Eolas
Íocaíocht le scrúdú maoine é Pinsean Daill a íoctar leis na daill agus
le daoine atá faoi mhíchumas na súl a bhfuil gnáthchónaí in Éirinn
orthu. An Roinn Coimirce Sóisialaí a dhéanann an íocaíocht. Le bheith i
dteideal an phinsin ní mór scrúdú súl a fháil déanta ag lia oftailmeach
(íocfaidh an Roinn as) ar mhaithe le míchumas na súl a chinntiú.
D'fhéadfadh sé go mbeadh daoine áirid a bhfuil lagú amhairc orthu i
dteideal an phinsin freisin.
Tá an íocaíocht a gheobhaidh tú déanta suas de ráta pearsanta duit
féin agus suimeanna eile do dhuine fásta cáilithe agus aon pháistí
cleithiúnacha (breathnaigh na rátaí thíos). Má fhaigheann tú Pinsean
Daill d’fhéadfadh sé go mbeadh tú in ann Liúntas
Leasa na nDall a fháil freisin. Gheobhaidh tú Pas Saor Thaistil
agus Pas Saor Thaistil Chompánaigh. (Pas Saor Thaistil a thugann deis duit
taisteal ar sheirbhísí iompair phoiblí an Stáit saor in aisce. Tugann Pas
Saor Thaistil Chompánaigh deis do chompánach atá 16 bliana nó ós a chionn
taisteal in éineacht leat in aisce). D'fhéadfadh sé freisin go mbeadh tú i
dteideal liúntas eile, Liúntas
Cónaithe i d'Aonair agus an Scéim
Liúntas don Líon Tí.
Má cheapann tú go raibh cinneadh a tógadh gan Pinsean Daill a thabhairt
duit mícheart, nó má tá tú míshásta maidir le cinneadh a thóg Oifigeach
Leasa Shóisialaigh maidir lena bhfuil tú ina theideal, tá an rogha agat achomharc a
lorg ar an gcinneadh seo.
Rialacha
Más duine dall thú nó má tá tú faoi mhíchumas dona amhairc roimh duit
ocht mbliana déag a bhaint amach ba cheart duit éileamh a dhéanamh ar an
bPinsean seo 4 mhí roimh d'ochtú breithlá déag. (Má tá tú idir 16-18,
d'fhéadfadh sé go mbeadh tú in ann Liúntas Míchumais) a fháil.
Más i ndiaidh duit ocht mbliana déag a bhaint amach a thagann daille nó
míchumas amhairc ort, ba cheart duit iarratas a dhéanamh chomh luath agus a
tharlaíonn sé. Tá sé seo tábhachtach mar ní féidir íocaíocht a
thabhairt ach ón lá a thagann an t-iarratas isteach. Má theastaíonn
cúram lánaimseartha uait d'fhéadfadh sé go mbeadh an cúramaí i dteideal
ceann de na híocaíochtaí seo a leanas - Liúntas Cúramaí nó Sochar Cúramaí.
Is féidir leat 120 euro sa tseachtain a shaothrú ón bhfostaíocht
athshlánaithe roimh don ioncam sin a bheith curtha san áireamh don scrúdú
maoine. Má bhíonn Pinsean Daill ar fáil agat ar feadh dhá mhí déag ar a
laghad, d'fhéadfadh sé go mbeadh tú i dteideal Liúntas Ar
Ais chuig an Obair.
Má bhíonn tú i bhfostaíocht athshlánaithe le tuarastal idir €120 agus
€350 in aghaidh na seachtaine, déanfar ráta aisbhaintí barrchaolaithe 50%
a chur i bhfeidhm.
An Scrúdú maoine
I measc na bpríomhnithe a chuirtear san áireamh mar mhaoin tá:
- Aon ioncam airgid thirim atá agat nó ag do chéile/pháirtnéir
sibhialta/chomhchónaitheoir
- Luach aon choigiltis, infheistíochtaí, scaireanna, talún, & rl
- Aon áitreabh atá agat
- Íocaíocht chothabhála a fhaigheann tú má tá tú tréigthe, scartha
nó páirtnéir sibhialta nach bhfuil ina c(h)ónaí leis an bpáirtnéir
sibhialta eile
Ní chuirtear na nithe seo san áireamh mar mhaoin:
- Do theach cónaithe féin
- Íocaíocht ón Roinn seo atá dhá fháil ag ball eile den líon tí
- Luach an chéad €20,000 de shócmhainní caipitiúla (mar shampla
coigiltis)
- Airgead a fuair tú ó eagraíocht aitheanta carthanachta (gan údarás
poiblí nó áitiúil a bheith san áireamh)
- An chuid chothabhála de dheontas ard aoideachais a íoctar ar do shon,
ar son duine fhásta cháilithe nó ar son leanaí cleithiúnacha i leith
cúrsaí faoi leith
- Ioncam go huasteorainn faoi leith ón bhfostaíocht athshlánaithe
- Ioncam ó thraenáil athshlánaithe
- Liúntas Cúraim
Bhaile a íoctar ar son leanaí cleithiúnacha
- Sochar
Leanaí, Liúntas
Breise Leasa ná liúntais a íocann na boird sláinte i dtaobh leanaí
atá faoi chúram altrama nó gaolta
- Liúntas
Soghluaisteachta ón Roinn Sláinte agus Leanaí.
Ioncam ón bhfostaíocht ócáideach leis an mbord sláinte mar chúramaí
baile.
Achomharc a dhéanamh maidir le d'éileamh
Má tá tú míshásta le cinneadh a bhaineann le d'éileamh ar Phinsean na
nDall is féidir leat achomharc a dhéanamh. Léigh tuilleadh maidir le córas
achomhairc leasa shóisialaigh anseo.