dífhostaithe


Print page




Tacaíochtaí do Lucht Cuardaigh Post

Sochar an Chuardaitheora Poist

Má tá tú dífhostaithe d'fhéadfadh sé go gcáileofá le haghaidh Sochar Cuardaitheora Poist atá bunaithe ar do thaifead leasa shóisialaigh. Bunchoinníoll cáilíochta i gcás Sochair an Chuardaitheora Poist ná go gcaithfidh tú a bheith ar fáil le haghaidh obair lánaimseartha.

Liúntas an Chuardaitheora Poist

Má tá tú dífhostaithe d'fhéadfadh sé go gcáileofá le haghaidh Liúntas Cuardaitheora Poist atá bunaithe ar d'acmhainn seachtainiúil.

Ceisteanna Coitianta-Sochar Cuardaitheora Poist/Liúntas Cuardaitheora Poist

Eolas ar na Tacaíochtaí atá ar fáil dóibh siúd atá ag filleadh ar an obair.

Liúntas Forlíontach Leasa

Reáchtálann Oifigigh Leasa Pobail an Liúntas Leasa Forlíontach ar son Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte ag oifigí áitiúla de chuid Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte. Íocaíocht bhunúseach seachtainiúil, ar a dtugtar Liúntas Leasa Forlíontach, atá i gceist sa Scéim um Liúntas Leasa Forlíontach, a íoctar le daoine nach bhfuil a ndóthain acmhainní acu le riar a dhéanamh ar a riachtanais féin agus ar riachtanais aon aosaigh cháilithe nó aon pháistí cháilithe a bhaineann leo.

An Liúntas Forlíontach Leasa-An bhfuilim cáilithe?

Forlíontaí Cíosa

Má tá sé deacair ort an cíos nó an morgáiste a íoc agus má tá íocaíocht leasa shóisialaigh nó íocaíocht de chuid Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte á fáil agat, d'fhéadfadh sé go gcáileofá d''Fhorlíonadh Cíosa nó Ús Morgáiste.

Forlíonadh Úis Mhorgáiste

Má tá sé deacair ort do mhorgáiste a íoc agus má tá íocaíocht leasa shóisialaigh nó íocaíocht de chuid Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte á fáil agat, d'fhéadfadh sé go gcáileofá d''Fhorlíonadh Úis Mhorgáiste

Filleadh ar an Obair

Liúntas um Fhilleadh ar an Obair (Fostaithe)

Má tá íochtaíochtaí áirithe leasa shóisialaigh á fháil agat, féadfaidh an Liúntas um Fhilleadh ar an Obair le haghaidh fostaithe cuisín airgeadais a sholáthar duit chun cabhrú leat filleadh ar an obair. Faoin scéim seo, féadfaidh tú sciar de d'íocaíocht leasa shóisialaigh a choinneáil go ceann trí bliana, gan aon cháin nó ÁSPC a íoc maidir léi.

Daoine atá Dífhostaithe le Tréimhse Fhada

Is é cuspóir an chláir seo dul i ngleic leis na fadhbanna a bhíonn le sárú ag daoine atá dífhostaithe le tréimhse fhada agus iad ag iarraidh filleadh ar an mhargadh saothair. Íocaíocht bhreise de €44.50 sa tseachtain ar feadh suas le sé seachtaine d'oiliúint éigeantach le fostóir atá i gceist sa Liúntas mar aon le haistriú uathoibríoch ina dhiaidh sin chuig an BTWA nuair a fhaigheann an duine fostaíocht rialta. Díríonn an Clár orthu siúd atá ar an mBeochlár le cúig bliana ar a laghad. Féadfaidh daoine atá ag fáil Íocaíocht Teaghlaigh Aontuisimtheora, Liúntas Cúramóra, Liúntas Míchumais agus Pinsean na nDall cáiliú (faoi réir na coinníollach cúig bliana). Lena chois sin gheofar dhá íocaíocht de €254, ceann amháin ag deireadh na sé seachtaine oiliúna agus an dara ceann ag deireadh sé mhí fostaíochta.

