Mar Gheall Orainn
Mar gheall orainn
Ar an leathanach seo gheobhaidh tú eolas ar ról na Roinne, ar eagar na Roinne agus ar an tslí a ndéanaimid ár gcuid oibre. Tá naisc chuig tuarascálacha agus doiciméid bheartais a bhaineann le hábhar le fáil anseo, leis.
Ár nEagraíocht
An tAire
Is í Joan Burton T.D. an tAire Coimirce Sóisialaí. Gheofar próifíl an Aire anseo mar aon le naisc chuig mionteagasc, costais agus cúrsa taistil an Aire.
An Roinn
Is é Ráiteas Misin na Roinne rannpháirteachas gníomhach a chur ar aghaidh sa tsochaí trí thacaíochtaí ioncaim, seirbhísí fostaíochta agus seirbhísí eile a sholáthar. Gheofar foramharc ar obair na Roinne anseo.
An tArd-Rúnaí
Is í Niamh O’Donoghue Ard-Rúnaí na Roinne. Gheofar próifíl an Ard-Rúnaí anseo.
An Bord Bainistíochta
Gheofar eolas ar Bhord Bainistíochta na Roinne, lena n-áirítear cur i láthair a rinneadh os comhair Coistí Oireachais, agus mar sin de anseo.
Struchtúr na hEagraíochta
Foireann de 5,175 a bhí sa Roinn (4,836 post lánaimseartha coibhéiseacha) ag deireadh na bliana 2010. Gheofar eolas níos mionsonraithe anseo mar aon le cairt a thaispeánann struchtúr na heagraíochta.
An tSeirbhís Náisiúnta Fostaíochta agus Teidlíochtaí (NEES)
Tá Seirbhís Náisiúnta Fostaíochta agus Teidlíochtaí (NEES) á bunú ag an Roinn seo, faoi mar a bhforáiltear dó sa Chlár Rialtais. An cuspóir ná soláthar seirbhísí fostaíochtaí agus seirbhísí íocaíochta sochar a chomhtháthú laistigh den Roinn ionas go nascfar na tacaíochtaí ioncaim a íoctar le daoine dífhostaithe le hiarrachtaí na ndaoine sin chun fostaíocht agus deiseanna gaolmhara a fháil agus a n-ionchais saoil a fheabhsú, rud atá chomh tábhachtach céanna, nó níos tábhachtaí, b’fhéidir.
Gheofar breis eolais anseo mar aon le Plean Tionscadail NEES.
Comhlachtaí reachtúla faoinár gcoimirce
Is iad na gníomhaireachtaí reachtúla faoi choimirce na Roinne an Bord Eolais do Shaoránaigh, an Bord Pinsean agus an Binse Leasa Shóisialaigh. Gheofar eolas anseo mar aon le sonraí faoin tslí a líontar folúntais sna comhlachtaí sin.