Is infheidhmithe ó 2 Iúil go 31 Nollaig 2011 iad na rátaí ÁSPC a thugtar sna táblaí seo a leanas agus cuimsíonn siad an Ranníocaíocht Árachais Shóisialaigh, a bhaineann leis an ioncam uile sa bhliain 2011.
Tabhair do d’aire, le do thoil, go bhfuil deireadh curtha leis an Ranníocaíocht Sláinte agus go bhfuil Muirear Sóisialta Uilíoch nua curtha ina ionad (chun a thuilleadh eolais a fháil, logáil isteach ar www.revenue.ie).
Sa bhliain 2011, áiríonn roinnt fo-aicmí (Mar shampla: AL agus A1) na rátaí céanna. Is scáil é seo ar mhuirear na Ranníocaíochta Sláinte a bheith bainte d’fho-aicmí áirithe.
De thoradh an athraithe seo, ní hann a thuilleadh d’fho-aicmí eile,mar A2, B2, C2, D2, H2, J2 agus S2 ach coinnítear san fhoilseachán seo iad ionas nach gá athruithe suntasacha a dhéanamh ar na córais phárolla ó thaobh bogadh ó 2010 go 2011.
Ní gá an fho-aicme ÁSPC a athrú mar gheall ar dheireadh a bheith curtha leis an Ranníocaíocht Sláinte. Mar shampla, leanfaidh siad siúd a d’íoc Fo-aicme A1 i 2010 d’Fho-aicme A1 a íoc i 2011 (agus talamh slán á dhéanamh de gurb ionann a gcuid pá).
Sealbhóirí Oifige
Íocfaidh sealbhóirí oifige ÁSPC ag ráta 4% ar an ioncam uile, más rud é go bhfuil a n-ioncam os cionn €5,200 sa bhliain. Ba chóir iad a thuairisciú ar Aicme K.
Ioncam ar fiú €100 nó níos lú é
TÁBHACHTACH: Daoine nach bhfuil faoi dhliteanas, mar dhaoine a fhaigheann pinsin cheirde agus sealbhóirí oifige poiblí a bhfuil ioncam seachtainiúil €100 nó níos lú acu, ba chóir iad a thuairisciú ar Aicme M.
Aicmí ÁSPC B,C agus D
Íocfaidh Aicmí ÁSPC B, C agus D ÁSPC ag 0.9% suas go €1,443 sa tseachtain agus 4% os cionn €1,443 sa tseachtain.
Díolúine ó ÁSPC ar thuilleamh íseal
Fostaithe atá faoi chumhdach Aicmí A, B, C, D, E agus H agus a bhfuil pá seachtainiúil ináirithe €352 nó níos lú acu, tá siad díolmhaithe ó ÁSPC a íoc i gcomhair na seachtaine sin. Ní mór, áfach, don fhostóir a scair den ÁSPC a íoc mar is gnách. Ní rachaidh sé seo i bhfeidhm ar theidlíochtaí na bhfostaithe ar shochair ná ar phinsin. Fostaithe a luainíonn a bpá seachtainiúil os cionn agus faoi bhun na teorann díolúine €352, níl siad i dteideal aisíoca bliantúla.
Liúntas Saor-ó-ÁSPC an Fhostóra
Tá ÁSPC an Fhostóra i gcás na daoine úd a thuilleann níos lú ná €356 sa tseachtain nó a mhacasamhail laghdaithe faoina leath.
Liúntas Saor-ó-ÁSPC an Fhostaí
Fanann an Liúntas Saor-ó-ÁSPC ag €127 sa tseachtain i gcás fostaithe in Aicmí A agus H a thuilleann níos mó ná €352 agus ag €26 sa tseachtain i gcás na bhfostaithe go léir in Aicmí B, C agus D.
Ní bhaineann an liúntas le hábhar ach i gcás seachtainí fostaíochta inárachais ina n-íoctar ÁSPC. Cuimhnigh nach dtéann an liúntas seo i bhfeidhm ar na holltairseacha seachtainiúla ináirithe pá ó thaobh an fho-aicme iomchuí ranníocaíochta a chinneadh.