Cúnamh Poist Ioncaim

Má tá íocaíocht cuardaitheora poist á fáil agat ar feadh 12 mhí ar a laghad agus má ghlacann tú le post ar feadh 30 uair sa tseachtain ar a laghad, d'fhéadfadh sé go gcáileofá le haghaidh Cúnaimh Poist Ioncaim.

Íocaíocht Leanúnach Linbh

Forálann an scéim seo le haghaidh íocaíocht leanúnach suas le 13 seachtaine, den mhéadú le haghaidh páiste cáilithe i gcás go bhfuil sé iníoctha ag an lánráta, le daoine áirithe a bhí ag fáil íocaíochtaí cuardaitheora poist ar feadh bliana nó níos faide agus a ghlacann le fostaíocht lánaimseartha ar feadh ceithre seachtaine ar a laghad.

Scéim Dreasachta d'Obair Pháirtaimseartha

Ceadaíonn an Scéim Dreasachta d'Obair Pháirtaimseartha do dhaoine áirithe atá dífhostaithe le fada an lá obair pháirtaimseartha a ghlacadh agus liúntas seachtainiúil speisialta a fháil in ionad a n-íocaíocht cuardaitheora poist.

Liúntas Fiontraíochta um Fhilleadh ar an Obair (Féinfhostaithe)

Íocaíocht sheachtainiúil í seo do dhaoine dífhostaithe a bhunaíonn a ngnóthas féin. Ceadaíonn sé duit sciar de d'íocaíocht leasa shóisialaigh a choimeád go ceann ceithre bliana agus ní ghearrtar cáin ná ÁSPC air.

Scéim Shóisialta na Tuaithe

Aistreofar cúram na scéime chuig an Roinn Coimirce Sóisialaí le héifeacht ón 1ú Meán Fómhair 2010. Féachann an Scéim le tacaíocht ioncaim a sholáthar d'fheirmeoirí agus d'iascairí in Éirinn atá ag fáil íocaíochtaí sonraithe leasa shóisialaigh. Mar mhalairt air sin, soláthróidh daoine a bheidh rannpháirteach sa scéim seirbhísí áirithe a rachaidh chun sochair do phobail tuaithe.

Is ar an Roinn Coimirce Sóisialta atá an cúram foriomlán maidir le beartas i dtaca leis an scéim, lena n-áirítear na critéir cháilitheachta. Déanann an Roinn monatóireacht ar chur i bhfeidhm na scéime agus tacaíonn leis na comhlachtai éagsúla a bhainistíonn an scéim ar an leibhéal áitiúil. Féadfaidh an Roinn cigireacht a dhéanamh ar thionscadal ar bith faoin Scéim Shóisialta Tuaithe uair ar bith agus cuairt a thabhairt air. Ar an leibhéal áitiúil, is iad Cuideachtaí Forbartha Áitiúla a bhainistíonn an Scéim, agus Údarás na Gaeltachta i gceantair Ghaeltachta (na Comhlachtaí Cur chun Feidhme a thugtar orthu sin).

Tús – An Tionscnamh Socrúcháin Oibre Pobail

Fógraíodh Tús i mBuiséad 2011 agus sheol an tAire Ó Cuív é an 21 Nollaig 2010. Is iad aidhmeanna Tús deiseanna gearrthéarmacha oibre ar ardchaighdeán a sholáthar dóibh siúd atá dífhostaithe agus seirbhísí áirithe a sholáthar chun tairbhe pobal.

Tacaíochtaí Oideachais do Chuardaitheoirí Poist

Féadfaidh tú buntáiste a bhaint as cúrsa dara leibhéil nó tríú leibhéil lánaimseartha, nó cúrsa oiliúna nó foráis oideachasúil agus leanúint ort ag fáil íocaíocht an chuardaitheora poist. Muna gcáilíonn tú le haghaidh aon cheann de na roghanna seo nó munar mian leat freastal ar chúrsa lánaimseartha, féadfaidh tú freastal ar chúrsa páirtaimseartha.

