Príobháide
Tá meas ag an Roinn ar chearta a húsáideoirí agus, mar ghnáthriail, ní bhailíonn sí aon fhaisnéis phearsanta. Más rud é go gcuireann úsáideoir faisnéis phearsanta ar fáil go deonach agus iad ag freagairt ceistneora nó suirbhé, ní bhainfear úsáid as na sonraí ach le haghaidh taighde nó anailíse.
Tá tuilleadh eolais maidir le Cosaint Sonraí sa Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh ar fáil ar an leathanch Cosaint Sonraí.
Ní nochtar aon fhaisnéis phearsanta dúinne le linn do dhaoine bheith ag brabhsáil go ginearálta ar an ngréasán, cé go mbeidh faisnéis áirithe ar fáil dúinn trínár soláthróir seirbhísé Idirlín. Seo an fhaisnéis a dtiocfadh léi bheith san áireamh.
- Seoladh loighiciúil an tsoláthróra atá á úsáid agat
- An t-ainm fearainn ardleibhéil a bhí á úsáid agat leis an Idirlíon a rochtain (m.sh. .com, .org srl.)
- An cineál brabhsálaí atá in úsáid agat.
- An dáta agus an t-am a thug tú cuairt ar an suíomh seo againne
- An seoladh Idirlín a d’úsáid tú le nascadh leis an suíomh seo againne.
Úsáidtear cuid den fhaisnéis thuas le staitisticí achomaire a chruthú a chuireann ar ár gcumas roinnt rudaí a dhéanamh – líon na gcuairteoirí chuig ár suíomh a mheas, a aithint cad iad na leathanaigh is minice a úsáidtear agus go ginearálta, cabhrú linn an suíomh a dhéanamh níos so-úsáidte don úsáideoir.
Ní bhaineann an suíomh feidhm as fianáin chun rian a choinneáil ar fhaisnéis phearsanta inaitheanta a chuireann tú faoi bhráid an tsuímh. Bíodh sin mar atá, baineann an Roinn feidhm as fianáin ‘séisiúin’ le dul chun cinn an chustaiméara trí na suíomhanna a rianadh, rud a chuidíonn le slándáil agus sláine na sonraí atá in úsáid a chosaint.