Ranníocaíochtaí i gcás daoine féinfhostaithe
Daoine féinfhostaithe ag a bhfuil ioncam iomlán €5,000 nó níos mó sa bhliain chánach 2011, íocann siad ranníocaíochtaí árachais shóisialaigh d’Aicme S. Íoctar na ranníocaíochtaí ar ollioncam duine lúide liúntais chaipitil agus aoisliúntas incheadaithe. Tugtar cuntas anseo thíos ar na socruithe chun ranníocaíochtaí féinfhostaithe a íoc.
-
Iad siúd a íocann a gcáin go díreach leis an Ard-Bhailitheoir, íocfaidh siad a Ranníocaíocht Árachais Shóisialaigh i dteannta a gcánach ioncaim. Beidh orthu Ranníocaíocht Árachais Shóisialaigh 4% den ioncam uile, nó €253, cibé ceann is mó, a íoc.
-
Iad siúd a íocann cáin ÍMAT, bainfidh a bhfostóirí na ranníocaíochtaí as a n-ioncam.
-
Iad siúd ar inis Cigire Cánach dóibh nach gá dóibh tuairisceán ar ioncam a thabhairt, ní mór dóibh ranníocaíocht ar ráta cothrom €157 a íoc leis an Roinn seo.
-
Iad siúd a dtagann a bpríomhioncam ón scairiascaireacht agus a rangaíodh mar dhaoine féinfhostaithe, féadfaidh siad ranníocaíocht bhreise a íoc i leith sochar áirithe faoi Aicme P. Mar aon leis an ranníocaíocht Aicme S, íocfaidh siad ranníocaíocht 4% den ioncam uile thar an Liúntas Saor-ó-ÁSPC €2,500 sa bhliain nó €200, cibé ceann is mó.
Ranníocaíochtaí deonacha
Mura bhfuil tú faoi chumhdach an ÁSPC ar bhonn éigeantach a thuilleadh, mar fhostaí nó mar dhuine féinfhostaithe, agus má tá tú faoi bhun 66 bliana d’aois, féadfaidh tú a bheith árachaithe ar bhonn deonach, ar chuntar go gcomhlíonfaidh tú coinníollacha áirithe. Déantar an méid de Ranníocaíocht Dheonach in aon bhliain ranníocaíochta a áireamh mar chéatadán de d’ioncam ináirithe, faoi réir íosíocaíochta agus uasíocaíochta. Tá trí ráta ann i gcomhair ranníocaíochtaí deonacha:
Sochair a chlúdaítear as ÁSPC Ranníocaíochtaí deonacha
| Ráta Ard: |
Ráta íseal: |
Ráta speisialta: |
Sochair a chlúdaítear: |
| Tá |
Níl |
Níl |
Pinsean Stáit (Eatramhach) |
| Tá |
Níl |
Tá |
Pinsean Stáit (Ranníocach) |
| Tá |
Tá |
Tá |
Pinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Ranníocach) |
| Tá |
Tá |
Tá |
Íocaíocht don Chaomhnóir (Ranníocach) |
| Tá |
Tá |
Tá |
Deontas Méala |
Ráta ard: 6.6% do dhaoine a d'íoc ÁSPC ag Aicmí A, E agus H an uair dheireanach
Ráta íseal: 2.6% do dhaoine a d'íoc ÁSPC ag Aicmí B, C agus D an uair dheireanach
Ráta speisialta: Ráta cothrom €253 do dhaoine a d'íoc ÁSPC ag Aicme S an uair dheireanach.
Chun a thuilleadh eolais a fháil, logáil isteach ar 'www.welfare.ie'.
