Anseo atá tú: Baile > Foirmeacha iarratais chun Íocaíocht Cuardaitheora Poist a éileamh

Foirmeacha iarratais chun Íocaíocht Cuardaitheora Poist a éileamh

Conas Íocaíocht Cuardaitheora Poist a éileamh

Munar éiligh tú íocaíocht cuardaitheora poist riamh cheana nó le breis is dhá bhliain anuas, iarrtar ort foirm iarratais UP 1 a phriontáil.

Má d'éiligh tú í le dhá bhliain anuas, iarrtar ort foirm iarratais UP 6 a phriontáil.

Comhlánaigh an fhoirm agus tabhair leat í go dtí an oifig áitiúil Leasa Shóisialaigh gan mhoill.

Dfhéadfá an íocaíocht a chailliúint muna ndéanann tú an t-éileamh gan mhoill.

Beidh na doiciméid seo a leanas riachtanach chun éileamh a dhéanamh. Ba cheart duit iad a thabhairt leat go dtí an oifig áitiúil in éineacht leis an bhfoirm iarratais.

  • Pas nó Ceadúnas Tiomána
  • Bille teaghlaigh nó doiciméad eile a dheimhneoidh do sheoladh.

Nuair a bheidh tú san oifig áitiúil inseoidh siad duit má bhíonn aon doiciméad eile ag teastáil.

Má fuair tú P45 ón bhfostóir deireanach a bhí agat, ba cheart duit é a thabhairt leat chuig d'oifig áitiúil. Muna bhfuair tú P45 go fóill, ba cheart duit fós glaoch ar an oifig áitiúil chun éileamh a dhéanamh.

Féach liosta Oifigí Áitiúla na Roinne.

Gheobhaidh tú eolas ar Shochar an Chuardaitheora Poist ar leathanach Shochar an Chuardaitheora Poist.

Gheobhaidh tú eolas ar Liúntas an Chuardaitheora Poist ar leathanach Liúntas an Chuardaitheora Poist.

Léadh go cúramach, le do thoil an fógra cóipchirt agus Séanta agus an fógra Príobháide. Teacht ar eolas faoin earnáil phoiblí.