eile ina dteach
féin.
Caithfidh an duine a bhfuil an cúram dhá fháil aige/aici a bheith chomh
míchumasach nó éagumasach agus go dteastaíonn:
- Maoirseacht leanúnach chun contúirt a sheachaint dó nó di féin
Nó
- Maoirseacht leanúnach agus cúnamh rialta tríd an lá maidir lena
mbaineann dá c(h)uid gnáth riachtanais phearsanta.
Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara nach mbreathnaítear ar níos
mó ná duine amháin mar Chúramaí baile ag am ar bith. Má stopadh tú ag
obair mar Chúramaí Baile agus má ghlacann do chéile/páirtnéir sibhialta
dualgais na gcúraimí baile orthu féin, ba chóir duit fógra a thabhairt don
Roinn láithreach chun cinntiú nach gcailltear teidlíochtaí
ar bith faoin scéim do Chúramaí Baile.
Blianta cúramaíochta baile
Is bliain í an bhliain cúramaíochta baile ina bhfuil tú amuigh as an
bhfórsa-oibre ar feadh na bliana ranníocaíochta iomláin.
Is féidir neamhaird a dhéanamh ar 20 bliain ar a mhéid caite mar
chúramaí baile maidir le Pinsean Stáit (Ranníocach).
Creidmheasanna cúramaíochta baile
Tugtar creidmheasanna cúramaíochta baile suas go deireadh na bliana
ranníocaíochta inár thosaigh duine a bheith ina chúramaí baile. Má
éiríonn duine as a bheith ina c(h)úramaí baile le linn na bliana
ranníocaíochta, déantar creidmheasanna cúramaíochta baile a thabhairt suas
go dtí an dáta sin.
Conas iarratas a dhéanamh
Clárú mar Chúramaí Baile
Ba chóir duit clárú roimh dheireadh na bliana ranníocaíochta tar éis
na bliana inár thosaigh tú a bheith i do chúramaí baile, m.sh., má
thosaigh tú mar chúramaí baile sa tréimhse idir an 1 Eanáir 2012 agus an
31 Nollaig 2012, ba chóir duit clárú roimh an 31 Nollaig 2013.
In éineacht le do fhoirm
chlárúcháin HM1 (pdf) caithfidh tú iad seo a chur ar fáil:
- Do theastas
breithe an leagan fada
- Teastais bhreithe, na leaganacha fada, gach duine a bhfuil tú ag
tabhairt cúraim dó/dí i do theaghlach.
Tá teastais le haghaidh cúiseanna clárúcháin le fáil ón gCláraitheoir
Breitheanna, Básanna agus Póstaí ar €1. Muna bhfuil tú ábalta an
teastas/na teastais a fháil láithreach, ba chóir duit d'éileamh a chuir
isteach le nóta ag rá go mbeidh an teastas/na teastais dá gcur isteach chomh
luath agus is féidir.
Ná gá duit clárú má tá:
Níl gá duit clárú mar caithfear le d'éileamh ar Shochar Linbh, ar
Liúntas Cúramóra, ar Shochar Cúramóra nó ar Dheontas Cúraim Faoisimh mar
iarratas ar d'ainm a chlárú mar Chúramaí Baile. Déanfar an fhaisnéis seo
a chur síos ar do thaifeadh árachais go huathoibríoch.