Rátaí ranníocaíochta ÁSPC:
Aicme A
Fo-Aicme A0
| Banda pá seachtainiúil |
Cé mhéid den phá seachtainiúil |
An t-ioncam uile
Fostaí |
An t-ioncam uile
Fostóir |
|
€38 - €352
|
É go léir
|
Dada
|
4.25%
|
Fo-Aicme AX
| Banda pá seachtainiúil |
Cé mhéid den phá seachtainiúil |
An t-ioncam uile
Fostaí |
An t-ioncam uile
Fostóir |
|
€352.01 - €356
|
An chéad €127
|
Dada
|
4.25%
|
|
Iarmhéid
|
4.00%
|
4.25%
|
Fo-Aicme AL
| Banda pá seachtainiúil |
Cé mhéid den phá seachtainiúil |
An t-ioncam uile
Fostaí |
An t-ioncam uile
Fostóir |
|
€356.01 - €500
|
An chéad €127
|
Dada
|
10.75%
|
|
Iarmhéid
|
4.00%
|
10.75%
|
Fo-Aicme A1
| Banda pá seachtainiúil |
Cé mhéid den phá seachtainiúil |
An t-ioncam uile
Fostaí |
An t-ioncam uile
Fostóir |
|
Nios mó ná €500
|
An chéad €127
|
Dada
|
10.75%
|
|
Iarmhéid
|
4.00%
|
10.75%
|
Fo-Aicme A2 (féach nóta)
| Banda pá seachtainiúil |
Cé mhéid den phá seachtainiúil |
An t-ioncam uile
Fostaí |
An t-ioncam uile
Fostóir |
|
Níos mó ná €500
|
An chéad €127
|
Dada
|
10.75%
|
|
Iarmhéid
|
4.00%
|
10.75%
|
Nóta:
Roimh an mbliain 2011, bhain Fo-aicme A2 le sealbhóirí cárta leighis agus le daoine a raibh Pinsean Baintrí nó Baintrí Fir Leasa Shóisialaigh, Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora nó Sochar nó Liúntas do Bhanchéile Thréigthe á fháil acu.
Rannpháirtithe Fostaíochta Pobail amháin
Fo-Aicme A8
| Teorainneacha Seachtainiúla |
Cé mhéid den phá seachtainiúil |
An t-ioncam uile
Fostaí |
An t-ioncam uile
Fostóir |
|
Suas go €352
|
É go léir
|
Dada
|
0.50%
|
Fo-Aicme A9
| Teorainneacha Seachtainiúla |
Cé mhéid den phá seachtainiúil |
An t-ioncam uile
Fostaí |
An t-ioncam uile
Fostóir |
|
Níos mó ná €352
|
An chéad €127
|
Dada
|
0.50%
|
|
Iarmhéid
|
4.00%
|
0.50%
|
Daoine in Aicme A
- Daoine i bhfostaíocht thionsclaíoch, tráchtála agus de chineál seirbhíse a fhostaítear faoi chonradh seirbhíse ag a bhfuil pá ináirithe €38 nó níos mó sa tseachtain ó gach fostaíocht.
- Státseirbhísigh agus Seirbhísigh Phoiblí a earcaíodh ó 6 Aibreán 1995
Sochair Aicme A
- Sochar do Lucht Cuardaigh Fostaíochta
- Sochar Breoiteachta
- Sochar Máithreachais
- Sochar Uchtaíoch
- Sochar Sláinte agus Sábháilteachta
- Pinsean Easláine
- Pinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Ranníocach)
- Íocaíocht don Chaomhnóir (Ranníocach)
- Pinsean Stáit (Ranníocach)
- Pinsean Stáit (Eatramhach)
- Deontas Méala
- Sochar Cóireála
- Sochair Dhíobhálacha Ceirde
- Sochar Cúramóra
Aicme J
Fo-Aicme J0
| Banda pá seachtainiúil |
Cé mhéid den phá seachtainiúil |
An t-ioncam uile
Fostaí |
An t-ioncam uile
Fostóir |
|
Suas go €500
|
É go léir
|
Dada
|
0.50%
|
Fo-Aicme J1
| Banda pá seachtainiúil |
Cé mhéid den phá seachtainiúil |
An t-ioncam uile
Fostaí |
An t-ioncam uile
Fostóir |
|
Níos mó ná €500
|
É go léir
|
Dada
|
0.50%
|
Fo-Aicme J2 (féach nóta)
| Banda pá seachtainiúil |
Cé mhéid den phá seachtainiúil |
An t-ioncam uile
Fostaí |
An t-ioncam uile
Fostóir |
|
Níos mó ná €500
|
É go léir
|
Dada
|
0.50%
|
Nóta:
Roimh an mbliain 2011, bhain Fo-aicme J2 le sealbhóirí cárta leighis agus le daoine a raibh Pinsean Baintrí nó Baintrí Fir Leasa Shóisialaigh, Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora nó Sochar nó Liúntas do Bhanchéile Thréigthe á fháil acu.
