Eolas
Is íocaíocht sheachtainiúil í Pinsean Easláinte do dhaoine nach bhfuil
i riocht oibre mar gheall ar bhreoiteacht fhadtéarmach nó mhíchumas agus
atá clúdaithe ag árachas sóisialta (ÁSPC). Ag 65, ardaíonn an ráta
íocaíochta go dtí an ráta ag a mbíonn an Pinsean Stáit (Idirthréimse).
Nuair beidh tú 66 bliana d'aois aistrífear é go Pinsean Stáit
(Rannaíocach).
Tá Pinsean Easláinte inchánach. Tá tú i dteideal Pas Saorthaistil a
bheith agat má tá Pinsean Easláinte á fháil agat. D’fheadfá a bheith i
dteideal an Pacáiste
Sochair Teaghlaigh a bheith agat freisin.
Má mheasann tú nár cheart gur diúltaíodh Pinsean Easláinte duit, nó
mura bhfuil tú sásta le cinneadh a rinne Oifigeach Cinnidh Leasa
Shóisialaigh faoi do theidlíochtaí tá sé de rogha agat achomharc a dhéanamh in
aghaidh an chinnidh seo.
Rialacha
Ranníocaíochtaí árachais shóisialta
Caithfear na nithe seo a leanas a bheith agat ar a laghad chun Pinsean
Easláinte a fháil:
- 260 (5 bliana) ranníocaíocht íoctha (stampa) ó thosaigh tú ag íoc
árachais shóisialta
- 48 ranníocaíocht íoctha (stampa) nó creidmheas tugtha ina n-aghaidh
sa bhliain cánach iomlán is déanaí roimh dháta an éilimh
Ní áirítear ach aicmí ÁSPC A, E agus H. An bhliain cánach is déanaí
is ea an bhliain roimh an éilimh. Mar shampla, má dhéantar éileamh ar
Phinsean Easláinte in 2012, an bhliain cánach iomlán is déanaí ná 2011.
Critéir leighis
Déanfaidh dochtúir atá fostaithe ag an Roinn Coimirce Sóisialaí
cinneadh an bhfuil tú neamhábalta de réir míochaine do chúrsaí
fostaíochta agus incháilithe ar chúiseanna leighis don Phinsean Easláinte.
Le cáiliú caithfidh tú a bheith:
- Neamhábalta do chúrsaí fostaíochta ar feadh 12 mhí ar a laghad agus
gur dócha go mbeidh tú neamhábalta do chúrsaí fostaíochta ar feadh 12
mhí eile ar a laghad (is dócha go mbeidh Sochar Breoiteachta nó Liúntas
Míchumais á fháil agat ar feadh an ama)
Nó
- Neamhábalta do chúrsaí fostaíochta go buan (i gcásanna áirithe de
bhreoiteacht nó míchumas atá fíor-thromchúiseach, féadfaidh tú
aistriú go díreach ó íocaíocht leasa shóisialaigh eile nó ón bpost
atá agat chuig Pinsean Easláinte).
Pinsean Easláinte agus obair
Ón 13 Feabhra 2012, cuirtear an Sochar Cumais Pháirtigh in ionad
na socruithe díolúine a bhí ann roimhe seo, sa chás go bhféadfadh daoine
ag a raibh Sochar Breoiteachta nó Pinsean Easláinte á fháil cead a fháil
chun oibrithe go páirtaimseartha (ar a dtugtar díolúine) ar mhaithe le
cuspóirí athshlánaithe nó teiripeacha agus a n-íocaíocht iomlán leasa
shóisialaigh a choimeád.
Ní dhéanfar difear dóibh siúd ag a bhfuil an cead seo faoi láthair go
dtí go mbeidh athbhreithniú le déanamh ar a gcead. Ag an tráth sin, ní
bheidh fáil acu a thuilleadh ar an díolúine ach beidh sé de rogha acu
iarratas a dhéanamh ar Shochar Cumais Pháirtigh. Ní gá go mbeidh an obair a
dhéanann duine fad a bhíonn an Sochar Cumais Pháirtigh á fháil acu ar
mhaithe le cuspóirí athshlánaithe nó teiripeacha.
Is ar bhonn deonach atá an rannpháirtíocht ar scéim an tSochair Cumais
Pháirtigh.
Oiliúint
Má fhaigheann tú Sochar Breoiteachta nó Pinsean Easláinte agus más mian
leat cúrsa
oiliúna FÁS a dhéanamh, ní chuireann tú ar Shochar Cumais Pháirtigh.
Cuir iarratas isteach chuig an Rannóg Sochar Breoiteachta nó chuig an Rannóg
Pinsean Easláinte, amhail is cuí. D’fhéadfá an liúntas oiliúna a fháil
anuas ar do ghnáthíocaíocht leasa shóisialaigh.