Liúntas um Fhilleadh ar an Oideachas (Roghanna Dara agus Tríú Leibhéil)

Más mian leat filleadh ar an oideachas, agus freastal ar chúrsa oideachais dara leibhéil ag pobalscoil, scoil chuimsitheach, meánscoil nó gairmscoil, nó ar chúrsa oideachais tríú leibhéil ag ollscoil, coláiste nó institiúid tríú leibhéil, d'fhéadfadh sé go gcáileofá le haghaidh Liúntas um Fhilleadh ar an Oideachas.

Oideachas, Oiliúint agus Forás

Má tá tú ag fáil íocaíocht chuardaitheora poist agus más amhlaidh nach bhfuil do chúrsa roghnaithe clúdaithe faoin Scéim um Fhilleadh ar an Obair, féadfaidh tú an íocaíocht chuardaitheora poist a choimeád agus an cúrsa oideachais, oiliúna agus foráis á dhéanamh agat. Caithfidh sé a bheith soiléir go bhfeabhsóidh an cúrsa d'ionchais fostaíochta.

Comhpháirtíochtaí

Tá raon tacaíochtaí, lena n-áirítear eolas, oiliúint agus cúnamh chun obair a fháil, ar fáil ó do chomhlacht áitiúil comhpháirtíochta.

ÁSPC

Creidiúintí ÁSPC fad a bhítear dífhostaithe

Tugtar creidiúintí go huathoibríoch i gcás aon tréimhse ina bhfaigheann tú Sochar Cuardaitheora Poist. Féadfar 'creidiúintí' a thabhairt chomh maith do thréimsí de Liúntas Cuardaitheora Poist nó má ghlacann tú páirt i scéim oideachais nó obair pháirtaimseartha le haghaidh daoine dífhostaithe.

Má tá tú breoite nó dífhostaithe, d'fhéadfadh sé go gcáileofá le haghaidh 'creidiúintí' fiú muna bhfuil Sochar Breoiteacha nó íocaíocht dífhostaíochta á fáil agat. Féadfaidh sé seo tarlú, mar shampla, sna cásanna seo a leanas:

  • muna bhfuil do dhóthain ranníocaíochtaí ÁSPC agat chun cáiliú le haghaidh sochair;
  • má tá do cháilitheacht ar shochar ídithe agat, nó
  • má tá dícháilithe ó íocaíochtaí dífhostaíochta a fháil, de dheasca aighneas ceirde.

Má tá tú dífhostaithe, féadfaidh tú a bheith i dteideal síniú le haghaidh 'creidiúintí' ag d'Oifig Áitiúil Leasa Shóisialaigh.

Chun 'creidiúintí' a fháil fad a bhíonn tú breoite agus éagumasach chun oibre, caithfidh tú fianaise liachta a sholáthar, chomh fada agus a mhaireann do bhreoiteacht, don:

Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh
P.O. Bosca 1650
Baile Átha Cliath 1
nó teastas dochtúra a chur ar fáil do d'Oifig Áitiúil Leasa Shóisialaigh

Scéim Dhreasachta Post (ÁSPC) d'Fhostóirí

Díolmhaíonn an Scéim Dreasachta Jabanna (ÁSPC) i gcomhair Fostóirí fostóirí óna ndliteanas a gcion d'ÁSPC i leith fostaithe áirithe a íoc ar feadh 12 mhí.

Last modified:15/10/2012
 

 Seirbhísí ar Líne

 
 

 Aimsigh Post

 
Déan cuardach ar post ar JobsIreland
img
 

 Aimsitheoir Intreo/Oifigí Áitiúla

 
Déan cuardach d'oifig áitiúl
img
 

 Ábhair Ghaolmhara

 
 

 Foirmeacha Iarratais

 
 

 Íoslódáilí