Daoine in Aicme J
- De ghnáth, daoine ag a bhfuil pá ináirithe faoi bhun €38 sa tseachtain (ó gach fostaíocht). Tá líon beag fostaithe inárachaithe ag Aicme J, áfach, is cuma cé mhéid airgid a thuilleann siad, mar fhostaithe atá thar 66 bliana d'aois nó daoine i bhfo-fhostaíocht. Chun a thuilleadh eolais a fháil, logáil isteach ar 'www.welfare.ie'
Sochair Aicme J
- Sochar Díobhálacha Ceirde.
Aicme E
Fo-Aicme E0
| Banda pá seachtainiúil |
Cé mhéid den phá seachtainiúil |
An t-ioncam uile
Fostaí |
An t-ioncam uile
Fostóir |
|
Suas go €352
|
É go léir
|
Dada
|
6.87%
|
Fo-Aicme E1
| Banda pá seachtainiúil |
Cé mhéid den phá seachtainiúil |
An t-ioncam uile
Fostaí |
An t-ioncam uile
Fostóir |
|
Níos mó ná €352
|
An chéad €127
|
Dada
|
6.87%
|
|
Iarmhéid
|
3.33%
|
6.87%
|
Daoine in Aicme E
- Ministrí Reiligiúin arna bhfostú ag Comhlacht Ionadaíoch Eaglais na hÉireann. Íoctar ÁSPC faoin gCóras Bailiúcháin Speisialta.
Sochair Aicme E
- Sochar Breoiteachta
- Sochar Máithreachais
- Sochar Uchtaíoch
- Sochar Sláinte agus Sábháilteachta
- Pinsean Easláine
- Pinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Ranníocach)
- Íocaíocht don Chaomhnóir (Ranníocach)
- Pinsean Stáit (Ranníocach)
- Pinsean Stáit (Eatramhach)
- Deontas Méala
- Sochar Cóireála
- Sochar Cúramóra
Aicme B
Fo-Aicme B0
| Banda pá seachtainiúil |
Cé mhéid den phá seachtainiúil |
An t-ioncam uile
Fostaí |
An t-ioncam uile
Fostóir |
|
Suas go €352
|
É go léir
|
Dada
|
2.01%
|
Fo-Aicme BX
| Banda pá seachtainiúil |
Cé mhéid den phá seachtainiúil |
An t-ioncam uile
Fostaí |
An t-ioncam uile
Fostóir |
|
€352.01 - €500
|
An chéad €26
|
Dada
|
2.01%
|
|
Iarmhéid
|
0.90%
|
2.01%
|
Fo-Aicme B1
| Banda pá seachtainiúil |
Cé mhéid den phá seachtainiúil |
An t-ioncam uile
Fostaí |
An t-ioncam uile
Fostóir |
|
Níos mó ná €500
|
An chéad €26
|
Dada
|
2.01%
|
|
€26.01 - €1,443
|
0.90%
|
2.01%
|
|
Iarmhéid
|
4.00%
|
2.01%
|
Fo-Aicme B2 (see note)
| Banda pá seachtainiúil |
Cé mhéid den phá seachtainiúil |
An t-ioncam uile
Fostaí |
An t-ioncam uile
Fostóir |
|
Níos mó ná €500
|
An chéad €26
|
Dada
|
2.01%
|
|
€26.01 - €1,443
|
0.90%
|
2.01%
|
|
Iarmhéid
|
4.00%
|
2.01%
|
Nóta:
Roimh an mbliain 2011, bhain Fo-aicme B2 le sealbhóirí cárta leighis agus le daoine a raibh Pinsean Baintrí nó Baintrí Fir Leasa Shóisialaigh, Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora nó Sochar nó Liúntas do Bhanchéile Thréigthe á fháil acu.
