Nuair a fhaighimid d'fhoirm nó do litir achomhairc,
cuirfimid admháil chugat. Is gá dúinn í a chur ar aghaidh
go dtí an Roinn ansin, dá dtráchtanna ar na pointí a
dhéanann tú le tacú le do chás. D'fhéadfadh an Roinn a
gcinneadh a athrú ag an am sin, mar gheall ar fhianaise
nua ar bith. Mura n-athraíonn siad an cinneadh,
déanfaidh Oifigeach Achomhairc measúnú ar do chás.
D'fhéadfadh Oifigeach Achomhairc cinneadh éisteacht
bhéil a chur ar siúl i leith d'achomhairc, agus tabharfar
cuireadh duit a bheith i láthair. Ar thaobh eile na seithe,
d'fhéadfadh an tOifigeach Achomhairc a bheith in ann
déileáil le do chás ar bhunús na fianaise scríofa a
chuireann tú ar fáil. Cibé a dhéanfar, cuirfear litir chugat
le toradh d'achomhairc a chur in iúl duit.