Ráiteas a Iarraidh
Is féidir ráiteas ar íocaíochtaí atá faighte agat a iarraidh ar líne agus cuirfear chugat sa phost é. Má tá níos mó ná íocaíocht amháin á fáil agat, ní mór duit iarratas ar leith a dhéanamh i gcás gach íocaíochta.
Ní gá ráiteas chun críocha cánach a iarraidh ar íocaíochtaí a rinneadh ó 2011 ar aghaidh má tá tú ag fáil Pinsean Stáit (Athrú), Pinsean Stáit (Ranníocach), Pinsean Stáit (Neamhranníocach), Pinsean Míchumais nó Pinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Ranníocach). Tá an t-eolas sin i seilbh na gCoimisinéirí Ioncaim cheana féin. I gcás ina dteastaíonn ráiteas chun críocha cánach maidir leis na blianta roimh 2011 nó tá ráiteas íocaíochtaí uait ar aon chúis eile, i gcás bliain ar bith, ba cheart duit an fhoirm seo a chomhlánú
Cliceáil anseo chun ráiteas a iarraidh