Daoine in Aicme B
- Státseirbhísigh bhuana inphinsin a earcaíodh roimh 6 Aibreán 1995
- Dochtúirí agus fiaclóirí cláraithe a fhostaítear sa Státseirbhís
- Gardaí a earcaíodh roimh 6 Aibreán 1995
Sochair Aicme B
- Pinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Ranníocach)
- Íocaíocht don Chaomhnóir (Ranníocach)
- Sochair Theoranta Dhíobhálacha Ceirde
- Deontas Méala
- Sochar Cúramóra
Aicme C
Fo-Aicme C0
| Banda pá seachtainiúil |
Cé mhéid den phá seachtainiúil |
An t-ioncam uile
Fostaí |
An t-ioncam uile
Fostóir |
|
Suas go €352
|
É go léir
|
Dada
|
1.85%
|
Fo-Aicme CX
| Banda pá seachtainiúil |
Cé mhéid den phá seachtainiúil |
An t-ioncam uile
Fostaí |
An t-ioncam uile
Fostóir |
|
€352.01 - €500
|
An chéad €26
|
Dada
|
1.85%
|
|
Iarmhéid
|
0.90%
|
1.85%
|
Fo-Aicme C1
| Banda pá seachtainiúil |
Cé mhéid den phá seachtainiúil |
An t-ioncam uile
Fostaí |
An t-ioncam uile
Fostóir |
|
Níos mó ná €500
|
An chéad €26
|
Dada
|
1.85%
|
|
€26.01 - €1,443
|
0.90%
|
1.85%
|
|
Iarmhéid
|
4.00%
|
1.85%
|
Fo-Aicme C2 (féach nóta)
| Banda pá seachtainiúil |
Cé mhéid den phá seachtainiúil |
An t-ioncam uile
Fostaí |
An t-ioncam uile
Fostóir |
|
Níos mó ná €500
|
An chéad €26
|
Dada
|
1.85%
|
|
€26.01 - €1,443
|
0.90%
|
1.85%
|
|
Iarmhéid
|
4.00%
|
1.85%
|
Nóta:
Roimh an mbliain 2011, bhain Fo-aicme C2 le sealbhóirí cárta leighis agus le daoine a raibh Pinsean Baintrí nó Baintrí Fir Leasa Shóisialaigh, Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora nó Sochar nó Liúntas do Bhanchéile Thréigthe á fháil acu.
Daoine in Aicme C
- Oifigigh Choimisiúnta an Airm agus baill de Sheirbhís Altranais an Airm, a earcaíodh roimh 6 Aibreán 1995
Sochair Aicme C
- Pinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Ranníocach)
- Íocaíocht don Chaomhnóir (Ranníocach)
- Deontas Méala
- Sochar Cúramóra
Aicme D
Fo-Aicme D0
| Banda pá seachtainiúil |
Cé mhéid den phá seachtainiúil |
An t-ioncam uile
Fostaí |
An t-ioncam uile
Fostóir |
|
Suas go €352
|
É go léir
|
Dada
|
2.35%
|
Fo-Aicme DX
| Banda pá seachtainiúil |
Cé mhéid den phá seachtainiúil |
An t-ioncam uile
Fostaí |
An t-ioncam uile
Fostóir |
|
€352.01 - €500
|
An chéad €26
|
Dada
|
2.35%
|
|
Iarmhéid
|
0.90%
|
2.35%
|
Fo-Aicme D1
| Banda pá seachtainiúil |
Cé mhéid den phá seachtainiúil |
An t-ioncam uile
Fostaí |
An t-ioncam uile
Fostóir |
|
Níos mó ná €500
|
An chéad €26
|
Dada
|
2.35%
|
|
€26.01 - €1,443
|
0.90%
|
2.35%
|
|
Iarmhéid
|
4.00%
|
2.35%
|
Fo-Aicme D2 (féach nóta)
| Banda pá seachtainiúil |
Cé mhéid den phá seachtainiúil |
An t-ioncam uile
Fostaí |
An t-ioncam uile
Fostóir |
|
Níos mó ná €500
|
An chéad €26
|
Dada
|
2.35%
|
|
€26.01 - €1,443
|
0.90%
|
2.35%
|
|
Iarmhéid
|
4.00%
|
2.35%
|
Nóta:
Roimh an mbliain 2011, bhain Fo-aicme D2 le sealbhóirí cárta leighis agus le daoine a raibh Pinsean Baintrí nó Baintrí Fir Leasa Shóisialaigh, Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora nó Sochar nó Liúntas do Bhanchéile Thréigthe á fháil acu.
