Má dhiúltaítear don iarratas agus má tá an fostóir míshásta leis an gcinneadh féadfaidh sé nó sí athbhreithniú a iarraidh (i scríbhinn) ón oifigeach atá i bhfeighil na rannóige, agus aon fhianaise nua is taca don iarratas ar athbhreithniú a cheangal leis.