Oibríonn an Roinn scéim faoinar féidir le hOibrithe Forbartha Deonacha cáiliú do Ranníocaíochtaí Creidiúnaithe/Curtha Chun Creidmheasa, nó ‘Creidmheasanna OFD’, i leith tréimhse a chaitear i dtír i mbéal forbartha agus i leith aon tréimhse ullmhúcháin roimhe sin.
Tá Creidmheasanna OFD á mbronnadh ón 6 Aibreán 1983.
Féadfaidh na ‘Creidmheasanna’ seo cabhrú leat cáiliú do shochair agus do phinsin leasa shóisialaigh áirithe tar éis duit filleadh abhaile ón tír i mbéal forbartha.
Thairis sin, tá coinníollacha cáiliúcháin áirithe ó thaobh na teidlíochta ar Shochar Máithreachais, ar Shochar Sláinte agus Sábháilteachta, ar Shochar do Lucht Cuardaigh Fostaíochta, ar Shochar Breoiteachta agus ar Shochar Cóireála maolaithe d’Oibrithe Forbartha Deonacha atá fillte abhaile. Mar sin, tá sé tábhachtach a chinntiú go gcuirfidh tú thú féin in aithne mar Oibrí Forbartha Deonach atá fillte abhaile agus éileamh á dhéanamh agat.