Daoine in Aicme D
- Fostaithe buana inphinsin sa tseirbhís phoiblí seachas iad siúd a luaitear in Aicmí B agus C, a earcaíodh roimh 6 Aibreán 1995
Sochair Aicme D
- Pinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Ranníocach)
- Íocaíocht don Chaomhnóir (Ranníocach)
- Sochair Dhíobhálacha Ceirde
- Deontas Méala
- Sochar Cúramóra
Aicme H
Fo-Aicme H0
| Banda pá seachtainiúil |
Cé mhéid den phá seachtainiúil |
An t-ioncam uile
Fostaí |
An t-ioncam uile
Fostóir |
|
Suas go €352
|
É go léir
|
Dada
|
10.05%
|
Fo-Aicme HX
| Banda pá seachtainiúil |
Cé mhéid den phá seachtainiúil |
An t-ioncam uile
Fostaí |
An t-ioncam uile
Fostóir |
|
€352.01 - €500
|
An chéad €127
|
Dada
|
10.05%
|
|
Iarmhéid
|
3.90%
|
10.05%
|
Fo-Aicme H1
| Banda pá seachtainiúil |
Cé mhéid den phá seachtainiúil |
An t-ioncam uile
Fostaí |
An t-ioncam uile
Fostóir |
|
Níos mó ná €500
|
An chéad €127
|
Dada
|
10.05%
|
|
Iarmhéid
|
3.90%
|
10.05%
|
Fo-Aicme H2 (féach nóta)
| Banda pá seachtainiúil |
Cé mhéid den phá seachtainiúil |
An t-ioncam uile
Fostaí |
An t-ioncam uile
Fostóir |
|
Níos mó ná €500
|
An chéad €127
|
Dada
|
10.05%
|
|
Iarmhéid
|
3.90%
|
10.05%
|
Nóta:
Roimh an mbliain 2011, bhain Fo-aicme H2 le sealbhóirí cárta leighis agus le daoine a raibh Pinsean Baintrí nó Baintrí Fir Leasa Shóisialaigh, Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora nó Sochar nó Liúntas do Bhanchéile Thréigthe á fháil acu.
