Má tá tú míshásta le cinneadh a rinne Oifigeach Breithiúnachta, ba cheart duit achomharc a dhéanamh taobh istigh de 21 lá ó insíodh an scéal duit. Tá sé de rogha ag an bPríomh-Oifigeach Achomhairc an tréimhse seo a shíneadh i gcásanna áirithe.
Is féidir achomharc a dhéanamh trí fhoirm a chomhlánú, ar féidir í a fháil ó d'Oifig áitiúil Leasa Shóisialaigh, nó d'fhéadfá d'achomharc a mhíniú i litir. Is é an rud is tábhachtaí ná go míneofá do chás go hiomlán.
Beidh na daoine san Oifig áitiúil Leasa Shóisialaigh sásta an fhoirm nó an litir a chur ar aghaidh go dtí An Príomh-Oifigeach Achomhairc duit nó is féidir leat í a sheoladh go díreach, go dtí:
An Príomh-Oifigeach Achomhairc
An Oifig Achomharc Leasa Shóisialaigh
Teach D’Olier
Sráid D’Olier
Baile Átha Cliath 2
Ba cheart duit na sonraí seo a leanas a chur san achomharc:
- d'ainm,
- do sheoladh,
- d'Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (Uimh. PSP) (mar an gcéanna leis an uimhir IÁS),
- an cineál íocaíochta ba mhaith leat a éileamh,
- an cinneadh a bhfuil achomharc á dhéanamh agat ina choinne, agus
- na fáthanna a gcreideann tú go bhfuil an cinneadh mícheart.
Ba chóir duit cinneadh scríofa an Oifigigh Breithiúnachta, nó cóip de, a chur san áireamh chomh maith. Cabhróidh sé seo leis an Oifigeach Achomhairc déileáil le d'achomharc.
Más mian leat teacht ar aon eolas nó doiciméid a d'úsáid an tOifigeach Breithiúnachta chun an cinneadh a dhéanamh, téigh i dteaghmháil leis an rannóg den Roinn Gnótthaí Sóisialacha agus Teaghlaighina ndearnadh déileáil le d'iarratas.