Daoine in Aicme H
- Oifigigh Neamhchoimisiúnta agus pearsanra liostáilte d'Óglaigh na hÉireann
Sochair Aicme H
- Sochar do Lucht Cuardaigh Fostaíochta
- Sochar Breoiteachta
- Sochar Máithreachais
- Sochar Uchtaíoch
- Sochar Sláinte agus Sábháilteachta
- Pinsean Easláine
- Pinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Ranníocach)
- Íocaíocht don Chaomhnóir (Ranníocach)
- Pinsean Stáit (Ranníocach)
- Pinsean Stáit (Eatramhach)
- Deontas Méala
- Sochar Cóireála (Ní íoctar ach sochair áirithe le linn seirbhíse)
- Sochar Cúramóra
Aicme K
Aicme K - Níl aon uasteorainn
| Banda pá seachtainiúil |
Cé mhéid den phá seachtainiúil |
An t-ioncam uile
Fostaí |
An t-ioncam uile
Fostóir |
|
Suas go €100
Níl aon ranníocaíocht iníoctha. Taifead faoi Aicme M
|
É go léir
|
Dada
|
Dada
|
Fo-Aicme K1 - Níl aon uasteorainn
| Banda pá seachtainiúil |
Cé mhéid den phá seachtainiúil |
An t-ioncam uile
Fostaí |
An t-ioncam uile
Fostóir |
|
Níos mó ná €100
|
É go léir
|
4.00%
|
Dada
|
Daoine in Aicme K
- Sealbhóirí Oifige Poiblí áirithe ag a bhfuil ioncam os cionn €100 sa tseachtain (Ar na sealbhóirí oifige poiblí lena mbaineann an aicme seo tá an tUachtarán, sealbhóir “oifige cáiliúcháin”, comhaltaí den Oireachtas agus an bhreithiúnacht, breithiúna míleata áirithe, an tArd-Aighne, an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste, comhaltaí d’údarás áitiúil agus comhaltaí áirithe de Pharlaimint na hEorpa).
Níl aon sochar faoi Aicme K.
Aicme M - Níl aon ranníocaíocht iníoctha
Daoine in Aicme M
- Daoine nach bhfuil faoi dhliteanas ranníocaíochta, mar fhostaithe atá faoi bhun 16 bliana d'aois nó daoine in Aicme K nach bhfuil faoi dhliteanas ranníocaíochta
Sochair Aicme M
- Sochair Dhíobhálacha Ceirde, i gcásanna áirithe
Aicme S - Níl aon uasteorainn
Fo-Aicme S0
| Banda pá seachtainiúil |
Cé mhéid den phá seachtainiúil |
An t-ioncam uile |
|
Suas go €500
|
É go léir
|
4.00%
|
Fo-Aicme S1
| Banda pá seachtainiúil |
Cé mhéid den phá seachtainiúil |
An t-ioncam uile |
|
Nios mó ná €500
|
É go léir
|
4.00%
|
Fo-Aicme S2 (féach nóta)
| Banda pá seachtainiúil |
Cé mhéid den phá seachtainiúil |
An t-ioncam uile |
|
Nios mó ná €500
|
É go léir
|
4.00%
|
Nóta:
Roimh an mbliain 2011, bhain Fo-aicme S2 le sealbhóirí cárta leighis agus le daoine a raibh Pinsean Baintrí nó Baintrí Fir Leasa Shóisialaigh, Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora nó Sochar nó Liúntas do Bhanchéile Thréigthe á fháil acu.
Daoine in Aicme S
- Daoine féinfhostaithe, lena n-áirítear stiúrthóirí cuideachta áirithe agus daoine áirithe ag a bhfuil ioncam ó infheistíochtaí agus ó chíosanna. Logáil isteach ar 'www.welfare.ie' chun a thuilleadh eolais a fháil.
Is í an íos-ranníocaíocht bhliantúil i gcomhair Aicme S ná €253 i leith na bliana 2011.
Sochair Aicme S
- Pinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Ranníocach)
- Íocaíocht don Chaomhnóir (Ranníocach)
- Pinsean Stáit (Ranníocach)
- Sochar Máithreachais
- Sochar Uchtaíoch
- Deontas Méala
Aicme P
Aicme P (roghnach)
| |
An t-ioncam uile |
| An chéad €2,500 sa bhliain |
Dada
|
| Iarmhéid |
4.00%
|
Daoine in Aicme P
- Scairiascairí a rangaítear mar dhaoine féinfhostaithe agus a íocann ÁSPC cheana faoi Aicme S.
Tá an ranníocaíocht seo de bhreis ar an ÁSPC a íocadh faoi Aicme S.
Is í an íos-ranníocaíocht bhliantúil i gcomhair Aicme P ná 4% den ioncam uile nó €200, cibé ceann is mó, i leith na bliana 2011.
Sochair Aicme P
- Sochar Teoranta do Lucht Cuardaigh Fostaíochta
- Sochar Teoranta Breoiteachta
- Sochar Cóireála